Sa taobh seo tíre i gContae Phort Láirge, tarlaíonn sé babhtaí i rith aon seachtain go mbuailfeá le grúpa beag scannánóirí – iad ag taobh an bhóthair ag obair go dian dícheallach i mbun taifeadta. Sin a tharla le déanaí don scríbhneoir seo thíos ar thrá Bhaile na nGall: bhí grúpa i bhfolach faoin bhfaill ag cruthú físe. Is beag aird a thug aon bhall de mhuintir an cheantair orthu. Táimid imithe i dtaithí orthu – na díograiseoirí seo a chruthaíonn ábhair le craoladh. Glactar leo - bíodh criú iomlán scannánaíochta bailithe le chéile, idir léiritheoirí, cheamaradóirí agus chriú fuaime agus soilsithe ag obair leo, nó grúpa beag ag cruthú cláir do lon craois na teilifíse. Ní chuireann aoinne isteach ná amach orthu mar tuigtear go forleathan go bhfuil tionscal na teilifíse agus na craoltóireachta ag dul ó neart go neart i nGaeltacht na nDéise, go bhfuil sé mar dhlúthchuid de ghréasán na háite anois, go bhfuil tábhacht fostaíochta ag baint leis agus go bhfuil meas ag pobal na tíre ar thorthúlacht seo na nDéise.
Is comhlacht atá lonnaithe i nGaeltacht na nDéise, Red Shoe Productions, ar le Maggie Breathnach é, a chruthaigh an tsraith álainn atá díreach críochnaithe ar RTÉ, sraith a lean Imelda May agus í ar thóir Amhráin na nGael.
Is go dtí an ceantar Déiseach seo a tháinig Macalla Teo cúpla bliain ó shin agus iad i mbun an scannáin faisnéise Róise agus Frank, nó Mo Ghrá Buan mar a glaodh air nuair a bhí an scannánú ar siúl. Bhí go leor d’aisteoirí ó pharóiste na Rinne agus an tSeanphobail, idir óg agus aosta, páirteach ann - Ruadhán de Faoite nach raibh ach ina pháiste bunscoile ag an am agus an drámadóir áitiúil Déaglán Turraoin ina measc agus iad ag plé le smideadh, feistis, treoracha an stiúrthóra, agus le feiceáil os comhair na gceamaraí ar an láthair amuigh, ag aisteoireacht taobh le haisteoirí mór le rá cosúil le Bríd Ní Neachtain, Cillian Ó Gairbhí agus Lorcan Cranitch. D’imigh an pobal i gcoitinne i dtaithí ar an bhfústar agus an ruaille buaille ar fad. Chonaic an scríbhneoir seo iad ag aisteoireacht amuigh ar phluda an Choinigéir, lasmuigh de Thigh Tábhairne Uí Mhuirithe agus sa reilig fiú. Is cuimhin liom iad, laethanta dár saol, mé ag obair le mo dheirfiúr, RoseAnn Foley, le breis agus fiche bliain anois, An Corsacach baiste againn ar ár gcomhlacht beag.
Glactar leis gur thosaigh…an ghníomhaíocht chruthaitheach, an bhisiúlacht agus an borradh tionsclaíochta sna nóchaidí leis an gcomhlacht Nemeton.
Glactar leis gur thosaigh an tionscal seo ar fad - an ghníomhaíocht chruthaitheach, an bhisiúlacht agus an borradh tionsclaíochta - sna nóchaidí leis an gcomhlacht Nemeton. Is é an comhlacht seo a chuir tús le gach rud sa cheantar agus atá ar an bhfód le breis agus 30 bliain anois: marcáladh an buaicphointe seo le ceiliúradh mór i mí Mheán Fómhair anuraidh.
READ MORE
Agus é ag cur síos ar an 30 bliain atá bainte amach ag Nemeton, mhínigh Irial Mac Murchú, CEO agus úinéir an chomhlachta, i mbliana in iris bhliantúil Ghaeltacht na nDéise, An Linn Bhuí, go bhfuil “ar an gcomhaireamh deireanach 76 ar an bpárolla (tuairim is dhá thrian díbh ón Rinn agus an Seanphobal) agus timpeall 150 saoroibrí rialta”. I bparóiste beag na Rinne agus an tSeanphobail, is mór an méid é sin – breis agus 50 ag obair ann.
“Teipeann ar chomhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin in Éirinn tar éis 5 bliana ar an meán,” a scríobhann Mac Murchú. “Pé slí a bhféachann tú air, dá bhrí sin, tá éacht déanta ag pobal Ghaeltacht na nDéise, pobal a ghlac an tionscal seo chucu féin ar nós na hiascaireachta nó na feirmeoireachta.”
Go minic feictear grúpa scoláirí agus iad i mbun taifeadta mar in éineacht leis an obair ghairmiúil athá ar siúl ag Nemeton, ritear cúrsa oiliúna 3ú leibhéal ann. Seo Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse & na Meán, i bpáirtnéireacht le hOllscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt agus le maoiniú ó Údarás na Gaeltachta agus Gréasán na Meán Skillnet, an cúrsa atá freagrach as daoine a ullmhú agus a thraenáil do thionscal na teilifíse.
Glactar leis go bhfuil meas ar an nGaeilge tar éis méadú sa tír le tamall de bhlianta – a bhuíochas san b’fhéidir le cabhair ó Mhanchan Magan a d’imigh ar shlí na fírinne níos luaithe i mbliana, le hUachtarán nuathofa na hÉireann, Catherine Connolly, atá tar éis úsáid na teanga a chur i gcroílár a misin agus a deir gur mhaith léi go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oibre in Áras an Uachtaráin le linn a téarma, agus a bhuíochas chomh maith lena réamhtheachtaí, an t-iarUachtarán Micheál D Ó hUiginn, a bhí lárnach i mbunú Teilifís na Gaeilge in 1996, atá mar TG4 inniu.
“Táimid níos tugtha ná riamh do chaomhnú na Gaolainne mar theanga oibre an chomhlachta, in ainneoin na ndeacrachtaí,” a deir Irial Mac Murchú ar An Linn Bhuí. “Agus táimid paiseanta faoin dteanga a chur amach ós comhair an phobail mhóir trí mheán na teilifíse ar bhealach comhaimseartha, dearfach.”
“Ach, níos tábhachtaí ná aon rud eile,” arsa sé agus tuar an dóchais sna focail uaidh a dhéanann tagairt don todhchaí, “tá meitheal óg áitiúil, fhuinniúil, chruthaitheach, éirimiúil, Ghaelach ar bord agus iad ag tnúth go mór leis an gcéad 30 bliain eile.”










