Ullmhúcháin Ghaelcholáiste Synge sa siúl

Is i nGaeilge a mhúinfear daltaí na chéad bhliana ó Mheán Fómhair 2026 ar aghaidh

Medb Ní Fhearghail a ceapadh le déanaí mar Phríomhoide Tánaisteach ar Ghaelcholáiste Synge.
Grianghraf: Dara Mac Dónaill
Medb Ní Fhearghail a ceapadh le déanaí mar Phríomhoide Tánaisteach ar Ghaelcholáiste Synge. Grianghraf: Dara Mac Dónaill

Reáchtáladh oíche oscailte agus seisiún eolais i nGaelcholáiste Synge Dé Máirt seo caite mar chuid de na hullmhúcháin atá ar bun chun Synge Street CBS a iompú ina scoil lán-Ghaeilge.

Beidh an chéad ghlúin daltaí ag tosú i Meán Fómhair 2026, agus meastar go mbeidh an scoil ar fad ina Gaelcholáiste faoin mbliain 2032.

Is céim mhór é seo i stair an oideachais lán-Ghaeilge i lár Bhaile Átha Cliath agus é ina fhreagra ar éileamh ó phobal na nGaelscoileanna áitiúla.

Bhí suim mhór sa seisiún eolais a tionóladh i halla na scoile, áit ar tháinig tuismitheoirí, múinteoirí agus ionadaithe pobail le chéile chun eolas breise a fháil ar na hathruithe atá le teacht.

Bhí Medb Ní Fhearghail, a ceapadh le déanaí mar Phríomhoide Tánaisteach na scoile, i láthair ag an gcruinniú agus í ag labhairt go poiblí den chéad uair ó shínigh sí a conradh an lá roimhe.

Bhí tionchar láidir ag an bhfeachtas leanúnach Gaelcholáiste 2468 - a bhí faoi stiúir Chonradh na Gaeilge - ar bhunú Ghaelcholáiste Synge. Grianghraf: Alan Betson
Bhí tionchar láidir ag an bhfeachtas leanúnach Gaelcholáiste 2468 - a bhí faoi stiúir Chonradh na Gaeilge - ar bhunú Ghaelcholáiste Synge. Grianghraf: Alan Betson

Ag labhairt di le Scéal, dúirt sí go bhfuil sí ag tnúth le bheith páirteach sa tréimhse athraitheach seo agus go bhfuil sí ag iarraidh comhairle na bpáirtithe uile a chlos.

“Tá mé ag iarraidh tuairimí a fháil ó na múinteoirí agus tuismitheoirí. Beidh cruinniú eile againn mí Feabhra chun níos mó eolais a thabhairt – táimid fós ag breathnú ar céard iad na hábhair a chuirfear ar fáil” a dúirt sí.

“Tá an Roinn Oideachais ag infheistiú a lán airgid sa scoil agus táimid ag súil le ré nua sa scoil, agus tá mé agus beidh mé ag obair go dlúth leis na scoileanna eile atá nasctha lenár scoil.”

“Tá obair ag tarlú ar an bhfoirgneamh le go mbeimid in ann eacnamaíocht bhaile a chur ar fáil.”

Mar chuid den phróiseas aistrithe chun Gaelcholáiste a dhéanamh den scoil, cuirfidh an scoil fáilte roimh chailíní den chéad uair riamh an bhliain seo chugainn agus beidh éiteas comhoideachais ag an scoil chomh maith.

I láthair na huaire, tá an scoil ag dréachtú polasaí maidir le héadaí scoile nua agus tá obair athchóirithe ar siúl i bhfoirgnimh na scoile le leithris do chailíní agus seomraí eile a chur ar fáil.

Mhínigh Ní Fearghail go mbeidh rang na chéad bhliana lonnaithe i mBunscoil Synge an bhliain seo chugainn ach táthar ag súil go bhfreastalóidh daltaí an Ghaelcholáiste ar a gcuid ranganna i bhfoirgneamh na meánscoile an bhliain dár gcionn.

Dúirt sí, “An fáth leis sin ná go bhfuil an bhunscoil ina Gaelscoil cheana féin agus tá pobal lán-Ghaeilge againn ann. Nuair a bhogann siad isteach sa mheánscoil sa dara bliain, beimid in áit dhifriúil san fhoirgneamh.”

Bhí tionchar láidir ag an bhfeachtas leanúnach Gaelcholáiste 2468 - a bhí faoi stiúir Chonradh na Gaeilge - ar bhunú Ghaelcholáiste Synge.

Theastaigh ón bhfeachtas go mbunófaí meánscoil lán-Ghaeilge i lár na príomhchathrach, áit a bhfuil daonra 200,000 ann agus 6 bhunscoil lán-Ghaeilge cheanna féin.

Tá an ghluaiseacht tar éis tacaíocht láidir a fháil ó na Gaelscoileanna áitiúla i lár Bhaile Átha Cliath, rud a bhí le feiceáil go suntasach ag an Blitz Peile 2468 in Inse Chór Dé hAoine seo caite.

Medb Ní Fhearghail: “Tá buíochas mór le gabháil againn le feachtas Gaelcholáiste 2468 freisin mar rinne siad a lán oibre chun an scoil seo a bhunú leis na tuistí agus na múinteoirí." Grianghraf:Dara Mac Dónaill
Medb Ní Fhearghail: “Tá buíochas mór le gabháil againn le feachtas Gaelcholáiste 2468 freisin mar rinne siad a lán oibre chun an scoil seo a bhunú leis na tuistí agus na múinteoirí." Grianghraf:Dara Mac Dónaill

D’fhreastail os cionn 100 dalta as Bunscoil Synge, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg, Scoil Bhríde agus Gaelscoil Eoin ar an gcomórtas peile a reáchtáladh “chun an brú a choinneáil le cinntiú go n-éireoidh go rathúil le forbairt Ghaelcholáiste Synge” dar le lucht eagraithe an imeachta.

Thug Ní Fhearghail aitheantas do na tuismitheoirí agus do na heagraithe a bhí gníomhach sa ghluaiseacht.

“Tá buíochas mór le gabháil againn le feachtas Gaelcholáiste 2468 freisin mar rinne siad a lán oibre chun an scoil seo a bhunú leis na tuistí agus na múinteoirí,” a dúirt sí.

Tharraing an cinneadh chun an scoil a iompú ina Gaelcholáiste neart conspóide i mbliana áfach.

Ghlac múinteoirí CBS Synge Street páirt in agóid i mí na Bealtaine nuair a chuir Cumann na Meánmhúinteoirí in Éirinn (ASTI) in iúl nach raibh comhairliúchán sásúil déanta leis an bhfoireann sula ndearnadh an cinneadh.

Bhí baill foirne agus ceannairí an ASTI, lena n-áirítear an tUachtarán Donal Cremin, i láthair ag an agóid agus léirigh siad a míshástacht leis an bpróiseas.

Dúirt an ASTI ag an am go gcuirfeadh an cinneadh isteach ar shaol oibre na múinteoirí agus go raibh gá práinneach le comhoibriú maidir le huas-oiliúint, amchláir agus acmhainní.

Fógraíodh an cinneadh oifigiúil chun éiteas na scoile a athrú den chéad uair i Meán Fómhair 2024, ach cuireadh ar ceal é i mí Feabhra 2025 sular ceadaíodh arís é mí níos déanaí.

Dúirt múinteoirí nár cuireadh an scoil ar an eolas faoin bplean go dtí an lá roimh an bhfógra oifigiúil ón Roinn Oideachais.

Mhaígh an ASTI i mí Bealtaine freisin go raibh 91% de mhúinteoirí na scoile i gcoinne an aistrithe.

Léirigh polaiteoirí áitiúla - ina measc Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik TD agus an Comhairleoir Danny Byrne ó Fhine Gael - a dtacaíocht le seasamh an ASTI.

In ainneoin na conspóide áfach, dúirt Ní Fhearghail go bhfuil sí ag iarraidh caidreamh dearfach a bheith aici le foireann na scoile agus thug sí le fios nach raibh baint aici leis an scoil roimhe seo.

“Tá mé ag teacht isteach ón taobh amuigh, níl caidreamh agam le haon duine ón scoil. Tá mé nua agus tá mé ag iarraidh go mbeidh caidreamh maith agam le gach duine. Sílim go bhfuil sé beagáinín níos fearr go bhfuil mé ag teacht ón taobh amuigh,” a dúirt sí.

Tuigtear go bhfuil múinteoirí áirithe sa scoil cheana féin tar éis cúrsaí uas-oiliúna a thosú le mbeidh sé ar a gcumas múineadh trí mheán na Gaeilge.

Tuigtear freisin gur tugadh rogha do mhúinteoirí an scoil a fhágáil agus scoil eile a roghnú más rud é nach bhfuil fonn orthu fanacht i scoil lán-Ghaeilge.

Dúirt Ní Fhearghail, “Tá a lán do na múinteoirí ag tabhairt faoi uas-oiliúint anois - tá sé mar pháirt den amchlár. Tá mé sásta cumarsáid shoiléir a dhéanamh leo agus tá suim agam ina gcuid tuairimí.”

Na ranganna a cláraíodh roimh Mheán Fómhair 2026, is trí mheán an Bhéarla a mhúinfear iad, ach is trí mheán na Gaeilge a thosóidh daltaí na chéad bhliana ón mbliain sin ar aghaidh.