Fuinneamh agus fís na nIspíní ceolmhara

Labhair Emma Ferrari le príomhamhránaí Ispíní na hÉireann, Tomás Mulligan

Ispíní na hÉireann
Ispíní na hÉireann

B’éasca a shamhlú gur ainm scigmhagaidh é ‘Ispíní na hÉireann’, banna traidisiúnta a bhfuil fréamhacha acu i dteach tábhairne an Cobblestone i Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath. Feictear greamáin ‘I was touched by Ispíní na hÉireann’ crochta san Ardchathair, agus níos faide i gcéin: san Artach, deisceart na Sile, agus Washington DC, dar le príomhamhránaí an ghrúpa Tomás Mulligan.

“Chuir mé ceann ar bhalla an Tí Bháin… Is dócha go bhfuil mé ar liosta éigin anois!” Is cleasaíocht mhargaíochta iad a chuir le stádas cultais, chomh maith le leathanach Instagram a bhfuil cáil air as méimeanna áiféiseacha polaitíochta a roinnt. Luann Tomás tionchar na Rubberbandits: “Ghlac mé dáiríre leo. Thuig mé iad. Mála plaisteach ar a aghaidh, ach an stuif maith á smuigleáil isteach faoi. Mar an gcéanna leis na méimeanna, tá rud éigin substaintiúil taobh thiar dóibh.”

Ritheann sé liom go bhfuil cosúlacht áirithe idir méimeanna agus an béaloideas: glactar scéal nó íomhá agus déantar comhthéacsú agus athchóiriú air arís agus arís eile. Sin é atá déanta ag na hIspíní lena n-albam nua Poxtail Soup.

Ispíní na hÉireann
Ispíní na hÉireann

Fiú i gcás amhráin ar nós Johnny Jump Up, lena fhonn bríomhar spraíúil, airítear míshuaimhneas áirithe. Pléann na liricí leis an ól agus imní iar-óil, téama uilíoch in Éirinn dar le Tomás. Rian suntasach é Mo Shéamuisín le glór cumhachtach Dhoireann Ní Ghlacáin. “Bhí muid ag útamáil leis, thosaigh sí á chanadh agus chas mé cordaí mionghléis leis… is amhrán scoile é, ach ag éisteacht leis mar a bhí sé againn, shamhlófá máthair, b’fhéidir, in Gaza, ar na sráideanna, ag dul as a meabhair le buairt. Sin cumhacht na n-ealaíon go ginearálta, gur féidir leat léamh éagsúil a dhéanamh air.”

Tá iontaisí agus gile ar an albam freisin, ar ndóigh. Leagan de Sam Hall, mar shampla, a chuirfeadh fuaim mhór One Day Like This le Elbow i gcuimhne agus a d’ardódh croí trom. “Inseoidh mé rún duit,” a deir sé de chogar, “beidh Sharon Shannon linn! A sweetheart!” Déanann sí tionlacan le sleamhnán a scríobh sí féin, The Kings of Kerry.

Ní treocht é. Ceapaim go bhfuil an lá tagtha. Seo éabhlóid ár gceoil náisiúnta folk ag tarlú os ár gcomhair. - Tomás Mulligan

Tá drogall ann fós an phaindéim a phlé, ach is deacair í a sheachaint i gcomhthéacs na nIspíní agus earnáil na n-ealaíon. Ní hamháin gur bhronn an tréimhse sin am ar cheoltóirí, bhronn sé áiseanna agus airgead freisin: “Bhí an íocaíocht dífhostaíochta ar fheabhas do cheoltóirí. Láithreach, bhí leaids ar Thumann ag ordú trealaimh, mar ní raibh teacht isteach rialta mar sin acu roimhe sin. Go tobann tá daoine iontacha leis na huirlisí chun an rud a chruthaíonn siad a thaifead.”

Léiríonn sé bua an Bhunioncaim do na hEalaíona. Cabhróidh sé le banna ar nós na nIspíní, a bhaist an teideal “Hardest Working Band in the World” orthu féin. “Ba bhreá liom é a dhéanamh go lánaimseartha. Faoi láthair táimid ar fad i mbun oibre eile.” Múinteoirí cáilithe triúr acu, tiománaí duine eile, agus tá Tomás féin ag cabhrú lena athair an Cobblestone a rith.

“Is dualgas teaghlaigh é. Ach is áit speisialta í, is onóir é. Is léiriú fisiceach í an áit ar an bpearsantacht agus ar na luachanna atá aige [a athair]... Bhí daoine ag máirseáil ar a shon! Céard dó a bhíonn daoine ag máirseáil? William of Orange?!” Ag an am, ba shiombail é an Cobblestone don mhéid a bhí amú i ritheacht na cathrach. Cultúr á chur faoi chos ag lucht brabúis agus caipitil. “Níor mhothaigh daoine go raibh glór acu. B’shin rud a bhféadfaidís seasamh a ghlacadh ar a shon.”

“Ba chóir stádas UNESCO a thabhairt do thithe tábhairne,” a deir Tomás. “Murach iad ní bheadh an ceol traidisiúnta san áit a bhfuil sé. Níl dóthain méara agam le líon na dtithe tábhairne a chomhaireamh a bhfuil ceol beo iontu cúpla oíche sa tseachtain. Tá sé sin class. Ní treocht é. Ceapaim go bhfuil an lá tagtha. Seo éabhlóid ár gceoil náisiúnta folk ag tarlú os ár gcomhair.”

Measaim féin gur las an feachtas “Dublin is Dead” (a bhfuil tatú ag Tomás dá lógó ar a lámh aige) splanc i meon an phobail, i ndaoine óga go háirithe. Léirigh sé gur fiú infheistiú sa chultúr agus gur féidir é a chosaint. Leagadh bunchlocha ar a bhfuil rath grúpaí mar Chraobh 1916 ag fás, agus a chuir fiú leis na sluaite a thacaigh le CEARTA, léirsiú teanga de chuid Chonradh na Gaeilge ag ar chas na hIspíní.

“Bhí an léirsiú sin sách mothúchánach. An slua ag teacht síos Shráid Theach Laighean le flares - nach iontach flares ag léirsiú! Chonaic muid deatach dearg ag ardú, daoine ag bualadh bodhrán, ag screadaíl. Bhí ríl á casadh againn chun iad a spreagadh. Shamhlóinn gur mar sin a mhothaíonn tú agus drugaí á dtógáil agat. Bheadh orm drugaí a thógáil leis an gcomparáid a dhéanamh, ach shamhlóinn é. Bhreathnaigh muid ar a chéile ‘like, yeah, seo an buzz’”.

Tá éacht léiriúcháin déanta acu le Poxtail Soup. Is léir gur ar ardán a lonraíonn an banna, lena bhfuinneamh spleodrach agus fonn diabhlaíochta, agus d’éirigh leo sin a chaomhnú i bhfoirm fuaime doimhne eipiciúla. “Bhí sé deacair a thaifead mar albam… Ach déarfainn, dóibh siúd atá ag éisteacht linn ó thús, go bhfuil an t-albam tairbheach. Agus beidh sé mar sin, as seo amach.”

Is léir go bhfuil díograis úr anseo: seachas banna a thit le chéile agus a tharla ar ainm ar nós ‘Ispíní na hÉireann’ de thaisme, is cinnte go bhfuil fís agus aidhm acu anois.