Thart ar 388,400 éisteoir míosúil a thugann cluas don bhanna The Velvet Sundown ar Spotify: banna ina bhfuil an príomhamhránaí Gabe Farrow in éindí leis an ngiotáraí Lennie West, Milo Rains ar an dordghiotár agus an drumadóir Orion ‘Rio’ Del Mar. Foinn éadroma neamhchasta psych-rac agus folk, spreagtha is dócha ag leithéidí Crosby Stills and Nash, faoi ainm a thagraíonn do The Velvet Underground.
B’ait, agus lucht éisteachta chomh mór sin acu, nár chas an banna ag aon mhórfhéile shamhraidh, ná ceolchoirm dá gcuid féin. B’ait gur eisíodh dhá albam as a chéile mar thús gairme. Is iomaí rud atá ait fúthu: glórtha éagsúla ar chuile rian; cosúlacht na rianta féin lena chéile; easpa eolais maidir le baill an bhanna (níl cuntais shóisialta acu ná agallaimh leo sna meáin). Ní ann dóibh, ar bhealach. Nó, le bheith beacht, ní ann dóibh ar chor ar bith. Óir is táirge IS (intleacht shaorga) The Velvet Sundown, fíric a chur dallamullóg ar go leor daoine. Neadaíodh an banna i seinnliostaí na n-ardán sruthaithe agus moladh iad amhail is gur gnáthcheol nua-eisithe a bhí sna hamhráin. Faoi lár mhí Iúil bhí sruthú déanta ar a gcuid amhrán os cionn 1 mhilliún uair. An cur síos a rinneadh ar phróiseas cruthaithe an cheoil i ráiteas oifigiúil ‘an bhanna’ ná “Not quite human. Not quite machine… somewhere in between.”
Is cúis imní í an IS do lucht an cheoil, ní hamháin toisc gur bealach é do leithéidí Spotify seinnliostaí a líonadh gan cruthaitheoirí a íoc, ach toisc go bhfuil uirlisí IS á dtógáil agus á dtraenáil le hábhar na n-ardán seo gan chead na gcruthaitheoirí. Léirigh ceoltóirí mór le rá ar nós Elton John agus Dua Lipa a míshuaimhneas do rialtas na Breataine i gcaitheamh an tsamhraidh le feachtas a lorg rialachas nua i dtaca le cóipcheart agus leis an rochtain atá ag comhlachtaí intleachta saorga ar a gcuid ceoil. Faraor, ní raibh toradh sásúil ar an bhfeachtas go dtí seo.
Dá mbeadh dóthain den bhréagpholaitíocht fholamh seo le cloisteáil ar ardáin shruthaithe agus ar na cairteacha, is cinnte go ndéanfadh sé dí-íogrú orainn…
Údar spéise, dar liom, áfach ná ábhar amhráin The Velvet Sundown: roghnaíodh liricí a thugann le fios gur amhráin pholaitiúla iad, i stíl atá faoi anáil ré Dylan agus Mitchell. “Drums of war, we drown them out. We’ll love, we’ll rage, we’ll rebel shout” agus “Peace is heavy, war is blind… March for peace, not for pride” - ach cén cúis troda atá acu? Cén ghluaiseacht lena mbaineann siad? Ní léir. Is focla folmha iad a thugann le fios go bhfuil teachtaireacht shóisialta éicint ag baint leo, ach tá siad fuar agus gann ar bhrí ná tuairim.
READ MORE
Is spéisiúil an cinneadh seo go háirithe le linn ré ina bhfuil ealaíontóirí ag glacadh fíorsheasaimh (mar a bhí ariamh) ar ardáin idirnáisiúnta maidir le hábhair éagsúla pholaitíochta agus tionchar polaitiúil á léiriú acu. Tá cosc ar Kneecap san Ungáir agus i gCeanada. Balbhaíodh The Mary Wallopers ar ardán Victorious Festival i Sasana. Tá caint mhagúil a thugann le fios gur ‘Euro-Country’ de chuid CMAT a bhain na cosa de Bertie Ahern i rás don uachtaránacht, gur sciob sí vóta na n-óg uaidh lena racht faoin bhfaillí a rinne a leithéid orainn le linn ré an Tíogair Cheiltigh.
Ar ábhar rás an Árais, luaigh cara le gairid gurb ionann Uachtarán na tíre agus an íomhá ar mian linn a léiriú dínn féin os comhair an domhain. Ambasadóir is ea an tUachtarán dár luachanna, creidimh agus mianta. Tá bearna idir an t-aos óg agus an íomhá atá ag an rialtas reatha, agus b’fhéidir gurb é sin an chúis leis an ómós atá á léiriú againn d’ealaíontóirí a chuireann fís agus fíormhianta an phobail ar ardáin dhomhanda - CMAT, Fontaines DC, Mary Wallopers.
Dá mbeifeá ciniciúil (agus is fiú a bheith ciniciúil i leith ollchomhlachtaí na mbilliúnaithe), d’fhéadfá a rá gurb í an sprioc atá ag leithéidí The Velvet Sundown maolú a dhéanamh ar an gcumhacht chultúrtha atá ag ceoltóirí agus ealaíontóirí ar nós Brian Eno, Bob Vylan, agus Kneecap le gairid, trí na focla agus frásaí bréagpholaitiúla a úsáid le … tada a rá. Dá mbeadh dóthain den bhréagpholaitíocht fholamh seo le cloisteáil ar ardáin shruthaithe agus ar na cairteacha, is cinnte go ndéanfadh sé dí-íogrú orainn mar éisteoirí, agus go ndéanfaí beag is fiú de liricí agus d’amhráin a bhfuil fíortheachtaireachtaí iontu, agus tá contúirt ag baint leis sin. D’fhéadfaí caolú a dhéanamh ar an deis sin atá ag ealaíontóirí glór a thabhairt do ghluaiseachtaí a bhfuil tábhacht ag baint leo.
Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil Daniel Ek, CEO Spotify (ar ar roinneadh ceol The Velvet Sundown ar dtús), théis infheistíochtaí ar luach tuairim is $600 milliúin a dhéanamh sa gcomhlacht Helsing a fhorbraíonn teicneolaíocht chogaidh a bhaineann leas as an intleacht shaorga, caitear scáth breise dorcha ar an scéal.
Gluaiseacht shuntasach eile atá le sonrú an tseachtain seo áfach ná líon na gceoltóirí a bhfuil a gcuid ceoil á bhaint acu ó Spotify ar an gcúis chéanna seo - gluaiseacht agus gníomh a sholáthraíonn údar dóchais nach bhfeicfimid riamh ó cheol na hintleachta saorga ná ó na comhlachtaí sruthaithe a bhaineann leas as.
Foclóir: neamhchasta = simple; lucht éisteachta = listenership; ait = strange; nua-eisithe = newly released; faraor = alas