25 bliana ealaíonta ar Inis Oírr

Tá Áras Éanna, an t-ionad ealaíon ar Inis Oírr, 25 bliana ar an bhfód i mbliana.

Inis Oírr. Grianghraf: Cormac Coyne.
Inis Oírr. Grianghraf: Cormac Coyne.

Is i monarcha a tógadh don fhíodóireacht atá ceann de na hionaid ealaíon is iartharaí san Eoraip lonnaithe. Ach más ar cheird na fíodóireachta agus ar theicstílí a bhítí le díriú ann tráth, baintear úsáid eile ar fad as an bhfoirgneamh sa lá atá inniu ann.

Is ar an amharclannaíocht agus ar an ealaín a chuirtear an bhéim in Áras Éanna, ionad ealaíon a fhreastalaíonn ar an bpobal áitiúil agus a mheallann ealaíontóirí ó chéin is ó chóngar.

Tá amharclann, stiúideo ealaíne, dhá ghailearaí agus siopa caife sa mhol cruthaitheach seo agus reachtaítear ceolchoirmeacha, taispeántais agus léachtaí go tráthrialta.

Áras Éanna. Grianghraf: Cormac Coyne.
Áras Éanna. Grianghraf: Cormac Coyne.

Is mór an rud é go bhfuil spás ar fáil don chruthaitheacht agus imríonn an t-ionad ról tábhachtach i saol an oileáin. “Tá glúin tógtha ar an oileán a d’fhás suas le healaíontóirí ina measc,” a dúirt Dara McGee, Stiúrthóir Áras Éanna agus é ag caint le Scéal.

Tá árasán agus stiúideo féinchuimsitheach ar an suíomh, áit a gcuirtear lóistín agus spás ar fáil d’ealaíontóirí cruthaitheacha a ghlacann páirt i scéimeanna cónaitheacha an Árais. Tá ealaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta tar éis a gcuid saothar a chur ar taispeáint agus cuirtear suas le sé chónaitheacht déag ar fáil in aghaidh na bliana.

Ní mar sin a bhí i gcónaí, áfach. Tógadh an foirgneamh sna 1980idí mar mhonarcha fíodóireachta, ach níor osclaíodh é mar gheall ar na praghsanna ísle a bhí á ngearradh ar bhréidín.

Taispeántas in Áras Éanna. Grianghraf: Cormac Coyne.
Taispeántas in Áras Éanna. Grianghraf: Cormac Coyne.

Faoi na 1990idí bhí an foirgneamh folamh agus sin nuair a bheartaigh an t-ealaíontóir aitheanta Mick Mulcahy é a úsáid. Bhí air a shaothar a thaispeáint ag an mbiennale idirnáisiúnta in Amstardam agus bhí áit oibre uaidh dá chanbháis mhóra.

Tháinig cairde le Mulcahy le chéile agus rinne siad an cinneadh a shaothar a chur ar taispeáint san fhoirgneamh. Chuir siad cruth ar an áit agus chroch siad na canbháis. B’shin é an chéad taispeántas ealaíne san fhoirgneamh, gníomh as ar eascair Ionad Ealaíon Áras Éanna a osclaíodh ar an láthair in 2000.

Tagann lucht féachana ón mórthír le freastal ar cheolchoirmeacha agus drámaí agus caitheann siad airgead agus iad ar an oileán idir lóistín agus lónadóireacht.

—  

Ó shin i leith cuireadh taispeántais, ceolchoirmeacha, drámaí, damhsaí, léamha agus go leor eile ar siúl san Áras.

Smaoinigh Val Ballance, an chéad stiúrthóir ar Áras Éanna, ar an scéim cónaitheachta a thosú. Suíomh foirfe atá ann, é cois fharraige, le radhairc agus dúlra dosháraithe. I bhfocail Dara McGee, is spás atá ann “d’ealaíontóirí a bheith ag smaoineamh agus ag obair ar a gceird agus iad mar bhaill de phobal Inis Oírr.”

Thug Ballance cuireadh don ealaíontóir Seán Ó Flatharta as Inis Mór a bheith ar an gcéad ealaíontóir cónaithe, agus tá ealaíontóirí Éireannacha, Meiriceánacha, Gearmánacha agus eile tar éis fanacht ar an oileán mar chuid den scéim. Baineann suas le 40 ealaíontóir cónaithe leas as an scéim gach bliain agus tá go leor dá gcuid saothar siúd ar taispeáint mar chuid de cheiliúradh na 25 bliana.

Gné thábhacht den scéim is ea an obair a dhéanann na healaíontóirí leis an bpobal agus reáchtáiltear ceardlanna, cainteanna agus taispeántais sna scoileanna agus glacann siad páirt i ngníomhaíochtaí eile pobail.

“Is minic a bhíonn na healaíontóirí cónaithe páirteach i saol an phobail,” a dúirt McGee.

Imríonn na healaíontóirí agus Áras Éanna dlúthpháirt in ‘Féile an Phobail’ in éineacht le hOifigeach Pleanála Teanga Inis Oírr agus Comhar Chaomháin, comhlacht forbartha pobail neamhbhrabúis an oileáin.

Cuireann Áras Éanna go mór le saibhreas cultúrtha agus sóisialta an oileáin, rud a ndearnadh tomhas air le déanaí mar chuid den obair ar phlean forbartha Áras Éanna.

“Tá na comhairleoirí Bane Mullarkey tar éis staidéar ar Áras Éanna a dhéanamh,” a dúirt McGee.

“Tháinig freagraí an-dearfach ó na maoinitheoirí [An Chomhairle Ealaíon, Comhairle Contae na Gaillimhe, Ealaín na Gaeltachta], na healaíontóirí, an lucht féachana, gnóthaí áitiúla agus an pobal féin,” a dúirt sé.

Bhí Aisling Nic Craith, iar-riarthóir ealaíne de chuid Áras Éanna, ar aon intinn leis. “Tagann lucht féachana ón mórthír le freastal ar cheolchoirmeacha agus drámaí agus caitheann siad airgead agus iad ar an oileán idir lóistín agus lónadóireacht,” a dúirt sí.

Saothar de chuid John Behan, duine de na healaíontóirí a choimisiúnaigh ionad ealaíon Áras Éanna ar Inis Oírr.
Saothar de chuid John Behan, duine de na healaíontóirí a choimisiúnaigh ionad ealaíon Áras Éanna ar Inis Oírr.

Maidir leis an tionchar a bhíonn ag na healaíontóirí ar an bpobal, dúirt sí go mbíonn “níos mó deiseanna ag na scoláirí sa dá scoil ó thaobh na n-ealaíon de - ranganna ealaíne le healaíontóirí proifisiúnta, ceardlanna damhsa, drámaíocht, scríbhneoireacht chruthaitheach agus na taibhealaíona.”

Tá go leor dúshlán roimh an bpobal oileánda agus roimh Áras Éanna. Is pobal beag atá ann agus is ar bhád nó ar eitleán a dhéantar an t-aistear ón oileán go dtí an mórthír.

“Tá costais mhóra ag an ionad freisin,” a dúirt Aisling Nic Craith.

“Cosnaíonn gach ceolchoirm, dráma agus taispeántas níos mó le léiriú mar go mbíonn orainn trealamh a thabhairt ón mórthír, bia, lóistín agus taisteal a chur ar fáil do na healaíontóirí ar fad,” a dúirt sí.

Ceann de na dúshláin is mó ag an ionad, dar le Dara McGee, ná an méid oibre atá le déanamh ag an bhfoireann.

Dúirt sé “go n-oibríonn an fhoireann go fíor-chrua chun 40 cónaitheacht agus clár leathan imeachtaí agus tograí don phobal a chur ar fáil.”

Tá beirt fostaithe go lánaimseartha ag Áras Éanna anois, ach suas go dtí 2022 ní raibh ach duine amháin ann.

Cé go bhfuil deacrachtaí ag Áras Éanna, tá tacaíochtaí ar fáil. Is cúis mhór cheiliúrtha é go bhfuil an t-ionad i bhfad níos mó agus níos láidre anois ná mar a bhí in 2000.

Agus bíonn an tÁras ag plé le cúrsaí ealaíon níos faide i gcéin ná imeallbhord Inis Oírr anois chomh maith. Le trí bliana anuas, tá ceolchoirmeacha, taispeántais agus cónaitheachtaí ealaíontóirí eagraithe acu ar Inis Meáin.

“Tá sé tábhachtach do mhuintir na n-oileán na healaíona a chosaint agus a chur chun cinn. Tar éis 25 bliana anseo, táimid lárnach i saol an oileáin,” a dúirt Dara McGee.

Tá clár cuimsitheach ag an Áras i mbliana mar chomóradh ar na 25 bliana. Breis eolais: aras-eanna.ie