Beidh tús á chur leis an fhéile is mó agus is bríomhaire i bhféilire na nGael an tseachtain seo agus na mílte duine ag tarraingt ar Bhéal Feirste le ceiliúradh a dhéanamh ar Oireachtas na Samhna 2025. Seolfar an tOireachtas tráthnóna amárach san Ionad Idirnáisiúnta Comhdhálacha (ICC) i mBéal Feirste, áit a mbeidh scoth na siamsaíochta chun tús spleodrach spreagúil a chur leis an mhórfhéile. Beidh ceithre lá iomlána lán le himeachtaí, cainteanna, díospóireachtaí, ceardlanna, babhtaí amhránaíochta agus ceoil, comórtais agus craic go leor ina dhiaidh sin, agus beidh deis ar dóigh ag na Gaeil as fud fad na tíre agus níos faide i gcéin teacht le chéile do dheireadh seachtaine den chéad scoth.
Seo an tríú huair a bheidh féile mhór na nGael ag titim amach sna sé chontae agus tá sárchlár curtha le chéile ag lucht eagraithe an Oireachtais i mbliana. Tá liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil ar líne ag www.antoireachtas.ie/oireachtas-na-samhna nó ar aip an Oireachtais atá ar fáil ar an aipmhargadh anois, agus is féidir do thicéad a cheannach ar an tsuíomh chéanna.

Níos mó iomaitheoirí ná riamh
Buaicphointe an Oireachtais a bhíonn sna comórtais do go leor den lucht féachana agus glacfaidh níos mó ná míle duine idir óg agus aosta páirt sa réimse leathan comórtas a bheidh ar siúl i mbliana, an méid is mó iontrálaithe riamh. D’fhógair Coiste an Oireachtais ar na mallaibh go mbeadh raon nua comórtas ar fáil mar chuid de chlár 2025, mar shampla rapcheol do dhaoine óga, córcheol agus amhránaíocht aonair le tionlacan giotáir in ómós d’Albert Fry, ceoltóir agus gníomhaí teanga a bhí ina Uachtarán ar an Oireachtas nuair a bhí an fhéile i mBéal Feirste den uair dheireanach in 1997.
READ MORE
Bíonn iomaíocht ghéar sna comórtais gach bliain mar go dtagann daoine as gach cearn den tír le páirt a ghlacadh sna catagóirí is mó, is iad sin amhránaíocht ar an sean-nós, damhsa ar an sean-nós, agallamh beirte, agus lúibíní i measc go leor leor eile. Cuirfear fíorscoth na n-amhránaithe os comhair lucht féachana oíche Dé Sathairn le Corn Uí Riada, an onóir is airde san amhránaíocht ar an sean-nós. Beidh sé ar siúl sa Halla Mór ar Bhunurlár an ICC, Plás Lanyon, ag a 7 a chlog tráthnóna.

Spraoi gan stad do mhic léinn
Níl féile ar bith níos fearr ná níos mó do mhic léinn ná Oireachtas na Samhna agus is cinnte go mbeidh na mílte mac léinn ag déanamh a mbealaigh go Béal Feirste an tseachtain seo chun súp a bhaint as an chlár imeachtaí den scoth a bheidh ag titim amach ann.
Beidh deis ar leith do mhic léinn culaith a chur orthu féin i mbliana mar beidh Cóisir na Mac Léinn ar siúl ar Oíche Shamhna í féin. Is ag a 9 a chlog oíche Dé hAoine a chuirfidh Hugh Mac Giolla Chearra tús leis an chóisir ghléasta agus beidh rogha an cheoil ann ó Burnchurch, Emma Ní Fhíoruisce agus aíonna speisialta eile sa Bhálseomra in Óstán Europa. Ná caill é!
Gáire na nGael a bheidh le cluinstin sa Bhálseomra céanna oíche Dé Sathairn nuair a bheidh Gaelgáirí, an t-aon chlub grinn Gaeilge ar chlár na cruinne, ar siúl ag a 10 a chlog. I measc na bhfuirseoirí ar an oíche beidh Eoin P. Ó Murchú, Aideen McQueen, Cúán de Búrca agus Síomha Hennessy. Bíonn an-tóir ag lucht freastail an Oireachtais ar an imeacht seo gach bliain, mar sin bí cinnte a bheith ann luath go maith le suíochán a fháil.
Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times ar an fhoireann is fearr i gCraobh Díospóireachta Gael Linn do mhic léinn tríú leibhéal ag a 3 a chlog tráthnóna Dé Sathairn, agus moltar go láidir do mhic léinn dul agus ugach a thabhairt dá n-ollscoil.
Caithfidh muid uilig a bheith réidh le damhsa go mall san oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn mar beidh Club na Féile, buaicphointe sóisialta na féile, ar siúl chun an dlaoi mhullaigh a chur ar an spraoi ar fad. Beidh dhá imeacht éagsúla ar siúl i mbliana, le Seán Mac Corraidh agus The Hot Whiskeys ag dul ar stáitse i mBálseomra an Europa agus réaltaí Chiarraí Pólca4 ag seinm i Halla Uladh. Is cinnte go mbeidh go leor leor craice agus pionta nó dhó le fáil ann.

Cainteanna, ceardlanna, ceol agus craic cois Lagáin
Beidh brí agus beocht le mothú ar shráideanna Bhéal Feirste agus an fhéile faoi lán seoil Déardaoin. Tabharfaidh an tOllamh Mícheál Ó Mainnín, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus an Dr Brian Devlin caint spéisiúil ar stair agus ar thodhchaí na logainmneacha sa tuaisceart in ‘Ainmniú Áiteanna agus Comhroinnt Áiteanna’ ag 11.30 ar maidin i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál. Chomh maith leis sin, tá 70 seastán le bheith ag Aonach an Oireachtais i mbliana, an t-aonach is mó go dtí seo, agus go leor le foghlaim ó eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ag an aonach san ICC ón Déardaoin ar aghaidh.
Is san ICC a bheidh scaifte ag bailiú maidin Dé hAoine fosta do Phléphainéal ‘Ról na nGael i dTógáil Éire Nua’ faoi stiúir Edel Ní Churraoin. Beidh fáilte roimh rannpháirtíocht ón lucht éisteachta i rith an imeachta. Déanfaidh Pádraig Ó Mianáin agus Cormac Breathnach léiriú beo san ICC ag 4.30 tráthnóna Dé hAoine sa seisiún ‘Focal ar Fhocal’ faoin fhoclóir nua aonteangach Gaeilge a sheolfar i mbliana – an chéad bhlaiseadh a gheobhaidh pobal na Gaeilge ar iontrálacha agus ar shuíomh nua foclóir.ie fosta.
Caith súil ar aip Oireachtas na Samhna do chlár iomlán na féile.












