Shíl mé inniu go rachaimis i ngleic tamall le focail de gach cineál a thosaíonn leis na litir ‘F’ le fáil amach a bhfuil aon rud suimiúil ag baint leo a bheadh ina chuidiú ag cainteoirí agus foghlaimeoirí na Gaeilge sa lá atá inniu ann.
Tosóimid leis an fhocal fiad a thagann ón fhocal fid a chiallaíonn coill. Is focail ón tSeanGhaeilge iad sin agus is ‘dh’ atá ina ndeireadh cé nach léir sin ar an litriú. Fiáin nó fiántas an bhunchiall a bhí leo agus is mar sin a tháinig an litriú fiadhain isteach sa teanga. Scríobhtar inniu é mar fiáin mar go ndearnadh ‘á’ as an ’-adh-’ atá i lár an fhocail le himeacht aimsire. Is le hainmhithe agus le héanlaith a bhíodh daoine a scaoileadh is mó a bhíodh an focal á lua. Tá sé le fáil in áitainmneacha agus an litriú fiodh air agus in amanna feadh. Is é atá i bhfolach san áitainm Fethard ‘Fiodh Ard’ agus in Feymore in aice an Chraoslaigh i nDún na nGall, is é sin ‘Fiodh Mór’.
Ach b’fhéidir gurb é an focal <i>fiánta</i> ‘wild, fierce, savage’ atá in úsáid againn inniu an fás is suimiúla a tháinig ar an bhunfhocal.
Bunaithe ar an fhocal seo faigheann muid na focail seo a leanas agus tabhair faoi deara go bhfuil an’dh’ ligthe ar lár – fia-chat ‘a wildcat’, fia-cholm ‘wild pigeon’, fiamhuc ‘a wild pig’ agus go leor eile. Tabhair faoi deara an focal fia-úll ‘a crab apple’.
Fiántas an focal a bhíodh ar thalamh nach mbíodh saothraithe nó nach mbíodh barr ar bith curtha ann agus ba mhinic a d’úsáidtí an focal céanna le cur síos a dhéanamh ar choill nó ar fhásrach fhiáin, Bhí focal eile ar áit ina mbíodh coill bheag úr ag fás agus gan crainn mhóra arda inti – fáschoill ‘ a grove, undergrowth’.
READ MORE
Ach b’fhéidir gurb é an focal fiánta ‘wild, fierce, savage’ atá in úsáid againn inniu an fás is suimiúla a tháinig ar an bhunfhocal. Seo a leanas cuid de na húsáidí a bhaintear as – tá lá fiánta ann ‘its a wild tempestuous day’, tá sé fiánta te ‘its excessively warm’, tá sé fiánta an rud a rinne siad ‘what they did/have done is truly outrageous’.
Nuair a bhí mé óg bhíodh caint go minic sa teach inar tógadh mé ar an fhocal falscaí. Is é an rud a bhí i gceist leis portach agus caorán a dhó trína chur ar thine. Sin an bealach a bhí acu le talamh a thabhairt chun míneadais sna sléibhte. Thógadh siad claí ard as uachtar an talaimh agus nuair a bhíodh sé tirim ag deireadh an tsamhraidh, chuirtí lasóg leis agus dhóití é. Scaipeadh siad an luaithreach ar an talamh gharbh agus de réir a chéile nítí talamh glas de bharr nó de dhromchla an phortaigh.
Is minic fosta a chuireadh siad uachtar an phortaigh – an fraoch agus an féar tirim – trí thine agus nuair a d’fhásfadh sé arís bhíodh an féar níos glaise. Forloisceadh ‘scorching’ a thugadh siad air seo. Seo dhá áitainm as an Ghaeltacht agus an focal loisce iontu, measaim – Machaire Loisce i nGaoth Dobhair agus An Baile Loisce i gCorca Dhuibhne.
Tugann sin mé anois chuig an réimír For agus an úsáid a bhaintear aisti i nGaeilge. Tá éagsúlacht mhór brí agus céille ag baint leis an mhír seo agus cuidiú mór í i gcumadh focal idir shean agus nua. Níl a fhios agam nó go bhfuil gaol céille idir for agus ar mar gur minic a mheasctar iad. Bíodh sin mar atá is é an chiall is minice a bhíonn le for ná ‘os cionn, ar an taobh amuigh, níos mó i méid’ le cuid de na húsáidí atá leis a lua. Seo roinnt samplaí – forhalla ‘foyer’, formhór ‘most of, majority’, forlíonadh ‘supplement’, forás ‘increase, growth’, forógra ‘proclamation’, foraosta ‘very old’.
Úsáidí eile nach gcluintear chomh minic sin iad seo a leanas – fordhearg ‘blood-red’, fordhorcha ‘very dark, obscure’, forghránna ‘very ugly’, forfhliuch ‘slightly wet’. Bíonn trácht fosta ar forneart ‘superior strength’, foréigean ‘violence’, forbhróg ‘overshoe’ agus forbhall ‘overgarment’.
Is dócha gurb é an focal fardoras ‘lintel (of door)’, áit a bhfuil far in úsáid in áit for is mó a bhíonn ar eolas ag gnáthchainteoirí na Gaeltachta. Luaigh muid cheana gur athrú coitianta é ‘o’ go’a’ i nGaeilge le fada.
Focal inspéise eile i nGaeilge Uladh is fiú a lua formhothaithe ‘unnoticed, stealthily’ i ráiteas mar teacht ar dhuine go formhothaithe ‘to take someone unawares’.
Críochnóidh mé le seanfhocal Faigheann foighid fortacht ‘patience is rewarded’ , áit a bhfuil for i bhfolach orainn. for + teacht is bun leis an fhocal fortacht.
Foclóir
As uachtar = from the topside.
Barr ar bith curtha = uncultivated, having no crops.
Dromchla = surface, top ridge.
Fásrach = (under)growth.
Is bun le = is the root of.
Lasóg a chur le = to light, set on fire.
Réimír = a prefix.
Saothraithe = cultivated.