Athbheochan agus athbhreithniú ár dtraidisiúin ceoil

In ‘Gealach na gCuanta’ le Doimnic Mac Giolla Bhríde míníonn an t-amhránaí an dlúthbhaint a bhí ann tráth idir an sean-nós agus an chláirseoireacht

An scríbhneoir agus amhránaí Doimnic Mac Giolla Bhríde i nGaoth Dobhair. Grianghraf: Joe Dunne
An scríbhneoir agus amhránaí Doimnic Mac Giolla Bhríde i nGaoth Dobhair. Grianghraf: Joe Dunne

Tá a lorg fágtha ag an amhránaí agus ceoltóir Doimnic Mac Giolla Bhríde ar shaothar an cheoil thraidisiúnta agus amhránaíochta in Éirinn agus anois tá sé ag iarraidh aird an phobail a dhíriú ar an ghné is tábhachtaí dár gcultúr, dar leis: an traidisiún cláirseoireachta-amhránaíochta a cleachtadh ar feadh na gcianta go dtí gur tháinig deireadh leis thart ar 1800.

D’fhoilsigh Mac Giolla Bhríde leabhar agus albam úr ceannródaíoch i mbliana darb ainm Gealach na gCuanta. Grianghraf: Joe Dunne
D’fhoilsigh Mac Giolla Bhríde leabhar agus albam úr ceannródaíoch i mbliana darb ainm Gealach na gCuanta. Grianghraf: Joe Dunne

I mí Mhéan Fómhair na bliana seo d’fhoilsigh Mac Giolla Bhríde leabhar agus albam úr ceannródaíoch darb ainm Gealach na gCuanta. Is staidéar cuimsitheach é an leabhar ar na sean-amhráin Ghaeilge agus leagann sé amach go soiléir an dlúthcheangal a bhí idir traidisiún ársa na cláirseoireachta agus an ‘sean-nós’ mar a thugann muid air sa lá ata inniu ann.

“Cruthaíodh an téarma ‘sean-nós’ sna 1940idí ag an Oireachtas le deighilt a dhéanamh idir é agus stíleanna eile amhránaíochta,” a dúirt sé.

Ag tarraingt ar théacsanna stairiúla, ar bhailiúcháin cheoil ar nós lámhscríbhinní Edward Bunting, agus ar pháipéir phearsanta bailitheoirí éagsúla, léiríonn an leabhar an dóigh ar scaradh an dá thraidisiún óna chéile le himeacht ama.

“Is minic a smaoinímid ar an sean-nós agus ar an chláirseoireacht mar dhá thraidisiún éagsúla, ach ba cheann amháin iad tráth,” a dúirt Mac Giolla Bhríde.

14/11/25 Writer and musician Doimnic Mac Giolla Bhríde in Gaoth Dobhair (Gweedore), Co Donegal. Photograph: Joe Dunne for The Irish Times
14/11/25 Writer and musician Doimnic Mac Giolla Bhríde in Gaoth Dobhair (Gweedore), Co Donegal. Photograph: Joe Dunne for The Irish Times

“Chan na seanchláirseoirí agus rinne siad iad féin a thionlacan ar an chláirseach. Seo traidisiún a d’fhorbair thar chéadta de bhlianta – amhránaíocht, cláirseoireacht agus filíocht shaibhir. Déanaim iarracht sa leabhar an traidisiún seo a mhíniú agus léargas a thabhairt ar an dóigh ar fháisc sean-nós amach as an traidisiún seo,” a dúirt sé.

Dar le Doimnic gur cheart don Rialtas athbheochan a dhéanamh ar an seantraidisiún feidhmiúil seo: “Ba chóir don Rialtas maoiniú a chur ar fáil don chláirseach Ghaelach fá choinne é a thabhairt ar ais mar gur traidisiún iontach láidir a bhíodh ann tráth, traidisiún a d’fhorbair thar mhíle bliain agus a bhfuil doimhneacht agus fiúntacht mhór ag baint leis,” a dúirt sé.

“Tá rud inteacht iontach draíochtúil agus uaibhreach fá fhuaim an ghlóir aonaraigh agus sreanga miotail. Níl an mhaorgacht chéanna ag baint leis na sreanga níolóin. Is rud conspóideach sin a rá mar gur sreanga níolóin nó putóige atá á n-úsáid ag formhór na gcláirseoirí in Éirinn sa lá atá inniu ann ach sin cionn is nach raibh teacht ag daoine ar na cláirsí Gaelacha. Ach thig leis sin athrú.

“Tá obair mhór i gceist leis an traidisiún seo a thabhairt ar ais agus tá baicle mhór saineolaithe a dhíth len é a chur i gcrích. Tá cuid mhaith den obair seo déanta cheana féin ag daoine ar nós Edward Bunting, Charlotte Milligan Fox, Osborn Bergin, Gráinne Yeats, Seán Ó Riada, Pádraigín Ní Uallacháin, Siobhán Armstrong agus go leor eile nach iad. Ach tá tuilleadh taighde le déanamh. Caithfear a dhéanamh amach go cinnte cén modh seinnte a bhí ag na seanchláirseoirí. Caithfear cláirsí a thógáil bunaithe ar na seanchláirsí atá againn sna hiarsmalanna agus iad a chur ar fáil do ghnáthcheoltóirí. Caithfear oiliúint a thabhairt do mhúinteoirí ar fud na tíre agus b’fhéidir an rud is tábhachtaí – an amhránaíocht agus an chláirseoireacht a thabhairt le chéile arís.

Tá rud inteacht iontach draíochtúil agus uaibhreach fá fhuaim an ghlóir aonaraigh agus sreanga miotail. Níl an mhaorgacht chéanna ag baint leis na sreanga níolóin.

“Mar a luaigh mé, tá ceoltóirí agus taighdeoirí ag obair ar an ábhar seo le blianta agus tchítear domh go bhfuil scoith oibre a dhéanamh ag Siobhán Armstrong agus Cumann Cláirsí Stairiúla na hÉireann. Thig cláirsí a fháil ar iasacht uathu agus bíonn féile oideachasúil acu achan samhradh i gCill Chainnigh. Ach ag an am chéanna níl áit ar bith go fóill a cheanglaíonn cláirseoireacht, amhránaíocht agus an fhilíocht Ghaeilge le chéile, mar a bhí sé i ré órga an tsaoil Ghaelaigh”.

Tá albam d’amhráin chóirithe ag gabháil leis an leabhar agus is bailiúchán é d’amhráin a chum seanchláirseoirí, gnáth-amhráin sean-nóis agus amhráin a chum Doimnic é féin. Lena chois sin, chum an t-amhránaí as Gaoth Dobhair foinn úra d’amhráin a bhfuil an ceol caillte daofa. Tá a amhrán úr Dhá dTrian Catha an Misneach, lenar bhuaigh sé comórtas ‘Amhrán Nua-chumtha’ an Oireachtais in 2021, ar an albam fosta.

Tá cúig dhlúthdhiosca eisithe ag Mac Giolla Bhríde go dtí seo: Saol na Suáilce, (ceol traidisiúnta le rud beag tionlacain), Smúidghealach, (amhráin le cóiriúchán cúig théadach), Guaillibh a’ Chéile, (comhoibriú leis an cheoltóir Albanach Griogair Labhruidh), Siansa, (Cór Thaobh a’ Leithid) agus Sona do Cheird, (amhráin le cóiriúchán d’uirlisí éagsúla).

Tá trí leabhar do pháistí curtha i gceann a chéile aige chomh maith; Ící Pící, Polcaphonc agus Preab sa Cheol, a bhfuil ráchairt mhór orthu. Tá a shaothar, Preab sa Cheol, ar an chéad phreableabhar a rinneadh ariamh in Éirinn. Rinne sé féin an innealtóireacht páipéir agus rinne sé an dearadh in éineacht le Caomhán Ó Scolaí.

Rugadh agus tógadh Mac Giolla Bhríde ar an Charraic, Gaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill agus is amhránaí, pianódóir, boscadóir, píobaire uilleann, cumadóir agus taighdeoir aitheanta é.

14/11/25 Writer and musician Doimnic Mac Giolla Bhríde in Gaoth Dobhair (Gweedore), Co Donegal. Photograph: Joe Dunne for The Irish Times
14/11/25 Writer and musician Doimnic Mac Giolla Bhríde in Gaoth Dobhair (Gweedore), Co Donegal. Photograph: Joe Dunne for The Irish Times

Bhíodh a mháthair, Eibhlín Mhic Giolla Bhríde nó Nellie Eoghan John Shéimí mar a b’fhearr aithne uirthi, ina máistreás ar Scoil Chonaill an Bhuna Bhig agus bhí a croí sáite aici san amhránaíocht. Is í a chothaigh dúil sa cheol in go leor ceoltóirí áitiúla a bhíonn go fóill le feiceáil sna comórtais ag Oireachtas na Samhna.

“Thosaigh mé ar a bhocsa ceoil ag sé nó seacht mbliana. Bhí suim ag mo mháthair sa chultúr agus go áirithe san amhránaíocht agus is ise a chuir sa treo sin mé,” a dúirt sé.

Chaith Doimnic sé bliana ag déanamh staidéar ar an cheol in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath sula dearna sé máistreacht sa cheol traidisiúnta i Luimneach.

Bíonn Doimnic ag freastal ar fhéilte ceoil fud fad na cruinne agus le fiche bliain anuas déanann sé turas ceoil bliantúil ar oirthuaisceart na Stát Aontaithe. “Tá sé furast ceolchoirmeacha tí a eagrú i Meiriceá go háirithe thart fá Lá Fhéile Padraig ach ní dheachaigh mé anonn i mbliana mar nach raibh suim agam baint nó páirt a bheith agam le Meiriceá faoi cheannas Trump, go háirithe mar gheall ar an tacaíocht atá siad a thabhairt d’Iosrael.”

Bhuaigh sé Corn Uí Riada in 2009, an gradam sean-nóis is mó le rá in Éirinn, agus aithnítear go forleathan é mar ghlór ceannródaíoch in athbheochan agus léirmhíniú amhránaíocht na Gaeilge.

14/11/25 Writer and musician Doimnic Mac Giolla Bhríde in Gaoth Dobhair (Gweedore), Co Donegal. Photograph: Joe Dunne for The Irish Times
14/11/25 Writer and musician Doimnic Mac Giolla Bhríde in Gaoth Dobhair (Gweedore), Co Donegal. Photograph: Joe Dunne for The Irish Times

Bhí Mac Giolla Bhríde ina stiúrthóir ar mhórán cór Gaeilge i gcaitheamh na mblianta. Cór Loch Lao i mBéal Feirste, cór i nDoire Cholmcille, cór i gCaisleán Uidhilín, Contae an Dúin, agus cór i nGleanntán Ghlas’ Ghaoth Dobhair, Cór Thaobh a’ Leithid, atá ag ceol go fóill achan oíche Mháirt sa Chrannóg i nGaoth Dobhair.

“Nuair a bhí na ceithre chór sa tsúil agam ba ghnách liom iad a chur le chéile ag ceolchoirmeacha faoin teideal Glórtha Uladh mar go raibh na hamhráin agus an comhcheol céanna déanta agam leis an cheathrar acu. Cheol muid ar TG4, BBC, Ceoláras na hÉireann agus Áras an Uachtaráin fiú.”

Tugann Gealach na gCuanta seans do dhaoine, ní hamháin sult a bhaint as an amhránaíocht, ach blaiseadh a fháil de thraidisiún ársa ceoil na hÉireann. Traidisiún a bhí faoi cheilt, agus a ndearnadh míléiriú air go minic, ach atá anois á stiúradh sa treo cheart ag sár-obair Mhic Giolla Bhríde agus daoine eile.

• Tá an leabhar ar fáil i gcóip chrua ó doimnic.com agus tá íoslódáil dhigiteach uathúil saor in aisce san áireamh.

• Tá an t-albam Gealach na gCuanta ar fáil anois trí

Bandcamp: doimnicmacgiollabhrde.bandcamp.com/album/gealach-na-gcuanta