Maoiniú €5m do thionscadail Ghaeilge

Na Ceithre hAirde: Maoiniú do thionscadail Gaeilge in DCU; cúsa nua Iriseoirí an Lae Amárach; Sparánacht iriseoireachta do mhic léinn tríú leibhéal

Tá maoiniú de beagnach €5 mhilliún a thabhairt do thionscadail Gaeilge in Ollscoil Chathar Bhaile Átha Cliath (DCU).
 Grianghraph: Chris Maddaloni
Tá maoiniú de beagnach €5 mhilliún a thabhairt do thionscadail Gaeilge in Ollscoil Chathar Bhaile Átha Cliath (DCU). Grianghraph: Chris Maddaloni

Fógraíodh Dé hAoine go bhfuil an rialtas chun maoiniú de beagnach €5 mhilliún a thabhairt do thionscadail Ghaeilge in Ollscoil Chathar Bhaile Átha Cliath (DCU).

D’fhógair an tAire Gaeltachta, Dara Calleary, go bhfuil deontas de €4m thar thréimhse ceithre bliana (2026-2029) ceadaithe aige do Ghaois, an grúpa taighde a dhéanann forbairt ar acmhainní nuálacha chun teanga agus saíocht na Gaeilge a chothú.

Tá beagnach €1m le tabhairt freisin thar thréimhse trí bliana don tionscadal eSTÓR de chuid Ionad Taighde ADAPT. Acmhainn é eSTÓR a bunaíodh le háis lárnach náisiúnta a fhorbairt don státchóras inar féidir sonraí dátheangacha teanga agus aistriúcháin a roinnt.

Tá na tionscadail atá forbartha ag Gaois thar na blianta ar chuid de na hacmhainní tagartha is luachmhara dá bhfuil ann i saol na Gaeilge go nuige seo.

Bíonn tóir ag iriseoirí, mic agus iníonacha léinn, aistritheoirí, acadóirí agus ag an bpobal go ginearálta ar acmhainní Ghaois amhail dúchas.ie, logainm.ie, corpas.ie, canúint.ie, agus ainm.ie.

Tá sé i gceist go ndéanfar forbairt shuntasach teicneolaíochta ar na suíomhanna sin agus gcothófar an chéad ghlúin eile de theicneoirí agus de thaighdeoirí sa réimse.

Chomh maith leis an dá fhógra maoinithe, sheol an tAire Calleary an leagan Gaeilge de AI Literacy in the Classroom, tionscadal eile atá forbartha ag Ionad Taighde ADAPT do mhúinteoirí iar-bhunscoile.

Iriseoirí an Lae Amárach 2026
Iriseoirí an Lae Amárach 2026

Cúrsa nua “Iriseoirí an Lae Amárach ‘26″

Beidh deis ag daltaí idirbhliana scileanna agallaimh, ceamara agus eagarthóireachta a fhoghlaim mar chuid de chúrsa iriseoireachta a reáchtálfar in ionaid éagsúla ar fud na tíre an bhliain seo chugainn.

Is cúrsa é Iriseoirí an Lae Amárach ‘26 a thabharfaidh léargas ar ghairm na hiriseoireachta do scoláirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Tá an cúrsa á reáchtáil ag TG4, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), agus Ollscoil na Gaillimhe.

Roinnfidh iriseoirí le taithí leideanna luachmhara agus pointí praiticiúla faoin obair a dhéanann siad. Áireofar seisiún amháin ar líne agus ceithre lá phraiticiúla timpeall na tíre sa chúrsa.

“Tá an iriseoireacht Ghaeilge mar bhunchloch lárnach do sheirbhís TG4 agus cuireann muid fáilte roimh an gcúrsa nua seo,” a dúirt Ardstiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín

Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa, go dtabharfaidh an cúrsa deis do scoláirí iar-bhunscoile Gaeltachta agus lán-Ghaeilge taithí a fháil ar ghairm na hiriseoireachta.

“Cuirfear in iúl dóibh chomh tábhachtach is atá iriseoireacht mhaith agus na féidearthachtaí atá le fáil d’iriseoirí a bhfuil Gaeilge acu,” a dúirt sí.

Caithfidh scoileanna clárú le haghaidh Iriseoirí an Lae Amárach faoi Dé hAoine, 28 Samhain 2025.

Cláraigh anseo: cogg.ie/iriseoiri-an-lae-amarach/

Ní mór d’iarrthóirí a bheith ina mbaill mac léinn den NUJ roimh an spriocdháta d’iarratais.  Grianghraf: PA
Ní mór d’iarrthóirí a bheith ina mbaill mac léinn den NUJ roimh an spriocdháta d’iarratais. Grianghraf: PA

Sparánacht iriseoireachta do mhic léinn tríú leibhéal

Ní gan dua a dhéantar gairm trí mheán na Gaeilge a threabhadh i ngort ina bhfuil an Béarla i réim.

Is minic a bhíonn dúshláin bhreise roimh iriseoirí na Gaeilge: caithfidh siad scileanna iriseoireachta a fhoghlaim, go minic i dteanga eile, de ghnáth an Béarla, rud a fhágann gur féidir leis a bheith níos deacra barr feabhais a bhaint amach sa Ghaeilge.

Tá sparánacht nua de luach €3,000 seolta ag Brainse Átha Cliath de Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí (NUJ) chun glúin nua iriseoirí Gaeilge a spreagadh dul isteach sa ghairm.

Bunaíodh Sparánacht Bhrainse Átha Cliath ar an bprionsabal gur cheart go mbeadh gach pobal rannpháirteach sa dioscúrsa poiblí agus gur cheart go mbeadh pobal na Gaeilge san áireamh ann sin.

Chun iarratas a dhéanamh ar an sparánacht, ní mór d’iarrthóirí alt 500 focal (nach raibh foilsithe go dtí seo) a scríobh i nGaeilge.

Iarrtar orthu cur síos a dhéanamh ar an tsuim atá acu in iriseoireacht na Gaeilge agus a dtuairimí a thabhairt faoin gcaoi ar mhaith leo forbairt a fheiceáil ar iriseoireacht na Gaeilge amach anseo.

Caithfidh iarrthóirí a bheith ina mbaill mac léinn reatha de Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí roimh an spriocdháta d’iarratais agus a thaispeáint go bhfuil siad in oideachas tríú leibhéal.

Iarrfar ar an mbuaiteoir alt 800 focal nó píosa iriseoireachta a scríobh ag deireadh na bliana acadúla seo chun an sparánacht agus ballraíocht mac léinn NUJ a chur chun cinn.

Spriocdháta: 5pm Eanáir 23, 2026

  • Clúdófar táillí cúrsa le €3,000 (nó an luach céanna in stg). Beidh ar an mbuaiteoir fianaise ar chostas na dtáillí a chur ar fáil. Beidh ar na hiarrthóirí a bheith ina mic léinn triú leibhéal (lán nó páirt-aimseartha) in Éirinn.
  • Is don bhliain acadúil 2025-26 an sparánacht seo.
  • Ní mór d’iarrthóirí a bheith ina mbaill mac léinn den NUJ roimh an spriocdháta d’iarratais. Ní mór uimhir bhallraíochta NUJ a bheith san áireamh san iarratas.
  • Ní féidir iarratais a dhéanamh ach amháin ó sheoladh ríomhphoist oifigiúil tríú leibhéal.
  • Iarratas amháin in aghaidh an iarrthóra.
  • D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí tagairt acadúil a sholáthar.
  • Ní mór do gach iarrthóir alt 500 focal a chur isteach ina leagtar amach a spéis san iriseoireacht Ghaeilge.
  • Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na moltóirí. Ní dhéanfar aon chomhfhreagras faoin gcinneadh.

Seol iarratas chuig NUJDublinbranch@gmail.com roimh 5pm Eanáir 23, 2026