“Ba bhreá liom a bheith ar ais sa Gleneagle ag an Oireachtas ag a cúig a chlog ar maidin nuair a bhí mé 18, ag béiceacht suas ar Phádraig Ó Sé ar an mbosca ceoil.”

Is scannánóir, grianghrafadóir agus stiúrthóir cruthaitheach é Peadar Ó Goill a bhíonn ag obair le Kneecap, Kiasmos, Lankum, John Francis Flynn, agus le tuilleadh lena gcois.

An scannánóir, grianghrafadóir, agus stiúrthóir cruthaitheach, Peadar Ó Goill.
An scannánóir, grianghrafadóir, agus stiúrthóir cruthaitheach, Peadar Ó Goill.

Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?

Thosaigh mé amach mar cheoltóir nuair a bhí mé 12 nó mar sin. Bhíodh me an-tógtha le Kíla, Fiach, Hothouse Flowers, agus banaí eile a bhí ag cruthú ceol neamhthraidisiunta as Gaeilge. D’oscail sé mo shúile gur feidir linn ár nglór féin a chur chun cinn inár dteanga féin.

Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?

I dtéarmaí scannánaíochta ceapaim go bhfuil Robert Eggers ag cruthú stuif iontach na laethanta seo. Na McGloughlin Brothers as Sligeach chomh maith, tá siad ag brú teorainn na bhfíseán ceoil agus na n-ealaíon digiteach chun cinn le blianta anuas. Ó thaobh ceoil de, éistím le go leor Nihls Frahm agus Olafur Arnolds. I dtaca leis an ealaín, táim iontach tógtha le Dorothy Cross.

Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?

Tá an t-ádh orm go n-oibrím le cruthaitheoirí iontacha ar fud an domhain ar thionscadail éagsúla. Mar sin, nuair nach bhfuil mo chruthaitheacht féin ag sreabhadh mar ba chóir, is féidir liom preabadh ó dhaoine eile agus léimeacht ó thionscadal go tionscadal, agus inspioráid a tharraingt uathu. Á rá sin, is féidir leis a bheith brutal nuair nach féidir leat teacht ar do chruthaitheacht ar chor ar bith. De ghnáth, tugaim am agus spás dom féin - agus pionta - mar is é an rud is measa is féidir leat a dhéanamh ná iallach a chur air.

Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén talann chruthaitheach ba bhreá leat a bheith agat/a fhiosrú?

Ba bhreá liom am éigin teacht ar ais chuig an gceol a sheinm. Bím fós ag seinm ag seisiúin anois agus arís sna pubanna, ach ba bhreá liom mo chuid ceoil féin a scríobh am éigin arís.

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

Tá sé deacair orm bród nó compord a bheith agam i mo chuid oibre. Braitheann mé, dá ndéanfainn sin, nach mbeadh an t-ocras céanna orm chun leanúint de bheith ag saothrú air.

Tá sé deacair orm bród nó compord a bheith agam i mo chuid oibre. Braitheann mé, dá ndéanfainn sin, nach mbeadh an t-ocras céanna orm chun leanúint de bheith ag saothrú air.

Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?

Chuir mé ceist ar chara liom, agus duine de na ealaíontóirí is tábhachtaí a thainig as an tír seo riamh, Mary Hickson: “How do you balance all of the different projects without letting any of them suffer creatively?” D’fhreagair sí, “When it’s time for a project to come to the front of your mind, let it. It will let you know. Outside of that, don’t stress.”

Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?

“Irish is a dead language.”

Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?

Lost In Translation, Quantum Leap, agus Blood Meridian le Cormac McCarthy.

Peadar Ó Goill le Doireann Ní Ghlacáin agus iad ag cur clár TG4 i láthair ón bhFleadh.
Peadar Ó Goill le Doireann Ní Ghlacáin agus iad ag cur clár TG4 i láthair ón bhFleadh.

An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?

Bhí an t-ádh orm gur fhás mé suas ar Oileáin Árann agus go raibh mé ar Ghairmscoil Éinne, áit ar spreag agus ar thacaigh le cruthaitheacht, ceol agus ealaín, agus ar thug am lasmuigh de na ranganna duit chun díriú ar na ceirdeanna sin agus iad a fhoghlaim.

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Bhí mo mháthair agus m’athair thar a bheith tacaíoch don ealaín. Sheinn m’athair i gcéilithe agus scríobh sé filíocht, agus bhí sé ina thacaí ginearálta do chruthaitheacht ar bith. Is léitheoir díograiseach í mo mháthair agus is breá léi ealaín i ngach foirm. Is scríbhneoir iontach í chomh maith. Gan dabht, tógadh mé le grá don ealaín, buíochas leo.

Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?

Seisiúin cheoil le mo chairde agus céilithe sa halla pobail. D’fhoghlaim muid sean-nós chomh maith.

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá?

Ba bhreá liom a bheith ar ais sa Gleneagle ag an Oireachtas ag a cúig a chlog ar maidin nuair a bhí mé 18, ag béiceacht suas ar Phádraig Ó Sé ar an mbosca ceoil.

An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?

Táim chun scannán a scríobh am éigin go gairid.

Cad iad na rudaí is fearr atá feicthe agat le déanaí?

Tá Kneecap ag cur gigeanna i láthair anois atá níos fearr ná aon rud atá feicthe agam riamh. Tá an bheocht agus an fuinneamh dochreidte.

Cad iad na hionaid is fearr leat?

Connolly’s of Leap, an spáslong chruthaitheach is tábhachtaí agus áille ar fud na cruinne. Ta Sam, Mary agus Eileen ag tabhairt spás ansin do chuile chineál ealaíon agus caithfidh muid aitheantas agus grá a thabhairt dóibh mar gheall air sin.

Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?

Níl áit ar bith ar nós tír bheag s’againne. Is pobal cruthaitheach muid. Ó na draoithe Neoiliteacha ag Brú na Bóinne ag tarraingt bíseanna ar na clocha, go Kneecap ag díol amach Wembley Arena sa ‘Belly of the Beast’, ag canadh as Gaeilge i bhfianaise na coilíneachta, Tá sé thar a bheith speisialta a bheith i do chruthaitheoir ón áit seo. Ní mór don rialtas é sin a chothú: cabhrú le cruthaitheoirí óga forbairt, agus cabhrú le daoine tuiscint gur féidir gairm bheo bhrabúsach a bheith san ealaín. Níl gá le ‘real job’, déan cad is maith leat agus beidh ár dtír níos fearr as mar gheall ort.

Cén cineál áite a spreagann thú?

An príomhsheomra in Connolly’s of Leap. Is féidir leat na blianta de cheol is de chruthaitheacht a mhothú ó na ballaí istigh ansin. Is mar gheall ar an seomra sin, agus na daoine thart timpeall air, go bhfuil mé ag leanacht orm ar an mbóthar seo anois.

Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú de bharr do chuid oibre?

Am amháin, bhí mé le feiceáil ar bholg na Teletubbies.

Cad é do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?

Táim iontach bródúil as ár ndaoine. Hup na Gaeil. Hup Kneecap. Hup Manchán. Saoirse don Phalaistín. Tiocfaidh ár lá.

Cad é do mhana?

Nach fánach an áit a bhfaighfeá gliomach.

Una Mullally

Una Mullally

Una Mullally, a contributor to The Irish Times, writes a weekly opinion column