Smaoineamh mór Starmer

Thug gach ceann de na cúig pháirtí is mó sa Chomhthionól le fios go raibh siad in éadan an moladh cártaí aitheantas nó ‘Brit Card’ a thabhairt isteach

Sheas moladh amháin amach astu sin a fógraíodh ag Ard-Fheis Pháirtí an Lucht Oibre i Sasana. Grianghraf: Ian Forsyth/Getty Images
Sheas moladh amháin amach astu sin a fógraíodh ag Ard-Fheis Pháirtí an Lucht Oibre i Sasana. Grianghraf: Ian Forsyth/Getty Images

Ar na moltaí uile a tháinig chun tosaigh ag Ard-Fheis Pháirtí an Lucht Oibre i Sasana, sheas moladh amháin amach sna ceannlínte le fada. Moladh nua ón Phríomh-Aire Keir Starmer le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le hinimirce mhídhleathach, rud atá ag cur isteach go mór ar a ceannasaíocht le míonna anuas.

Fógraíodh go dtabharfaí cártaí aitheantas isteach lena gcuirfear in iúl go bhfuil sé de cheart ag duine a bheith ag obair sa Bhreatain – “Brit Card” a tugadh orthu sna meáin. In áit dul chun cinn a dhéanamh leis an fhógra úr seo, tháinig ceisteanna aníos láithreach ó gach gné den speictream polaitiúil maidir le sprioc na scéime, na costais a bhaineann leis, sábháilteacht na scéime agus go leor eile. Thug urlabhraithe díograiseacha meascán freagraí éagsúla ar na ceisteanna seo, mhaigh siad buntáistí na scéime sna meáin go dílis ar son a gceannaire. Go dtí seo, áfach, ní léir go ndearnadh aon dul chun cinn mar gheall ar an smaoineamh mór ó Starmer in áit ar bith, go háirithe sa Tuaisceart.

Thug gach ceann de na cúig pháirtí is mó sa Chomhthionól le fios go raibh siad in éadan na moltaí úra seo. Tá sé suntasach go maith comhaontú a fháil ó na páirtithe seo ar fad ar aon cheist, agus beidh díomá agus frustrachas ar Rialtas na Breataine gur seo an fáiltiú a cuireadh roimh an choincheap.

Shilfeá nár foghlaimíodh aon rud ón Bhreatimeacht

Ag éisteacht le cuid de na hagallaimh ar an cheist seo, shilfeá nár foghlaimíodh aon rud ón Bhreatimeacht nuair a shíl Rialtas na Breataine go dtiocfadh leo beag is fiú a dhéanamh de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus neamhaird a dhéanamh de na hÉireannaigh ina gcónaí sna sé chontae.

Tá fáthanna éagsúla ag na páirtithe sna sé chontae gan aontú leis an pholasaí seo, mar a bhí acu le linn thréimhse an Bhreatimeachta chomh maith. Dar le náisiúnaithe nach bhfuil aon bhealach go dtiocfadh an cárta aitheantais seo a thabhairt isteach gan dochar a dhéanamh do na prionsabail laistigh de Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus easaontaíonn aontachtaithe leis an chárta ar bhonn ceisteanna eile a bhaineann le slándáil agus príobháideachas.

Mhaígh an tAire Stáit Hillary Benn go raibh “ceisteanna an-réasúnta” ag daoine agus luaigh sé comhairliúchán atá le tarlú anois agus an obair atá ar siúl le Rialtas na hÉireann maidir le feidhmiú na scéime. Tá sé go fóill den bharúil gur féidir teacht ar réiteach a d’fhágfadh an scéim inoibrithe sa Tuaisceart. Tá sé deacair a fheiceáil cén cur chuige nach mbeadh ag teacht salach ar na cearta ag daoine a bheith aitheanta mar Éireannaigh amháin i gComhaontú Aoine an Chéasta, agus nach gcuirfeadh isteach ar an Chomhlimistéar Taistil idir Poblacht na hÉireann agus an Ríocht Aontaithe, comhaontú atá i bhfeidhm ó bhí na 1970idí ann ach a daingníodh mar chuid de na socruithe Breatimeachta in 2019.

Fiú sa chás ina mbeadh socrú ar leith ann do na sé chontae lena bhféadfaí na deacrachtaí seo a réiteach, bheadh dúshlán eile roimh an Rialtas láithreach. Ní bheadh aontachtaithe sásta le haon socrú a dhéanfadh idirdhealú idir an Tuaisceart agus Albain, Sasana agus an Bhreatain Bheag. Ní bheadh siad sásta le socrú a láidríonn nó a aibhsíonn an teorainn i Muir Éireann, agus chonacthas le linn idirbheartaíocht an Bhreatimeachta agus sa tréimhse ó shin na deacrachtaí polaitíochta ó thuaidh a d’fheadfadh tarlú dá mbeadh a leithid d’imní ardaithe arís.

Mar sin féin, thiocfadh leat a rá nach mbíonn mórán imní in Westminster in amanna faoi chúrsaí a chuireann isteach ar na sé chontae amháin, ach ní bheadh sé chomh simplí sin fiú. Dá mbeadh aon socrú ar leith déanta mar gheall ar an Tuaisceart bheadh a leithid á éileamh ag dreamanna eile chomh maith. Dúirt Céad‑Aire na hAlban John Swinney go bhfuil sé i gceist aige cur in éadan na moltaí seo, agus gan comhoibriú ó na dlínse ar fad tá sé doiligh a fheiceáil cén maitheas a bheadh sa scéim.

Fiú dá mbeadh comhoibriú ann agus an polasaí á chur i bhfeidhm, ní fheictear dom go soiléir cén buntáiste a bheadh ann leis an scéim chun srian a chur leis an inimirce mhídhleathach. Ní luíonn sé le ciall sraith eile maorlathais a chur isteach i gcóras le dul i ngleic leo siúd atá taobh amuigh den chóras sa chéad dul síos.

Ar deireadh, an t-amscála atá leagtha amach ag Starmer do theacht isteach an pholasaí úir seo ná deireadh an téarma Parlaiminte in 2029. Leis na deacrachtaí leanúnacha a bhí ag Starmer le déanaí, tá sé deacair a shamhlú gurb eisean an duine a bheidh mar Phríomh-Aire faoin am sin, agus tá seans maith ann nach mbeidh aon chaint faoi Starmer ná a chuid cártaí faoin am sin ar chor ar bith.