Is scéal suimiúil é na bealaí ina gcuirtear síniú brí le bunfhocail agus cé go mbíonn an t-athrú soiléir cuid mhaith den am, is minic a bhaintear casadh tobann gan choinne as bunfhocal. Is léir le teacht na Críostaíochta agus úsáid coincheapanna nua go mb’éigean don Ghaeilge freastal ar na hathruithe a lean an creideamh úr. Is mar sin a tosaíodh ar idirdhealú a dhéanamh idir bráthair agus derb(bh)ráthair. Bhí ciall i bhfad níos leithne le bráthair agus níor baineadh úsáid as derbh-(bh)ráthair - ‘deartháir’ an lae inniu le cur síos a dhéanamh ar bhráthair Críostaí nó reiligiúnda. Dá bhrí sin bhí gaol fola i gceist nuair a tosaíodh ag baint úsáid as dearbh mar réimír. Ar an dóigh chéanna a cumadh deirfiúr as dearbhshiúr nuair a athraíodh -bhsh- go ‘f’ rud a mbeifí ag súil leis (-bh = v + sh = h) ag athrú go ‘f’. Roimh an athrú seo bhaintí úsáid as frásaí mar dhá bhráthair dhearfa(cha) srl. Ar ndóigh, tá an focal siúr againn go fóill ar bhean rialta, mar shampla An tSiúr Máire. Is ábhar suime sa chomhthéacs seo an focal/téarma dearbhfhine. Is é an rud a chiallaíonn an téarma seo grúpa ina bhfuil ceithre ghlúin daoine – ceann feadhna an ghrúpa, a chlann agus a gharchlann agus a gclann sin arís – grúpa a bhfuil dlúthghaol fola eatarthu. Maireann an focal fine i mbéal na ndaoine i gcónaí go háirithe ag plé le cúrsaí polaitíochta agus Páirtí Fhine Gael.
Is é <i>fetán</i> an litriú a bhí air sa tSean-Ghaeilge. I nGaeilge an lae inniu is minic a chiallaíonn an focal sruthán beag caol…
Iarradh orm labhairt ar an tseanfhocal Rinne siad easair chosáin den bhealach/áit agus an chiall atá leis. Le bunús an ráitis a fháil, caithfimid a ghabháil siar go ré na Sean-Ghaeilge. Is as an fhocal esrédidh ‘to scatter, disperse’ a thagann an bhrí atá á húsáid sa tseanfhocal. Is é an bhrí is mó a bhíodh leis mar bhriathar i dtús ama cur síos a dhéanamh ar ábhar ar bith a scaiptí ar urlár, ar bhóthar agus a chuirtí mar leaba(idh) faoi ainmhithe. Is ag tagairt do luachair nó do chochán is minice a bhaintí úsáid as agus le himeacht aimsire tháinig na leaganacha esradh agus esair chun cinn le cur síos a dhéanamh ar an ábhar a bhíodh á spré(adh) nó á scaipeadh.
Ciallaíonn an frása easair chosáin go ndearnadh áit nó bealach siúil de chosán/bhóthar éigin díreach mar a bhíodh i gceist leis an leaba(idh) a chuirtí faoi ainmhithe trí bheith ag satailt nó ag siúl orthu go leanúnach. B’fhearr le daoine nach mbeadh a leithéid ag tarlú agus ar ndóigh le himeacht ama bhíodh sé doiligh siúl ar áit ar bith a bhíodh ina easair chosáin.
Cuireadh síniú breise céille leis an fhocal easair nuair a húsáideadh é le cur síos a dhéanamh ar an dóigh a mbíodh sopóga nó punainn choirce sínte amach ar urlár nó ar thalamh cothrom sula mbuailtí le súistí iad. ‘Tá an easair réidh againn le súisteáil’ a deirtí nuair a bhíodh daoine ag tagairt don chuma ina mbíodh an t-arbhar leagtha amach. Áit eile a cheadaigh úsáid a bhaint as an chaint chéanna an uair a bhíodh an líon á thuaradh i ndiaidh é a bheith ar maos cúpla seachtain i ndabhach uisce. Bhíodh an líon triomaithe caite ar bhóthar ar leith acu agus capaill ag siúl ar na punainn ag iarraidh an cochán nó an barrach a scoitheadh ó shíol an lín. Is seanfhocal coitianta sa teanga ‘Tá an lasair sa bharrach’ nuair a bhíonn fonn ar dhuine a fhógairt go bhfuil an chontúirt ann go mbeidh troid, aighneas agus achrann ar siúl go luath. Bíonn an barrach an-tirim agus furasta a lasadh.
READ MORE
Focal inspéise eile is ea feadán. Is é fetán an litriú a bhí air sa tSean-Ghaeilge. I nGaeilge an lae inniu is minic a chiallaíonn an focal sruthán beag caol a bhíonn go minic ag rith anuas le taobh sléibhe – tá áitainmneacha mar An Feadán Bán, Feadán na Slat srl. coitianta ar fud na tíre. Ciallaíonn feadán píopa nó uirlis chúng chomh maith ar féidir fead nó fuaim a bhaint astu. Is as seo a tháinig an téarma feadóg stáin - píopa ceoil - más maith leat. Uirlis í a bhfuil eolas agus cur amach ag daoine óga uirthi go cinnte na laethanta seo.
Sibhse, a bhfuil suim agaibh sna héin, gheobhaidh sibh an fheadóg ghlas, an fheadóg mhara, an fheadóg chladaigh – éanacha caola tana iad sin a ligeann scread ghéar astu.
Foclóir
Cochán = straw
Ceann feadhna = leader
Dlúthghaol fola = close-knit blood relationship
Luachair = rushes
Punann = sheaf
Satailt = trampling
Sopóg = a little bundle of straw












