Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?
D’éist mé le Hejira le Joni Mitchell nuair a bhíos 12 nó 13 agus níor éist mé le haon rud eile ar feadh cúpla mí. Bhraith mé go raibh mé i mo chónaí sna hamhráin sin, mar bhí íomhánna agus scéalta chomh láidir iontu.
Cén t-ealaíontóir beo is mó a bhfuil meas agat air nó uirthi?
Spreagann obair an fhile agus an cheoltóra Kae Tempest mé go mór. Níos gaire don bhaile, tá obair Michael Keegan Dolan thar a bheith spreagúil.
READ MORE
Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?
Tógaim am ón ríomhaire glúine. Dúirt Seamus Heaney ‘the best ideas arrive in the space between dosing and dreaming’ agus bhí an ceart aige.
Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?
Tá súil agam go raibh tionchar dearfach agam ar an tslí a bhfuil Other Voices tar éis fás mar fhéile, mar shraith teilifíse agus mar bhranda. Tá sé fíorthábhachtach dom a bheith mar chuid de ghnó teaghlaigh — éiríonn libh le chéile agus teipeann oraibh le chéile — ní bhíonn tú riamh leat féin.

Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?
‘I don’t understand why you give your tickets away for free - my advice to you is to sell them for a premium. They could become a luxury item.’
Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?
Dig!, E.R., agus Insomniac City le Bill Hayes.
An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?
Ba é Fergal Daly mo mhúinteoir staire agus mo chóitseálaí cispheile. Roinn sé cóipeanna de Mixmag, agus thug sé dom a chuid bailiúchán sean-ama, cosúil le Live at the Big Beach Boutique. Ba DJ iontach agus cara iontach é. Mo mhúinteoir Béarla í Fiona Kirwan, bhrúigh sí gach dalta ar an mbealach a bhí de dhíth orthu agus scríobh sí litir chugainn an lá a d’imigh muid ón scoil. Ba mhúinteoir staire den scoth eile é Eamonn, mac Nóirín Dan Ní Shuilleabháin, chomh maith, a dúirt i gcónaí, ‘Cén rang, cén lá, cén t-am, cá bhfuillimid? — wakey wakey, smell the coffee!’
Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?
I measc mo chuimhní is luaithe ar ár dtigh i mBaile an tSléibhe, bhíomar (mé féin is mo bheirt deirfiúracha) ag titim inár gcodladh agus fuaimeanna ár n-eagarthóra ag gearradh scannán mham is daid ar athaontú Planxty i Vicar Street le cloisteáil thíos staighre. Thagadh ceoltóirí den scoth chuig ár dteach go minic, mar a thagadh scríbhneoirí agus ealaíontóirí. Bhí an doras ar oscailt i gcónaí. Chruthaigh ár dtuismitheoirí timpeallacht a bhí oscailte do gach saghas duine. Ní féidir liom go leor buíochais a ghabháil leo.

Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?
Nuair a bhíos óg, bhí deis agam taisteal timpeall na tíre le m’athair nuair a bhí sé ag déanamh na sraithe ‘Sé Mo Laoch’ ar TG4 agus cláranna éagsúla eile. Chuamar timpeall na tíre le Tony McMahon chun clár a dhéanamh ar Joe Cooley. Fuair mé oideachas dosháraithe agus léargas luachmhar ar cheol traidisiúnta agus ar scannánaíocht.
Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?
Amy Winehouse ag Other Voices i Séipéal Naomh Séamus in 2006. Bhí an t-ádh orm a bheith ann. Bhí deis agam bualadh léi - thug mé a málaí trí óstán Benners. Bean chineálta, ghreannmhar agus fhial a bhí inti. Bhí a léiriú an oíche sin thar barr ar fad. Ní dhéanfad dearmad air go deo.
Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?
An scannán, Nickel Boys - ceann de na scannáin is uathúla a chonaic mé le tamall fada. Thaitin leabhar Shon Faye, Love in Exile, go mór liom freisin. Tá albam nua Rosalía, Lux, iontach.
Cad iad na hionaid, na gailearaithe, nó na pictiúrlanna is fearr leat?
An Barbican, i Londain. An Guggenheim, i Nua Eabhrac, agus An Phoenix Cinema, sa Daingean.
Amy Winehouse ag Other Voices i Séipéal Naomh Séamus in 2006. Bhí an t-ádh orm a bheith ann. Bhí deis agam bualadh léi - thug mé a málaí trí óstán Benners.
Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?
Tá caighdeán na n-ealaíon in Éirinn i ngach disciplín thar cionn faoi láthair. Tá ár n-ealaíontóirí le feiceáil go hidirnáisiúnta agus tá mé thar a bheith bródúil an caighdeán agus an éagsúlacht atá againn in Éirinn a fheiceáil. Go háirithe sa cheol, tá an oiread sin cruthaitheachta le feiceáil ar fud an oiread sin seánraí. Mar sin féin, tá caighdeáin mhaireachtála agus srianta airgeadais ealaíontóirí in Éirinn fós thar a bheith deacair. Tá imní orm faoi conas ba cheart d’ealaíontóirí tacaíocht a thabhairt dóibh féin nuair a bhíonn siad faoi dhálaí fíor-dheacra maidir le tithíocht, ioncam íseal agus an gá leanúnach iarratais ar dhréachtaí agus iarchláir chasta a dhéanamh. Caithfimid níos mó a dhéanamh chun tacú lenár n-ealaíontóirí.
Cén cineál áite a spreagann thú?
An áit ar fhás mé aníos, Corca Dhuibhne, m’áit dúchais. Táim ag maireachtaint i Londain ach tá mo chroí is m’anam in iarthar Chiarraí. Tá cumhacht agus fuinneamh le fáil ann, ón ngaoth, ón bhfarraige, ó na cnoic.
Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú riamh de bharr do chuid oibre?
Roinnt blianta ó shin bhíomar ag obair thall in Austin Texas, ag taifeadadh sraith Other Voices ann. Lá amháin, dúradh linn go mbeimis in ann dul go dtí rainse Willie Nelson chun taifead a dhéanamh leis. Bhíomar ag fanacht lasmuigh de dhoras an stiúideo a bhí aige. Ag deireadh, tháinig bean amach agus dúirt sí ‘BRING IN THE IRISH!”. Bhí sár-am againn le Willie agus na ceolteoirí eile a bhí ann.
Cad é do mhana?
“Resting is radical.”
Beidh Other Voices ar siúl sa Daingean an deireadh seachtaine seo. othervoices.ie











