Deiseanna agus dúshláin Deeds

Tá ré nua ann ó thuaidh agus Pól Deeds tosaithe ina ról mar Choimisinéir Gaeilge

Coimisinéir Gaeilge nua Thuaisceart Éireann Pól Deeds
Coimisinéir Gaeilge nua Thuaisceart Éireann Pól Deeds

Tá Coimisinéir Gaeilge nua Thuaisceart Éireann tar éis cáineadh a dhéanamh ar an reachtaíocht lenar bunaíodh a oifig, á rá go bhfuil sí doiléir agus lag.

Ag labhairt dó le Scéal tar éis dó a bheith ceaptha sa ról nua Déardaoin seo caite, dúirt an Coimisinéir Pól Deeds nach raibh stádas na Gaeilge i dTuaisceart Éireann go hiomlán soiléir in ainneoin an Achta Féiniúlachta agus Teanga 2022.

“Ní hé fiú go bhfuil aitheantas oifigiúil ann don Ghaeilge, an fhoclaíocht atá ann san Acht ná ‘aitheantas oifigiúil do stádas na Gaeilge’, tá sé sin níos doiléire fós. Cad é a chiallaíonn sin?” a dúirt sé.

“Ní reachtaíocht an-láidir í ó thaobh teanga de, caithfidh mé a rá - níl cearta teanga luaite.”

Dúirt an Coimisinéir Deeds freisin go raibh an baol ann go dtarraingeofaí é isteach in argóintí polaitíochta de bharr forálacha sa reachtaíocht.

De réir an Achta, tá sé de dhualgas ar an gCoimisinéir moltaí a dhréachtú le cur síos a dhéanamh ar “na caighdeáin den chleachtas is fearr” maidir le húsáid na Gaeilge sna heagraíochtaí poiblí.

Caithfidh an Chéad-Aire agus an LeasChéad Aire glacadh leis na moltaí seo áfach sula gcuirtear i bhfeidhm iad.

Dúirt an Coimisinéir Deeds, “Gach seans i dtaca leis na caighdeáin dea-chleachtais go mbeidh deacrachtaí ansin mar gheall ar na fadhbanna atá sa chóras polaitiúil faoi láthair.”

“Le fírinne, níor chóir go mbeadh baint agam leis sin ar fad. Ba chóir go mbeinn ag rá leis na polaiteoirí ar fad, ‘Éistígí seo an dlí anois, caithfidh sibh an dlí a chosaint’.”

Rinne an Coimisinéir cáineadh freisin ar an nasc atá sa reachtaíocht idir teangacha agus féiniúlacht agus ar an gcaoi nach raibh reachtaíocht dhifriúil ann don Ghaeilge agus d’Albainis Uladh.

“Ní thig liom sampla ar bith eile de seo a shamhlú áit ar bith ar domhan,” a dúirt sé.

In éindí le hOifig an Choimisinéara Gaeilge, bunaíodh sa reachtaíocht ról do Choimisinéir “Albainis Uladh agus an traidisiún Ultach Briotanach.”

Tharraing an fhrásaíocht seo cáineadh agus líomhnaíodh gur chuir sé in iúl go raibh baint ag Albainis Uladh le haontachtóirí amháin agus go raibh baint ag an nGaeilge le náisiúnaithe amháin.

“Ar an drochuair, tá an tuiscint sin le fáil san Acht agus is cuimhin liom nach raibh Gníomhaireacht na hUltaise róshásta faoi sin ach oiread,” a dúirt an Coimisinéir Deeds.

“Beidh mise ag déanamh mo sheacht ndícheall le go dtuigfidh daoine nach mbaineann an Ghaeilge leis an phobal náisiúnach nó an fhéiniúlacht náisiúnach amháin.

“Níl a fhios agam an mbeidh an Coimisinéir Reynolds ábalta seo a dhéanamh mar gheall ar an ról atá aige - mar tá sé ag baint leis an traidisiún Ultach Briotanach.”

In ainneoin an cháinte seo, thug an Coimisinéir Deeds le fios go bhfuil sé dóchasach go mbeidh sé in ann an Ghaeilge a chur chun cinn sa saol poiblí ó Thuaidh. Mar sin féin, tuigeann sé go mbeidh dúshláin ann.

“Sílim go bhfuil deiseanna againn leis an reachtaíocht seo daoine ar fud Thuaisceart Éireann a thabhairt le chéile agus sin ceann de na dóchais a bheadh agam,” a dúirt sé.

“Mar is eol do chách, níl cúrsaí ó thuaidh ó thaobh cúrsaí teanga de cosúil leis an timpeallacht atá tógtha againn ó dheas nó sa Bhreatain.

Páirc an tSeandúin in Oirthear Bhéal Feirste, áit ar déantadh damáiste don chomhartha bóthair dátheangach. Grianghraf: Andrew McCarroll/Pacemaker Press
Páirc an tSeandúin in Oirthear Bhéal Feirste, áit ar déantadh damáiste don chomhartha bóthair dátheangach. Grianghraf: Andrew McCarroll/Pacemaker Press

“Tá naimhdeas ar leith ann agus beidh sé deacair dul thairis sin, ach tá sé mar aidhm agam dul thairis.

“Beidh orm a bheith coinsiasach faoi na cúinsí ar leith sa saol polaitiúil agus sa phobal ‘PAD’ [Protastúnach, Aontachtach, Dílseach] anseo, agus is é sin go bhfuil daoine amhrasach faoin Ghaeilge agus bhí le blianta fada.

“Ní bheidh orthu an Ghaeilge a fhoghlaim. Ní bheidh duine ar bith ag tabhairt ar dhaoine an Ghaeilge a labhairt, ach beidh ar dhaoine glacadh leis go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil sa saol poiblí.”

An príomhdhualgas atá ar an gCoimisinéir nua, chomh maith le dréachtú agus monatóireacht a dhéanamh ar na caighdeáin dea-chleachtais, ná “comhairle, tacaíocht, agus treoir” a thabhairt d’eagraíochtaí poiblí maidir le húsáid na Gaeilge.

Dúirt an Coimisinéir Deeds go bhfuil dóchas air go mbeidh sé in ann comhoibriú a dhéanamh le húdaráis phoiblí, dualgas nach mbraitheann ar ionchur ón saol polaitíochta.

“Beidh mé ag déanamh mo dhíchill [a chur in iúl] do na húdaráis phoiblí cén fáth a bhfuil seo tábhachtach,” a dúirt sé.

“Tá mise go láidir den bharúil bunaithe ar an taithí atá agam go bhfuil siad don chuid is mó sásta rudaí fórasacha a dhéanamh i réimse na mionteangacha.”

Dúirt an tUasal Deeds freisin go bhfuil sé tiomanta dualgais a róil a chomhlíonadh in ainneoin bagairtí nó freasúra atá ann i gceantair áirithe.

“Má tá daoine chun a bheith ag scriosadh comharthaí in áiteanna, ní bhaineann sin liomsa… Is ceist í sin don PSNI,” a dúirt sé.

“Beidh mé ag déanamh mo sheacht ndícheall achan duine a choinneáil ar a suaimhneas faoi na rudaí a bheidh mé ag cur i bhfeidhm nó ag iarraidh ar na húdaráis phoiblí a chur i bhfeidhm, ach ní bheidh mé ag fanacht thart le rudaí a mholadh mar gheall ar dhaoine i gceantar ar leith nó in earnáil ar leith a bheith míshásta.”