Athruithe i ndán don teagasc creidimh ó thuaidh

Ní chiallaíonn cinneadh na cúirte go gcuirfear deireadh leis an teagasc creidimh reatha a mhúintear i scoileanna

Is tuismitheoirí nach bhfuil reiligiún acu a thóg an cás mar gheall nár aontaigh siad leis an chur chuige a bhí ag scoil a n-iníne maidir le ranganna creidimh
Is tuismitheoirí nach bhfuil reiligiún acu a thóg an cás mar gheall nár aontaigh siad leis an chur chuige a bhí ag scoil a n-iníne maidir le ranganna creidimh

Rialaigh Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe le déanaí go bhfuil an teagasc creidimh i scoileanna Thuaisceart na hÉireann, teagasc ina bhfuil béim ar an Chríostaíocht, mídhleathach.

Is tuismitheoirí nach bhfuil reiligiún acu a thóg an cás mar gheall nár aontaigh siad leis an chur chuige múinteoireachta a bhí ag scoil a n-iníne maidir le ranganna creidimh agus leis an adhradh coiteann. Níor mhian leo í a tharraingt amach as na ranganna mar go mbeadh stiogma ag baint lena n-iníon, an t-aon pháiste nach mbeadh páirteach sna ranganna, agus chinn siad ar chás a thógáil dá réir.

Faoi láthair tá an rogha ag tuismitheoirí cur in iúl do scoileanna gur mhaith leo go mbainfear a bpáiste amach ó ranganna reiligiúin, rud a fhágann nach mbíonn aon iachall ar pháiste páirt a ghlacadh iontu. Mar sin de, bhí córas ann chun difríochtaí agus éagsúlachtaí a aithint. Rialaigh an Chúirt áfach go gcuireann an córas seo ualach ar thuismitheoirí, agus nach bhfuil an t-adhradh coiteann - a dhéantar i scoileanna a leanann an curaclam atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais - á dhéanamh ar bhealach ‘oibiachtúil, iolraíoch agus criticiúil.’

Ní hé go bhfuil córas tuata de dhíth anois chun forálacha an rialaithe seo a shásamh ach beidh athuithe de dhíth a chruthóidh spás do chreidimh agus reiligiúin eile chomh maith. Dúirt an Breitheamh sa chás go raibh ‘easpa iomlán iolarthachta’ i gceist in amanna agus go bhfuil gá le teagasc faoi chreidimh eile agus faoi thraidisiúin agus fealsúnachtaí neamhreiligiúnacha chomh maith.

Beidh gá le hathruithe bunúsacha a dhéanamh ar an churaclam chun an rialú seo a aithint agus an teagasc creidimh a leathnú.

Mar sin, ní chuirfidh sé seo deireadh leis an ábhar reatha a mhúintear i scoileanna agus ní chiallaíonn sé go dtiocfaidh athruithe ar éiteas scoileanna ach an oiread, ach beidh gá le hathruithe bunúsacha a dhéanamh ar an churaclam chun an rialú seo a aithint agus an teagasc creidimh a leathnú.

Sa daonáireamh is déanaí ó thuaidh, dúirt 45.7% den phobal go bhfuil cúlra Caitliceach acu agus 43.48% go bhfuil cúlra Protastúnach acu, agus bhí 19% ann nach raibh istigh i gceachtar den dá rogha sin – an líon is airde riamh.

Mar gheall ar na figiúirí seo, ní nach ionadh gur tháinig cás mar seo chun tosaigh nuair nach bhfuil córas in ann oideachas faoi chreideamh a sholáthar do pháistí i sochaí atá níos imeasctha anois ná mar a bhí riamh agus ina bhfuil tuilleadh daoine nach mothaíonn nasc le córas creidimh ar bith.

Sin ráite, ní léir gur próiseas simplí a bheidh i gceist chun na hathruithe seo a chur i bhfeidhm.

Tagann an rialú seo ag am a bhfuil Aire Oideachais de chuid an DUP san oifig, agus an páirtí sin go láidir den tuairim gur chóir an creideamh Críostaí a choinneáil chun tosaigh sna scoileanna.

Dúirt an Comhalta Tionóil ón DUP Carla Lockhart go raibh ‘díomá’ uirthi faoin rialú agus gur chuir sé ‘an-imní’ uirthi. Dúirt sí chomh maith go bhfuil an DUP tiomanta a chinntiú go gcuirtear teagasc agus luachanna na Críostaíochta chun cinn sna scoileanna, agus go raibh rogha ag tuismitheoirí cheana féin.

Ar an lámh eile, dúirt Nick Mathison, Comhalta Tionóil ó Pháirtí na Comhghuaillíochta atá ina Chathaoirleach ar Choiste Oideachais Thionól Thuaisceart Éireann, nach mbaineann an rialú seo le srian a chur leis an teagasc creidimh ach go gcruthóidh sé ‘spás do chur chuige agus dearcthaí éagsúla’, chomh maith leis an chur chuige reatha.

Agus an tArdeaspag Donal McKeown ag labhairt leis an BBC mar gheall ar an chás cúirte, dúirt sé nach raibh iontas air go bhfuil a leithéid de rialú ag tarlú ag an phointe seo inár stair. Dúirt sé chomh maith go bhfuil sé oscailte maidir le plé a dhéanamh ar churaclam úr teagaisc Chríostaí agus go bhfuil sé ag dúil leis an chéad chéim eile san aistear seo.

Próiseas fada a bheidh i gceist sula n-aithneofar impleachtaí an cháis cúirte ina iomláine agus ní thiocfaidh an plé gan aighneas, go háirithe i bhfianaise an mhéid atá an DUP ag rá maidir leis an Chríostaíocht a chur chun tosaigh go fóill. Is codarsnacht shoiléir é seo lena bhfuil ráite ag an Ardeaspag McKeown.

An cothromas a bheidh le haimsiú ag polaiteoirí agus ag an Roinn Oideachais amach anseo ná spás a aimsiú sa churaclam chun creideamh a mhíniú ar bhealach oibiachtúil, gan cur isteach ar éiteas scoile ag an am céanna.

Ach tá cur chuige níos fearr de dhíth chun aitheantas a thabhairt don líon páistí (atá ag fás) a bhfuil creideamh eile seachas an Chríostaíocht acu nó nach bhfuil creideamh ar bith acu, agus lena chinntiú go bhfaigheann gach páiste teagasc cothrom ar an éagsúlacht sa réimse seo mar chroí-chuid dá n-oideachas scoile.