“Caithfidh cúis bhreise a bheith ann leis an nGaeilge” - Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Labhair Bill Breathnach le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ar dhian Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.
Grianghraf: Dara Mac Dónaill
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ar dhian Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Grianghraf: Dara Mac Dónaill

“D’fhás mise aníos i gcomhthéacs ina raibh mé ag fáil oideachais i scoileanna nach raibh an t-aitheantas ná an tacaíocht chuí curtha ar fáil dóibh. D’fhreastail mé ar Bhunscoil Phobal Feirste, b’shin an chéad bhunscoil Ghaeilge a bhí ann. Ar ndóigh, cuireadh bagairt dlí ar lucht a bunaithe agus dúradh leo go ngearrfaí seal príosúnachta orthu.”

Déanann Ciarán Mac Giolla Bhéin cur síos ar a thaithí sa chóras oideachais i mBéal Feirste mar iarscoláire a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge.

Toghadh mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge é i mbliana ach is léir go raibh an‑tionchar ag an eispéireas sin air.

Bhí sé mar chuid den chéad ghlúin a d’fhreastail ar Mheánscoil Feirste, nó Coláiste Feirste mar a thugtar air anois. Ag an am sin, níor thug na húdaráis aitheantas ar bith don scoil ach spreag an t-achrann sin Mac Giolla Bhéin ceisteanna a chur faoi stádas na teanga sa tsochaí agus é fós ina dhéagóir.

Agóid Náisiúnta na nGael an mórshiúl ba mhó ar son cearta teanga na Gaeilge a reáchtáladh le blianta, agus dar leis na heagraithe bhí suas le 25,000 i láthair. Grianghraf: Dara Mac Dónaill.
Agóid Náisiúnta na nGael an mórshiúl ba mhó ar son cearta teanga na Gaeilge a reáchtáladh le blianta, agus dar leis na heagraithe bhí suas le 25,000 i láthair. Grianghraf: Dara Mac Dónaill.

“Cén fáth a raibh mo chairde ar fad ag an am sin ag freastal ar scoil lán-Bhéarla agus cén fáth a raibh neamhchonspóideacht ag baint leis sin?”, a deir sé.

“Ach i gcás scoil s’agam féin, b’éigean do thuismitheoirí dul isteach ag an deireadh seachtaine chun an áit a ghlanadh. B’éigean dóibh dul thart ag bailiú airgid thart ar na tithe tábhairne.”

Thug sé sin spreagadh do Mhac Giolla Bhéin breathnú ar an nGaeilge trí lionsa na teoirice polaitíochta agus luann sé fealsúna ar nós Frantz Fanon agus Paulo Freire mar thionchair mhóra air nuair a bhí sé san ollscoil.

Tá scór bliain caite aige ag obair i róil éagsúla leis an gConradh agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Dream Dearg freisin. Ach is léir go bhfuil sé tábhachtach do Mhac Giolla Bhéin go mbíonn a chuid gníomhaireachta fréamhaithe i bhfealsúnacht pholaitíochta atá cuimsitheach agus comhtháiteach.

“Sílim in amanna go mbíonn leisce orainn. Is modh cumarsáide aoibhinn galánta í an Ghaeilge ach ní féidir dul in iomaíocht leis an mBéarla mar mhodh cumarsáide. Tig leat gach rud a dhéanamh trí mheán an Bhéarla gach áit ar domhan”, a deir sé.

Níor chóir dúinn a bheith ag caint ar an nGaeilge mar cheist bheo ar leith. Caithfimid a bheith ag fréamhú na Gaeilge i mórcheisteanna ár linne.

—  Ciarán Mac Giolla Bhéin

“Caithfidh cúis bhreise a bheith ann leis an nGaeilge, agus sílim go luíonn sin san fhealsúnacht, sa teoiric agus sa tuiscint go bhfuil rud éigean níos doimhne a nascann muid lenár dteanga, lenár gcultúr, lenár dtír anseo agus sílim gur rud luachmhar é sin.”

Breathnaíonn Mac Giolla Bhéin ar chúis na Gaeilge i gcomhthéacs domhanda a bhaineann le leagáid an choilíneachais agus feiceann sé nasc idir staid na teanga agus ceisteanna móra polaitíochta eile.

“Níor chóir dúinn a bheith ag caint ar an nGaeilge mar cheist bheo ar leith. Caithfimid a bheith ag fréamhú na Gaeilge i mórcheisteanna ár linne” a deir sé.

“Dar liom, tá tionchar an nua-liobrálachais ag déanamh scrios ar an tír seo le fada an lá. Tá éadóchas ann, go háirithe i measc daoine óga maidir leis an todhchaí agus an ghéarchéim aeráide atá os ár gcomhair.”

“Bíonn daoine ag tagairt don obair dhochreidte ó Thuaidh maidir le cúrsaí Gaeilge. Tá sin spleách ar ghréasáin de dhíograiseoirí, bíodh siad sa chóras oideachais nó ina n‑oibrithe san earnáil pobail agus 99% den am bíonn na daoine sin fostaithe ar chonarthaí nach bhfuil thar mholadh beirte.”

Ciarán Mac Giolla Bhéin ag caint leis an slua a d'fhreastail ar an mórshiúl CEARTA i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Grianghraf: Dara Mac Dónaill
Ciarán Mac Giolla Bhéin ag caint leis an slua a d'fhreastail ar an mórshiúl CEARTA i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Grianghraf: Dara Mac Dónaill

“Bíonn siad ag obair ar thuarastal atá íseal go leor, nach bhfuil buaine ar bith ag baint leis agus a bhfuil éiginnteacht i gcónaí ag baint leis.”

Tá an chuma ar an scéal go bhfeiceann Mac Giolla Bhéin deis ann dlúthpháirtíocht a chothú idir pobal na Gaeilge agus daoine a oibríonn sa chóras oideachais nó an earnáil pobail trí mheán an Bhéarla.

“Tá daoine ann atá ag iarraidh an rud is fearr a bhaint amach dá bpobail ach tá siad á dhéanamh ar phinginí agus iarrtar orthu níos mó agus níos mó a bhaint amach i gcónaí le níos lú agus níos lú. Cothaíonn sé sin éadóchas. Baineann sin le cúrsaí eacnamaíochta ag an leibhéal is airde.”

Aontaíonn Mac Giolla Bhéin áfach nach mbreathnaíonn gach cainteoir Gaeilge ar cheist na teanga trí lionsa atá bunaithe ar fhealsúnacht pholaitíochta chomhtháiteach, go háirithe ó Dheas.

“Sílim go bhfuil cúiseanna maithe taobh thiar de sin agus ar ndóigh tá eisceachtaí ann leis sin i rith an ama” a deir sé.

“Sílim go ndúirt Máirtín Ó Cadhain blianta fada ó shin, in amanna b’fhearr an cos ar bolg ná an cur i gcéill. Agus anseo ó Thuaidh is cinnte go raibh blianta fada de chos ar bolg ann.”

Nuair a labhraíonn tú le daoine, sílim go bhfuil fís cineáil comónta ann.

“Agus spreagann sin frithghníomh nádúrtha, orgánach ón bpobal. Ní maith le daoine é nuair a deirtear leo nach bhfuil cead acu X, Y nó Z a dhéanamh, go háirithe nuair a bhaineann sé le cúrsaí féiniúlachta.”

“Ó Dheas, bhí dinimic éagsúil ann. Ar páipéar ar aon nós, thug na polaiteoirí, an córas, le fios go raibh siad ar son na Gaeilge. Bhí an stádas bunreachtúil ann ach ar ndóigh nuair a rinneadh tochailt isteach ann thuig muid nach raibh ann ach an sop in áit na scuaibe go minic”.

Breathnaíonn Mac Giolla Bhéin ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ó na 1970idí mar shampla d’fheachtas rathúil ó Dheas a bhain le ceisteanna sóisialta agus eacnamaíochta.

“Is minic nár chuir siad béim ar chúrsaí teanga per se, Bhí siad ag caint ar chúrsaí fostaíochta, cúrsaí infheistíochta, seirbhísí raidió” a deir sé.

“Thuig an ghlúin sin, Joe Steve Ó Neachtain, Seosamh Ó Cuaig, an Cadhnach é féin, go raibh siad ina gcónaí i gcomhthéacs ina raibh an Ghaeltacht ar an gceantar is boichte.”

Mar sin féin, bhí cuid de cheannairí an fheachtais sin sách cáinteach faoi na heagraíochtaí Gaeilge.

Thart ar an am sin, scríobh Máirtín Ó Cadhan paimfléad dar teideal “Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar strae” ina ndearna sé cur síos ar an gConradh mar eagraíocht mheánaicmeach i mBaile Átha Cliath a bhí níos dírithe ar imeachtaí sóisialta sa phríomhchathair ná coinníollacha sóisialta i gConamara.

Mar sin, céard a cheapann Mac Giolla Bhéin faoin gcáineadh sin, go háirithe sa chomhthéacs sin gurb é an tUachtarán ar an gConradh?

Breathnaíonn Mac Giolla Bhéin ar chúis na Gaeilge i gcomhthéacs domhanda. Grianghraf: Dara Mac Dónaill
Breathnaíonn Mac Giolla Bhéin ar chúis na Gaeilge i gcomhthéacs domhanda. Grianghraf: Dara Mac Dónaill

“Le gluaiseacht ar bith, go háirithe gluaiseacht atá os cionn 130 bliain d’aois, beidh sé thuas seas thíos seal ann agus beidh pointí ina mbeidh an ghluaiseacht sin imithe ar strae, agus ar ndóigh ní raibh mise ann ag an am sin” a deir sé.

“Ach rud ar bith a bhain muid amach bhí sé spleách ar ghluaiseacht, bhí sé spleách ar dhaoine a bheith ar an talamh.”

“Sílim gur meancóg é a cheapadh go bhfuil muid ar fad mar an gcéanna. Na dúshláin atá romham mar thuismitheoir in Iarthar Bhéal Feirste atá ag plé le cearta teanga agus atá ag iarraidh tuilleadh acmhainní agus stádas a bhaint amach don Ghaeilge, níl sin iomlán mar an gcéanna le duine óg atá ag iarraidh teach a thógáil i gConamara.”

“Ní féidir linn neamhaird a dhéanamh ar na difríochtaí sin ach sílim go gcaithfimid béim a chur fós ar an gcomhthuiscint ar fad atá againn. Nuair a labhraíonn tú le daoine, sílim go bhfuil fís cineáil comónta ann.”

Teastaíonn ó Mhac Giolla Bhéin go mbeidh aontacht ann i measc phobail na Gaeilge, in ainneoin na ndúshlán difriúil atá ann fud fad na tíre.

“An dúshlán atá romhainn, agus is rud é nach bhfuil freagra agam air go fóill, cad é mar is féidir linn ár n-eití éagsúla, ár ngluaiseachtaí éagsúla a ghríosú ar leas a chéile.”

Ciaran Mac Giolla Bhein agus baill eile de Chonradh na Gaeilge tar éis dóibh casadh le Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Julian Smith i mí Eanáir 2020. Photograph: Niall Carson/PA Wire
Ciaran Mac Giolla Bhein agus baill eile de Chonradh na Gaeilge tar éis dóibh casadh le Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Julian Smith i mí Eanáir 2020. Photograph: Niall Carson/PA Wire

“B’shin an rud a sheas amach dúinn sa Dream Dearg, ag na mórshiúlta ina raibh muid, bhí ionadaithe ann ón nGaeltacht ag caint agus bhí muid ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil comh-chúis ann in ainneoin na ndifríochtaí ar fad.”

Is léir mar sin go bhfuil fonn ar Mhac Giolla Bhéin aghaidh a thabhairt ar cheisteanna móra náisiúnta agus idirnáisiúnta ina ról mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Agus cé go bhfuil an sprioc seo uaillmhianach, tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé fós in ann a mhisneach a choinneáil.

“Is féidir linn uilig in amanna a bheith lagmhisneach faoi chúrsaí ach nuair atá an phribhléid agam bualadh le grúpaí iontacha, go háirithe daoine óga a bhfuil an oiread sin díograise agus dóchais acu don teanga, sin an rud is mó a thugann dóchas domsa don todhchaí” a deir sé.