Gluaiseacht agus gluaiseacht eile

Ní raibh an t-idirdhealú clé vs deas fréamhaithe i sochaí na hÉireann mar a bhí i dtíortha eile san Eoraip, ach seans go bhfuil sin ag athrú anois

Sna tríochaidí nuair a cuireadh an cheist air faoin sóisialachas in Éirinn, dúirt an Taoiseach Éamonn de Valera: “Beidh ar an Lucht Oibre feitheamh.” Grianghraf: Getty Images
Sna tríochaidí nuair a cuireadh an cheist air faoin sóisialachas in Éirinn, dúirt an Taoiseach Éamonn de Valera: “Beidh ar an Lucht Oibre feitheamh.” Grianghraf: Getty Images

Ar feadh na mblianta fada, dhírigh ceann de na ceisteanna móra i dtaobh na polaitíochta in Éirinn ar an easpa rogha idir an eite chlé agus an eite dheas. Cén fáth a raibh muid fós gafa le cogadh cathartha a tharla i bhfad siar sa stair, seachas talamh úr a dhéanamh inár bpolaitíocht don díospóireacht idir an sóisialachas agus an caipitleachas?

Muis, ní riabh aon difríocht idir Fine Gael agus Fianna Fáil, a dúirt páirtithe an fhreasúra. Rogha idir Tweedledum agus Tweedledee.

Rinneadh na hargóintí sin beag beann ar stair na tíre.

I stát a bunaíodh tar éis réabhlóide, i dtír iarchoilíneach, ní haon ionadh gurbh iad na páirtithe a d’eascraigh as na gluaiseachtaí réabhlóide a bheadh i réim. Tharla mórán an rud ceannann céanna i Meicsiceo agus sa tSualainn. Sa dá thír sin, bhí páirtí amháin arbh ionann é le Fianna Fáil ceannasach i bpolaitíocht na tíre sin ar feadh na nglúnta.

Sna tríochaidí nuair a cuireadh an cheist air faoin sóisialachas in Éirinn, dúirt an Taoiseach Éamonn de Valera: “Beidh ar an Lucht Oibre feitheamh.”

Déarfadh roinnt tráchtairí go bhfuil siad fós ag feitheamh.

Ceann de na cúinsí suntasacha eile ná nár tharla an réabhlóid thionsclaíoch i ndeisceart na hÉireann, mar a tharla sé sa Bhreatain agus san Eoraip.Ní raibh gluaiseacht an lucht oibre sa tír seo ar scála na ngluaiseachtaí i Sasana.

Cinnte, bhí sé le brath i mBaile Átha Cliath. Rinneadh frithdhúnadh ar stailc shearbhasach 1913 - ocras agus ganntanas a bhí mar thoradh air.

Ach rí raibh na ceardchumainn eagraithe go forleathan, mar gur thír thuaithe a bhí in Éirinn ag an am.

Agus d’fhan an scéal mar sin tar éis neamhspleáchais. Ba Stát nua a bhí ann agus bhí daoine dílis don Stát agus do na laochra ar bhunaigh é. Mar gheall air sin, ba chomhartha féinaitheantais é a bheith bainteach le páirtí faoi leith. Agus seachadadh an dílseacht sin ó ghlúin go glúin.

Thuar Páirtí an Lucht Oibre go mbeadh na seachtóidí sóisialach i saol na polaitíochta. Ach ní mar sin a tharla.

Lean an dílseacht do pháirtithe an chogaidh chathartha go dtí na hochtóidí ar chúis amháin nó ar chúis eile. Bhí fothoghchán i mBaile Átha Cliath Thiar in 1982 agus bhuaigh Fianna Fáil agus Fine Gael beagnach 90 faoin gcéad den sciar vótála eatarthu.

I ngach tír eile san Eoraip chonacthas an tsíorchoimhlint idir clé agus deas. Ach in Éirinn bhí ár rialtas sa lár maidir le cúrsaí eacnamaíochta, agus coimeádach maidir le cúrsaí moráltachta.

É sin ráite, bhí sochaí na tíre ag athrú agus daoine ag streachailt in aghaidh na bunaíochta níos mó ná mar a bhí riamh cheana.

B’fhéidir gurbh é an comhartha ba mhó go raibh an seansaol ag athrú ná nuair a toghadh Máire Mhic Róibín ina hUachtarán in 1990…

B’fhéidir gurbh é an comhartha ba mhó go raibh an seansaol ag athrú ná nuair a toghadh Máire Mhic Róibín ina hUachtarán in 1990, agus d’athraigh sí dreach agus stíl ról an Uachtaráin gan mórán stró.

Go gairid ina dhiaidh sin chonacthas borradh mór den chéad uair i líon na tacaíochta do pháirtí ar an eite chlé nuair a bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre 33 suíochán. An ‘Spring Tide’ a tugadh ar an bhfeiniméan sin in ómós do cheannaire an pháirtí ag an am, Dick Spring.

Tharla sé arís in 2011 nuair a bhuaigh an Lucht Oibre 37 suíochán agus arís eile in 2020 nuair a bhuaigh Sinn Féin 37 suíochán.

Ach má bhí rabharta ar na hócáidí sin, níos minicí ná a mhalairt, tháinig lag trá go sciobtha ina dhiaidh sin. Thit líon tacaíochta na bpáirtithe sin siar agus níor éirigh leo cur leis na buanna sin - a mhalairt a tharla leis an Lucht Oibre leis an bhfírinne a rá.

Tá athruithe eile tar éis tarlú in Éirinn ar chiumhais na polaitíochta ach atá suntasach ag an am céanna. Sin iad gluaiseachtaí polaitiúla nár rugadh as páirtithe polaitíochta ach as creideamh láidir, nó dearcadh láidir, nó fealsúnacht láidir. Mar shampla, tá an Comhaontas Glas mar pháirtí atá bunaithe ar luachanna a bhaineann leis an gcomhshaol a chaomhnú. Mar an gcéanna, chonaic muid gluaiseachtaí a bunaíodh chun dul ag stocaireacht le linn na bhfeachtas reifrinn in 2015 agus 2019: i gcomhair pósadh comhghnéis agus cearta ginmhillte.

Ní hamháin nár bhain na gluaiseachtaí sin le páirtí polaitíochta faoi leith ach bhí an bealach a ndeachaigh siad i mbun gnó an-difriúil. Bhí cuid mhaith acu a bhí óg agus ní haon ionadh gur úsáid siad modhanna úrnua chun eagrú and chun na teachtaireachtaí a theilgeadh i measc an phobail, ag baint úsáid as na meáin shóisialta. Chomh maith leis sin ba ghluaiseacht phobail a bhí i gceist - agus ní raibh an t-ordlathas céanna le brath iontu. Ní polaiteoirí a bhí sna rannpháirtithe don chuid is mó agus nuair a chríochnaigh na feachtais chuadar ar ais go dtí a ngnáthshaoil.

Ach chuaigh roinnt acu isteach i saol na polaitíochta, formhór acu i dtreo na nDaonlathaithe Sóisialta, páirtí nua nach raibh ag déanamh scime dóibh mar a bhí na seanlochtanna a bhí ag páirtithe eile.

Bhain feachtas Catherine Connolly an-úsáid as leabhar beartaíochta an Reifrinn ginmhillte. Faoin am ar chríochnaigh sé bhí níos mó ná 15,000 oibrí deonach aici agus modhanna nua chun teachtar dhaoine go héasca, go háirithe an t-aos óg.

Agus den chéad uair i stair an Stáit, tháinig na páirtithe clé go léir le chéile ar bhonn polaitiúil taobh thiar d’fheachtas amháin. Maíodh an tseachtain seo caite gur gluaiseacht nua atá ann. Ach an mbeidh sé buan seasmhach? An seasfaidh na páirtithe go léir an fód le chéile chun an rogha sin idir rialtas clé agus rialtas lárnach/deas a chur faoi bhráid an phobail den chéad uair?

Táim féin beagáinín amhrasach go leanfaidh sé ach ag an am céanna feicfidh muid i bhfad níos mó comhoibrithe idir na páirtithe sin. Beidh siad comhtháite seachas scaoilte.

Agus tá gluaiseacht eile ag fás de shíor. Is ón eite dheas atá an ceann seo ag teacht ach tá sé níos urchóidí. Cé go bhfuil na páirtithe frith-inimirce an-bheag go fóill, tá siad ag fás, agus má leantar leis an treocht san Eoraip, coinneoidh siad orthu ag fás. Feicfimid níos mó eachtraí cosúil leis an trioblóid shuarach taobh amuigh den Citywest san aimsir atá romhainn.

B’fhéidir go bhfuil an t-idirdhealú sin ag tosú in Éirinn go dáiríre den chéad uair. Ach ag an am céanna, creidim nach bhfeicfidh muid deireadh le rialtais lárnacha in Éirinn go ceann scaitheamh maith.

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times