Tá an Nollaig ag druidim linn, agus mar a deir an sean-nath cainte, ‘ní lia tír ná nós’. Tchífidh tú gabhar tuí in Gävle na Sualainne, picil agus líon damháin alla mar mhaisiúcháin ar chrann na Nollag sna Stáit Aontaithe agus san Úcráin faoi seach, agus ‘el caganer’ ag déanamh caca i dtabló na Nollag sa Chatalóin. Beidh bia fulachta ag roinnt daoine san Afraic Theas le haghaidh dhinnéar na Nollag, íosfaidh muintir na Seapáine KFC agus caithfidh ceann urra an tí lán spúnóige de mhilseog leis an tsíleáil sa tSlóivéin d’fhonn rath an teaghlaigh i gcaitheamh na bliana amach rompu a thuar.
Is ag tnúth le coicís lán ceiliúrtha atá muintir Oileán Mhanann. Sa tseanaimsir, thugtaí y Kegeesh Ommidjagh (an Choicís Amaideach) ar shéasúr na Nollag – an tréimhse ó ghrianstad an gheimhridh go dtí an 6 Eanáir – agus is iomaí traidisiún suimiúil a bhaineann léi.
Sean-nósanna a théann i bhfad siar agus a bhfuil a mbunús caillte le cuimhne na seacht sinsear is ea a bhformhór de thraidisiúin Nollag na Manannach. Faightear cur síos ar a lán díobh i gcuntais ón ochtú is ón naoú haois déag, amhail A Description of the Isle of Man (1731) le George Waldron, History of the Isle of Man (1816) le H. A. Bullock agus Folklore of the Isle of Man (1891) le A. W. Moore.
Chuaigh y Kegeesh Ommidjagh i léig le linn an ochtú haois déag agus eaglaisí an oileáin – go háirithe eaglais Mheitidisteach John Wesley – ar a ndícheall ag iarraidh ragairne, piseoga agus deasghnátha ainchríostúla a bhrú faoi chois. Is amhlaidh a rinne díograiseoirí cultúir an oileáin cuid mhór de na sean-nósanna a athneartú nó a athbheochan le blianta beaga anuas, áfach.
READ MORE
Dhéantaí tairngreachtaí ar an 6 Eanáir, <i>Shenn-Laa Nollick</i> (Seanlá Nollag), freisin, a bhformhór ag baint le cúrsaí cleamhnais…
Aithneoidh muintir na hÉireann a lán de na nósanna a bhaineann leis y Kegeesh Ommidjagh – cé go mbíonn difríochtaí ann ó thaobh na mionsonraí de – ach tá cúpla nós uathúil ann freisin. Níl dóthain spáis anseo chun cur síos a dhéanamh ar gach piseog, ach seo achoimre ar na príomhthraidisiúin.
Tosaíonn y Kegeesh Ommidjagh ar Oie’l Thomase Doo (Oíche Fhéile Tomáis Dhuibh) ar an 21 Nollaig. Sna laethanta a bhí, ní dhéantaí aon obair ó Oie’l Thomase Doo go dtí an 6 Eanáir. “Níl scioból ar bith nach mbíonn in úsáid ar feadh na 12 lá, agus gach paróiste ag fostú fidléirí ar chostas an phobail,” a scríobh Waldron in 1731. “Agus ní scorn ar bith leis an aos óg, ná le daoine go maith anonn in aois uaireanta, a bheith i measc na rinceoirí an oíche sin.” Luann sé freisin gur minic a bhíodh fir agus mná óga ag suirí ar chúl fáil, “agus is minic a tugadh orthu beirt móid a thabhairt os comhair na haltóra naofa ina dhiaidh sin le heagla roimh phionós”.
Ní bhíonn aon rince sciobóil ann na laethanta seo, ach bíonn ny Guillyn Baney (na Buachaillí Bána) fós le feiceáil le linn shéasúr na Nollag. Eagraíonn grúpaí de Ghuillyn Baney seónna cleamaireachta ar fud an oileáin. Cé go mbíonn na maisc thuí in easnamh, bíonn na drámaí gairide seo measartha cosúil lena macasamhail in Éirinn, le carachtair amhail Naomh Seoirse, Naomh Pádraig agus an dochtúir, agus scéal faoi throid agus aiséirí. Déantar damhsa claimhte ag deireadh an tseó freisin.
Oíche Nollag, ba ghnách le Manannaigh freastal ar sheirbhís eaglasta le solas coinnle, mar a gceoltaí carvallyn (carúil). Ní bhaineann a bhformhór de na carvallyn le saolú Chríost ach le breithiúnas agus slánú, leis na Flaithis agus le hIfreann, agus tá roinnt díobh an-fhada: tá carval ann a bhfuil 320 véarsa aige! Is cosúil nach mbíodh na seirbhísí róshollúnta, áfach: de réir Moore, bhíodh na mná óga ag caitheamh piseanna triomaithe leis na fir óga neamhphósta. I ndiaidh na seirbhíse, théidís chuig an teach tábhairne fá choinne leann spíosraithe, agus ag deireadh na hoíche, cheoltaí ‘Arrane Oie Vie’. Cluintear carvallyn i nGaeilge Mhanann ag an Nollaig go fóill, ach ní bhíonn siad chomh fada an lá atá inniu ann.
Ócáid phobail a bhíodh i Lá Nollag fadó, agus bhíodh an-scléip ann agus fidléirí ag dul ó chóisir go cóisir. Na laethanta seo, is ar Laa’l Steoin (Lá Fhéile Stiofáin) a thagann pobal Mhanann le chéile chun páirt a ghlacadh i seantraidisiúin an tséasúir.
Bíonn seilg an dreoilín againne in Éirinn agus bíonn shelg y drean ag na Manannaigh (cé gur éan bréagach a bhíonn in úsáid acu ar na saolta seo). Ní bhíonn bréagriocht ar bith ann i Manainn ach, mar a rinneadh in Éirinn, déantar rince timpeall ar “chuaille an dreoilín”. Is é an scéal a chuala mé in Éirinn go ndearna an dreoilín Naomh Stiofán a bhrath, gur tharraing an ceol s’aige aird na n-údarás ar an áit a raibh Stiofán i bhfolach. Tá an scéal sin le fáil ar Oileán Mhanann, ach tá míniú eile ag na Manannaigh ar an ghráin a bhíodh ag a sinsir ar an éan bheag. Deirtear go raibh sióg álainn ann fadó a bhíodh ag mealladh fir óga chun a mbáite san fharraige. Nuair a chuaigh ridire sa tóir uirthi, d’éalaigh sí i riocht dreoilín. Na héin a maraíodh sna seanlaethanta, chaitheadh iascairí a gcleití mar ortha in aghaidh an bháite.
Nós eile a leantar leis go fóill is ea an cluiche cammag a imrítear ag Balley Keeill Eoin ar Lá Fhéile Stiofáin. Is geall leis an iomáint é an cammag, ach gan mórán rialacha! Ní bhíonn aon teorainn le líon na n-imreoirí – imríonn foireann an tuaiscirt in éadan fhoireann an deiscirt – agus is iomaí uirlis a úsáidtear mar chamán, ó shlata saileoige go tuanna agus scáthanna fearthainne!
Bhíodh an-tábhacht le hOíche Chinn Bliana, Oie Nollick Veg, freisin. Oíche tairngreachtaí a bhí inti, agus bhíodh nósanna éagsúla á gcleachtadh chun a fháil amach an bhfaigheadh ball ar bith den teaghlach bás laistigh den bhliain amach rompu. Tá traidisiúin an chéad chuairteora – nó y quaaltagh, mar a thugtar air ar an oileán – fós láidir sa lá atá inniu ann, nós a fhaightear in Albain agus in áiteanna in Éirinn agus i dtuaisceart Shasana freisin. Más fear dorcha an chéad chuairteoir a thagann chun an tí tar éis meán oíche ar Oíche Chinn Bliana, beidh rath ar an teaghlach, ach más bean, fear rua nó fear spágach a thagann, ní bheidh ach mí-ádh i ndán dóibh.
Dhéantaí tairngreachtaí ar an 6 Eanáir, Shenn-Laa Nollick (Seanlá Nollag), freisin, a bhformhór ag baint le cúrsaí cleamhnais, ina measc, “dícheannadh an fhidléara”: chuirfeadh an fidléir a cheann in ucht girsí agus ansin déarfadh sé ainm an duine a dtitfeadh sí i ngrá leis. De réir Waldron, bhí na Manannaigh an-dáiríre faoi na tuartha sin.
Is ar Shenn-Laa Nollick a fheictear y Laair Vane (an láir bhán), láir thaibhsiúil a fhéachann le daoine a scanradh. Bíonn a macasamhail le feiceáil in amanna ar mhórshiúlta sheilg an dreoilín in Éirinn, agus sa Bhreatain Bheag, mar a dtugtar y Fari Lwyd uirthi.
Agus leis sin, tagann y Kegeesh Ommidjagh chun deiridh... go ceann bliana, ar scor ar bith!
Nollick ghennal as blein vie noa! Nollaig shona agus bliain úr mhaith!











