Áirimh agus easnaimh

Cuirtear os ár gcomhair anseo an dara leath den chíoradh ar Bone and Marrow/Cnámh agus Smior. Foilsíodh an chéad chuid an tseachtain seo caite.

Old map of British Islands. Created by Laurence Nowell, published in England, 1564
Ní raibh riamh áit nó ball nó ceantar nó log nó paiste tailimh nach raibh litríocht na Gaeilge á saothrú ann, pé acu scéalta, amhráin, filíocht nó seanchas stairiúil a bhí i gceist. Grianghraf: Getty

Is geall le stair na hÉireann an leabhar seo, ach ní ar an ngnáthchuma a áiríonn dátaí agus cogaí agus fir (fara beagán ban) mhóra. Stair mhothálach na tíre le fírinne atá ann ina bhfuil gach mothú ó mhullach talamh agus ó spéir na gréine anuas á nochtadh ann chomh fírinneach bréagach leis an duine féin. Ach ní stair na hÉireann de réir cháipéisí rialtas na Breataine atá ann, go leor acu a chuaigh le tine sna Ceithre Chúirteanna i rith an chogaidhchathartha, b’fhéidir an t-aon mhaith amháin a tháinig as.

Bone and Marrow/Cnámh agus Smior: An Anthology of Irish Poetry from Medieval to Modern an duanaire d’fhilíocht na Gaeilge is cuimsithí go dtí seo.
Bone and Marrow/Cnámh agus Smior: An Anthology of Irish Poetry from Medieval to Modern an duanaire d’fhilíocht na Gaeilge is cuimsithí go dtí seo.

Ach chomh fairsing leis sin is ea gur geograif chultúrtha atá ann chomh maith céanna. Is fada mé ag áiteamh go bhfuil gá againn go dóite le hAtlas Litríocht na Gaeilge, ceann ina léireofaí na háiteanna agus na hionaid ina raibh an éigse ag feidhmiú le meanmain, cár breacadh na lámhscríbhinní nó leabhair mhóra na hÉireann, cár thuismigh na hamhráin mhóra, cár bailíodh an béaloideas, cad ba logdon Fhiannaíocht, don Rúraíocht, do Scéalaíocht na Ríthe, do rud ar bith, do gach rud a bhaineann linn. Tionscnamh mór do scoláirí agus do gheografaithe a bheadh ann, ach b’fhiú é.

Mar mhalairt lag ar sin, áfach, mheasas leathshúil a chaitheamh ar na háiteanna inar cumadh dánta an leabhair seo, a sheasódh a bheag nó a mhór do gheograif liteartha thurgnamhach ar a laghad. D’fhocail ghearra, mar le craobh na hÉireann san iomáint agus sa pheil, cad iad na contaetha is mó a dhein gaisce sa chomórtas seo ar cheart go mbeadh suim ag gach n-aon ann?

Ceart go leor, agus mea culpa, admhaím nach raibh aon bhrí leis na contaetha céanna go dtí le déanaí aimsire i dtuiscint na ndaoine. Ba chiallmhaire go mór labhairt mar gheall ar Oirialla, nó Osraí, nó Dáil gCais, nó Tír Amhlaigh, nó Múscraí, nó Corca Dorcha ach tá glas na gcontaetha dingthe ionainn in ainneoin ár ndíchill. Tá fadhbanna gan chríoch sa mhéid seo féin toisc sinn a bheith gan eolas ar go leor dár gcuid filí agus scríbhneoirí maidir le cár dhein siad a nead agus cad b’as dóibh ó dhúchas.

Antuairp
Antuairp

Tá cuid anseo istigh ar leor ‘file Ultach’ mar thrácht orthu, beirt ó Chonnachta a luaitear an cúige leo, agus cúpla duine ó Dheasmhumhain ar an gcuma chéanna. Agus na déantar dearmad go bhfuil filí faoi iath na leathanach a bhreac a raibh acu sa Lováin, nó in Antuairp, san Ostair, san Astráil, sna Stáit Aontaithe nó thall thairis gan chinnteacht chomh maith. Bhí na heagarthóirí ar a mionda ag léiriú gur cuid den domhan mór í litríocht na Gaeilge, agus an ceart acu.

Dá leanfaí córas na gcontaetha amháin bheadh cúpla ceann ann anseo nach luafaí in aon chor ach ba chuid riamh iad de cheantar traidisiúnta níos fairsinge.

Ní raibh riamh áit nó ball nó ceantar nó log nó paiste tailimh nach raibh litríocht na Gaeilge á saothrú ann, pé acu scéalta, amhráin, filíocht nó seanchas stairiúil a bhí i gceist.

Is de shuimiúlacht, áfach, nach iad na ceantair Ghaeltachta ná na contaetha ina bhfuil na Gaeltachtaí is iomráití inniu is láidre sna blianta is faide siar dár dtraidisiún. Sa chéad mhíle bliain (tá blas deas ar sin) dár nguth ba shaibhre go mór a raibh á shaothrú ar an imeallbhord thoir agus i lár leamh na tíre ná gach nach raibh á rá sna ceantair níos faide siar a bhféachtar anois orthu mar thobar agus mar fhíordhúchas na Gaeilge. Ar éigean go dtagann ann do na contaetha sin san áireamh go dtí go dtosnaíonn ar chúlú leanúnach na teanga siar ón 17ú haois i leith.

Is de shuimiúlacht, áfach, nach iad na ceantair Ghaeltachta ná na contaetha ina bhfuil na Gaeltachtaí is iomráití inniu is láidre sna blianta is faide siar dár dtraidisiún.

Gaillimh féin, an contae Gaeltachta is mó, lua ar bith níl air go dtí lch. 618, déanach go maith as iomlán 963 leathanach. Agus is ea, Ciarraí chomh maith. Tá nach mór 300 leathanach casta siar againn go dtagaimid ar Mhuiris Mac Dháibhí Dhuibh Mac Gearailt, agus ní file é atá i mbéal an phobail ag an Oireachtas níos mó.

B’fhéidir gur cúrsaí iontais é gurb é Baile Átha Cliath an dara háit is mó a luaitear scríbhneoirí léi sa chuntas seo nach maithfear dom. Is cinnte go mbainfidh sin geit as Aire Oideachais áirithe de chuid an Lucht Oibre a mhaígh uair amháin nár labhraíodh Gaeilge riamh san áit. Is fíor gur le tréimhse na hathbheochana agus ina dhiaidh go leor díobh sin, ach is cinnte gur bhain cuid de na filí dí-ainme leis na mainistreacha agus leis na scoileanna a bhí chomh fairsing sin roimh an ngabháltas.

Tugtar a cheart, áfach, don bhorradh litríochta a bhí san ardchathair san 18ú haois, agus tá ionad tábhachtach ag na scríbhneoirí a lonnaigh inti nó ar de bhunadh na háite iad i gcaibidil a 9 a chuimsíonn an 18ú haois amach go haimsir na gorta. Glacaim leis gurb é Liam Mac Mathúna, an scoláire is mó agus is oilte ar shaol agus ar réimse saoil na héigse le linn an ama sin a roghnaigh an dán ‘Fáilte Romhat go Duibhlinn Daoineach’ le Máire Ní Reachtagáin, mar léiriú ar dhlúthcheangal agus ar dhlúthpháirtíocht na cathrach i saol leathan na tíre seachas sa chúinge Sheoirseach mar a shíleann a lán.

Ach ar eagla go bhfuil an cheist á seachaint agam, is é Corcaigh agus an ceantar máguaird is fairsinge agus is leithne trácht sa chnuasach luachmhar seo, agus cé go samhlófaí gurb é sin a déarfainn, fachtar an leabhar agus déan d’áireamh féin!

Is geall le ceithre dhíolaim déag gach roinn ar leith den leabhar. Bíodh a aighneas féin ag gach duine maidir leis an rogha a déanadh. Luafad dhá chaibidil.

Lillis Ó Laoire
Lillis Ó Laoire

Ba iad Lillis Ó Laoire agus Sorcha Nic Lochlainn a bhí i mbun na caibidle ar thraidisiún amhránaíochta an 19ú haois. An chuid againn ar dóigh linn go bhfuil eolas beag againn ar na hamhráin chéanna agus atá sásta iad a rá i moiche na maidne in eireaball na hoíche bheimis ag coinne leis na cinn mhóra ar nós ‘Dónall Óg’, ‘Sliabh na mBan’, ‘Cath Chéim an Fhia’ nó pé ceann is ansa leat, ach níorbh iad a roghnaíodar in aon chor. Bhíos neamheolach ar ‘Míle Glóir do Dhia’, iomann, abraimis, a bhailigh Séamus Ennis i nGort an Choirce. Nó maidir le síneadh ama de, ‘Tráthnóna Beag Aréir’ a chum Séamus Ó Grianna nó ‘Amhrán Ros Muc’ le John Beag Ó Flaithearta san aois seo caite, ach a bhfuil an bheocht chéanna acu lenár linn féin. Rogha neamhchoitianta éagsúil i leataobh na slí atá déanta ag na heagarthóirí sa chás seo, rogha ar maise agus ar neart ar an gcnuasach trí chéile í.

Baineann na ranna déanacha leis an bhfilíocht a cumadh ó lár na haoise seo caite gus an lá inniu. Is í an chaibidil dhéanach is íogaire agus is seansúla ar fad, ach b’éigean é a dhéanamh: ‘Deireadh an Áil? Glúin Y agus Z’, a bhaineann leis na filí is comhaimseartha den chomhaimsearthacht, iad siúd arb é a ndán a bheith ag cumadh leo sa chéad cheathrú den aois seo a mairimid ann. Is í an deacracht a bhaineann leis seo go bhfuil as dáta an túisce is a dhéantar an rogha. Ní féidir an lá inniu a léamh i láthair míle cúig chéad bliain agus tuilleadh. Ach b’fhiú thar insint an iarracht a dhéanamh. Tá de bhuntáiste ag Brian Ó Conchubhair a dhein an rogha agus gurb é príomhintleacht stiúrtha agus spreagtha an chnuasaigh seo é, go bhfuil cónaí air sna Stáit Aontaithe agus gur bheag an baol go ndéanfar ionsaí air oíche dhorcha ag filleadh ó sheisiún de chuid Imram de bharr faillí a dhéanamh i bhfile éigin as íochtar Bhréifne nár tugadh guth dó. Maidir leis na filí féin, inseoidh an aimsir.

Tá moladh mór ag dul do Wake Forest University Press a bhfuil an fód á sheasamh agus an trumpa á shéideadh acu le fada ar son litríocht na hÉireann a chur os ard sna Stáit Aothaithe agus abhus. Leabhar é seo a thabharfainn liom go dtí oileán fásaigh, ach ní sa chás is go mbeinn ag taisteal le Ryanair. Chosnódh an iomad agus ní fhéadfaí a luach a mheas.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar