Tá an Nollaig buailte linn, tá áthas in san aer, agus tá daoine ag dul amach agus ag ceannach faoi dhriopás. Is furasta a bheith faoi bhrú an t-am seo bliana, agus níl tú leat féin má tá an liosta rudaí atá le déanamh agat ag éirí níos faide agus níos faide arís. Caitheann muid ar fad cuid mhór airgid ar stuif nach bhfuil de dhíth orainn i ndáiríre, ar thruflais a cheannaíonn muid faoi dheifir agus ar bhia a chríochnaíonn sa bhosca bruscair ar deireadh.
Is féidir na nósanna seo a bhriseadh má sheasann muid siar agus má smaoiníonn muid ar an mhéid atá á chaitheamh sa tralaí againn. Is fearr i bhfad maisiúcháin ardchaighdeáin a cheannach a bheidh tú in ann a choinneáil agus a úsáid arís agus arís. Cé go mbíonn siad níos costasaí, ní bheidh ort tabhairt faoi shiopaí na mórshráide leis na maisiúcháin phlaisteacha indiúscartha a cheannach achan uile bhliain. Smaoineamh deas eile is ea maisiúcháin bheaga a dhéanamh le teaghlach nó le cairde. Is féidir fleasca a chróiseáil, píosaí oráistí a thriomú agus a chur le chéile nó caora péine a mhaisiú agus cuimhní geala na Nollag a chruthú lena chéile.

Bíonn cathú ar dhaoine go leor leor bia a cheannach nuair a bhíonn blasanna úra agus féiltiúla ar fáil sna siopaí um Nollaig. Is ag an am seo den bhliain is mó a bhíonn daoine ag ceannach smailceacha agus féiríní beaga ‘ar eagla na heagla’ go mbeadh daoine ag teacht chuig an teach gan choinne. Is deas a bheith ullmhaithe i gcónaí, ach bí cinnte go smaoiníonn tú sula gceannaíonn tú ionas nach gcuirfear lear mór bia amú.
An bhfuil duine nó beirt i do shaol a mbíonn sé iontach deacair bronntanas a cheannach dóibh? Má tá tú i bponc, cuimhnigh nach gcaithfidh tú rud éigin fisiciúil a cheannach i gcónaí – is féidir eispéireas a chur in áirithe nó rud deas a phleanáil le déanamh lena chéile. Cad é faoi dhearbhán le dul amach le haghaidh béile nó caifé deas sa chathair? Ciallaíonn sé sin nach mbeidh tú ag ceannach truflaise go díreach le rud a cheannach do dhuine, agus beidh lá deas pleanáilte agat le bheith ag súil leis agus muid ag dul isteach sa bhliain úr.
READ MORE
Go raibh Nollaig mhór mhaith agus inbhuanaithe agat!

Léirigh do ghrá do Dhún na nGall le lomra
Is branda comhaimseartha éadaí Éireannacha é XiV a dhíríonn ar phíosaí ar leith a léiríonn do phearsantacht chomh maith le d’Éireannachas. Chonaic mé na barréidí lomracha le híomhá den Earagail orthu cúpla mí ó shin agus thit mé i ngrá leo, cé gur claonta an tUltach mé! Bheadh ceann de na lomraí seo galánta teolaí le caitheamh ort an chéad rud maidin gheimhridh.
Díolann siad réimse t-léinte agus húdaithe Gaeilge, chomh maith le roinnt geansaithe reitreo CLG atá go mór mór i bhfaisean faoi láthair. Más maith leat féin teachtaireacht a thabhairt trí do chuid éadaí, ba cheart duit súil a chaitheamh ar XiV.
Tá na barréidí lomracha (€135) ar fáil ar xivclo.com.
Ruaig Ragairne i gcroílár Chorcaí

Grúpa sóisialta Gaeilge is ea ‘Sos Lóin’ a thagann le chéile go rialta ag am lóin leis an Ghaeilge a labhairt agus a chleachtadh. Tugann sé deis d’fhoghlaimeoirí níos mó Gaeilge a úsáid ó lá go lá agus tugann sé deis do chainteoirí líofa bualadh le Gaeilgeoirí eile ina gceantar féin. Spreagtar daoine lón pacáilte a thabhairt leo, rud a chiallaíonn gur imeacht saor in aisce atá ann. Bíonn teacht le chéile rialta ar siúl i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.
Fágfaidh Sos Lóin an bia sa bhaile an 11 Nollaig 2025 mar beidh siad ag dul amach i gCathair Chorcaí do Chóisir Nollag na bliana seo. Craic ar dóigh atá geallta ar an oíche agus iad ag déanamh a mbealaigh trí thithe tábhairne na cathrach.
Ar mhaith leat dul ann? Tá tuilleadh eolais ar fáil ó sosloin.ie.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Damien Dempsey
Beidh laoch Dhomhnach Míde ag filleadh ar Shráid an Bhiocáire an mhí seo don tsraith bhliantúil ceolchoirmeacha a mheallann na mílte achan uile Nollaig. Tá Damien Dempsey ar dhuine de na hamhránaithe agus na scríbhneoirí is mó agus is cumhachtaí i saol an cheoil in Éirinn ó 1997 i leith, a sheasann an fód do dhaoine ar an imeall agus a labhraíonn amach faoi cheisteanna sóisialta cosúil leis an bhochtaineacht agus an éagóir.
Tabharfaidh Dempsey faoi ardán Shráid an Bhiocáire go ceann sé oíche i mbliana – sé oíche lán paisin agus tréine a chuirfidh do chroí sa Nollaig agus sa cheol chomh maith. Is cinnte go ndéanfaidh guth láidir Dempsey, a lucht leanúna dílis agus na hamhráin áille chumhachtacha iarracht mhaith an díon a bhaint den ionad. Níor cheart na ceolchoirmeacha seo a scaoileadh tharat!
Tá ticéid do cheolchoirmeacha na Nollag i gCorcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Sráid an Bhiocáire ar fáil ar ticketmaster.com. Moltar dul agus do thicéad a fháil go luath mar níl mórán fágtha do cheann ar bith de na dátaí.














