Margaí na Nollag faoi lán seoil

Thall is Abhus: Margaí na Nollag, Móglaí Bap, Smideadh lonrach agus Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach

Margaí na Nollag
Margaí na Nollag

Tá stainníní bia agus stallaí beaga ar oscailt ó cheann ceann na tíre agus séasúr na Nollag faoi lán seoil. Tá rogha mhaith mhargaí na Nollag againn anseo in Éirinn agus iad scaipthe ar fud na tíre, mar sin ní bheidh ort dul thar lear le sult a bhaint as an cheiliúradh ar fad ná taisteal rófhada le teacht ar an mhargadh is cóngaraí duitse.

Is ar an Fhaiche Mhór i lár na cathrach atá Margaí Nollag na Gaillimhe leagtha amach agus scoth na stainníní acu arís i mbliana. Bíonn an-tóir ar an phuball beorach i gcónaí, áit a mbíonn an ceol ag dul go gealach agus na gloiní ag gligleáil, chomh maith leis an roth mór a thugann radharc den scoth do chuairteoirí ag an bharr. Bíonn stainníní bia blasta ag rogha mhaith díoltóirí áitiúla fosta, mar shampla Prátaí, Grá Chocolates agus Man of Aran Fudge, lena dtugtar deis do dhaoine na seoda bia is coitianta i nGaillimh a bhlaiseadh in aon áit amháin.

Bíonn Cathair Bhéal Feirste lán le bolaithe galánta a chuirfeadh cúr le do bhéal an t-am seo bliana, mar is ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste a bhíonn an margadh Nollag a fhaigheann inspioráid ó na margaí móra sa Ghearmáin. Brocairí teo clúdaithe le mustard, pancóga beaga na hÍsiltíre, preatsail mhóra agus scailtín fíona go leor, is cinnte nach mbeidh ocras ort agus tú ar shráideanna Bhéal Feirste um Nollaig!

Más san Oirdheisceart atá tú, osclaíodh Winterval Phort Láirge an deireadh seachtaine seo caite agus clár lomlán le himeachtaí agus seónna do pháistí de gach aois. Beidh deis ag cuairteoirí a gcuid scátaí oighir a chur orthu agus aghaidh a thabhairt ar an rinc oighir gach deireadh seachtaine as seo go dtí tús mhí Eanáir, ach moltar do dhaoine ticéid a chur in áirithe ar líne roimh ré.

Moglaí Bap
Moglaí Bap

Móglaí Bap ag bualadh an bhóthair agus ag bailiú airgid

D’fhógair Móglaí Bap ar na mallaibh go bhfuil sé beartaithe aige 10km a rith in achan chathair ar chamchuairt reatha Kneecap chun airgead a bhailiú d’fheachtas tiomsaithe airgid atá á reáchtáil ag Cumann Forbartha Beit Lahia i nGaza agus ag Glór na Móna i mBéal Feirste, i gcomhpháirtíocht leis an ionad aclaíochta pobail ACLAÍ ar an Bhruach Thiar sa Phalaistín.

Beidh buachaillí Kneecap ag dul ar an ardán i Sheffield Shasana anocht agus na sluaite móra reathaithe tugtha le chéile acu cheana féin i ngach stad ar an chamchuairt go dtí seo, i gcathracha móra ar nós Páras agus Amstardam. Bailíodh breis is €30,000 do bheartáin bhia i nGaza mar chuid den ócáid tiomsaithe airgid chéanna a reáchtáil Móglaí Bap ar chamchuairt Kneecap anuraidh.

Is féidir tacú leis an chúis fhiúntach seo agus airgead a thabhairt ar líne don Gaza Food & Play Project ar donorbox.org.

Smideadh
Smideadh

Smideadh lonrach drithleach

Tá séasúr na seacainí linn agus go leor oícheanta gáifeachta agus galántachta ag titim amach idir seo agus an Nollaig. Is breá liom na gúnaí drithleacha agus na héadaí veilbhite a bhíonn sna siopaí an t-am seo bliana agus gach duine ag ullmhú do na cóisirí Nollag agus do na hoícheanta scléipe.

Má tá tú sa tóir ar tháirge áilleachta is féidir a chaitheamh i do mhála láimhe agus a úsáid le neart cumaí éagsúla smididh a chruthú an Nollaig seo, is é an Glitter Glaze le Kash Beauty an táirge foirfe duitse. Tá tú in ann an púdar seo a úsáid ar do shúile, ar do bheola nó áit ar bith ar d’aghaidh le luisne álainn a thabhairt duit féin agus le haird daoine eile a tharraingt i gcónaí!

Tá an Glitter Glaze ar fáil in ór agus in airgead le dul le feisteas ar bith atá pleanáilte agat. Costas €12 atá ar an phúdar beag seo agus is féidir é a cheannach ar kashbeauty.com, Boots, Dunnes nó i gcuid mhaith cógaslann timpeall na tíre.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Ireland’s Eye Knitwear
Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Ireland’s Eye Knitwear

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Ireland’s Eye Knitwear

Nach galánta na geansaithe atá á ndéanamh ag Ireland’s Eye Knitwear, gnólacht éadaí cniotáilte inbhuanaithe atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Déantar a gcuid geansaithe go léir as olann ardchaighdeáin agus is breá liom go bhfuil rogha leathan stíleanna acu in achan dath faoin spéir. Díolann siad veisteanna cniotáilte gleoite, gúnaí agus cairdeagain fosta chun tú a choinneáil te teolaí an geimhreadh seo.

Tháinig mé ar an bhranda seo den chéad uair a bhuí leis an réimse geansaithe atá deartha acu in éineacht le mná How to Gael – réimse álainn cairdeagan le bróidnéireacht bhreá ar na muinchillí. Cé go bhfuil siad beagán costasach, thig leat a bheith cinnte go seasfaidh do gheansaí an aimsir agus go mbeidh tú in ann é a choinneáil agus a chaitheamh gach uile gheimhreadh.

Tá geansaithe Ireland’s Eye X How to Gael (€129.95) ar fáil ag how-to-gael.myshopify.com.