An tseachtain seo caite, thaisteal 30 imreoir idirchontae go hUganda. Is gluaiseacht an-tábhachtach é Warriors for Humanity agus tá an tionscadal Plant the Planet Games ina chuid lárnach de, in éineacht leis an gcarthanacht Self-Help Africa. Táthar ag súil go mbeidh tionchar buan acu ar an gcomhshaol, ar phobail éagsúla i dtíortha na hAfraice agus in Éirinn chomh maith. Is í an aidhm fhadtéarmach atá leis an togra ná dul i ngleic le himpleachtaí an athraithe aeráide agus milliún crann a phlandáil taobh istigh de bhliain. Le trí bliana anuas, tá 120 imreoir tar éis taisteal go dtí an Chéinia le crainnte a chur. Bailíonn imreoirí idirchontae in Éirinn airgead don charthanacht agus taistealaíonn siad go dtí tíortha san Afraic le cluichí a imirt lena gcuid scileanna a roinnt le pobail áitiúla, chomh maith le crainn a phlandáil. De réir Chumann na nImreoirí Gaelacha, tá €1.3 milliún bailithe acu le linn na tréimhse sin. Seo an chéad bhliain gur thaisteal 30 imreoir go hUganda.

Glacann réimse leathan imreoirí idirchontae leis an deis a bheith páirteach sa togra. Reáchtáladh an chéad ‘Plant the Planet Games’ i mí na Samhna 2022 nuair a chuaigh thart ar 50 imreoir idirchontae ar thuras seachtaine go dtí an Chéinia. Athrú saoil a bhí ann, dar leis na himreoirí a bhí ar an gcéad turas inár bailíodh os cionn €500,000 le crainnte a phlandáil. Rinneadh go leor iarrachtaí leis an scéal a scaipeadh sna meáin áitiúla agus sna meáin náisiúnta anseo in Éirinn. Craoladh an clár ‘Gaiscí GPA i Kenya’ ar TG4 in 2023. Tugadh léargas sa chlár ar an turas a rinne 50 imreoir CLG go dtí an Chéinia chun milliún crann a chur. Taispeánadh na himreoirí agus iad ag foghlaim faoin gcultúr agus saol nua seo mórthimpeall orthu. I measc na n-imreoirí atá tar eis an deis a thapú ó 2022 tá Sean Finn agus Tom Morrisey ó Luimneach. Chuaigh iománaí Aontroma, Neil McManus, chomh maith le Barry Heffernan agus Conor McCarthy, iománaithe Thiobraid Árann. Deis speisialta atá ann d’imreoirí - a mbíonn comhrac an bhradáin eatarthu ar an bpáirc imeartha - teacht le chéile i gcomhthéacs eile ar fad. Tá Grace Walsh (Cill Chainnigh), Niamh O’Sullivan (An Mhí), Lyndsey Davey (Áth Cliath) agus Libby Coppinger (Corcaigh) i measc na n-imreoirí ban a thaisteal ar na turais roimhe seo.
Is é iar-imreoir na Gaillimhe Alan Kerins a chuir tús leis an tionscnamh sa bhliain 2022. D’imir Alan Kerins iomáint agus peil do Ghaillimh. Tharraing sé go leor conspóide nuair a tugadh isteach ar fhoireann peile idirchontae na Gaillimhe é in 2001. Bhí aithne mhaith aige mar iománaí idirchontae cheana féin ach cuireadh ag imirt ar an bhfoireann peile é in ainneoin nár imir sé i gcraobh na gclubanna le Bóthar na Trá fiú. D’éirigh go maith lena chuid iarrachtaí, áfach, nuair a shiúil sé suas céimeanna Pháirc an Chrócaigh agus bonn Uile-Éireann á bhailiú aige bliain ina dhiaidh sin.
Is imreoir ar leith é Alan mar go bhfuil boinn i gcraobhacha clubanna na hÉireann buaite aige san iomáint agus sa pheil agus is é an t-aon fhear riamh é a bhfuil sé sin déanta aige le clubanna éagsúla. Tá sé i mbun obair charthanachta ó tháinig The Alan Kerins Projects ar an bhfód in 2005. Tá os cionn €5 mhilliún bailithe ag an gcarthanacht ó shin i leith agus iad ag obair ar go leor tionscadal agus cláir tharrthála ríthábhachtacha do phobail ar fud an domhain. Deir Alan go gcaitheann sé a shaol ar mhaithe le daoine eile anois agus is é an meon atá aige ná díriú ar phobail, ar a spioradáltacht, ar a theaghlach agus ar a chairde mar gurb iad sin na rudaí a chabhraigh go mór leis féin agus lena bhean chéile nuair a saolaíodh a mac Ruadhán agus é tinn.
READ MORE
Léiríonn an togra gur féidir le spórt a bheith i gcroílár na hoibre daonnúla agus, go deimhin, athraithe fadtéarmacha a spreagadh. Trí imreoirí Chumann Lúthchleas Gael a thabhairt go dtí an Chéinia agus go hUganda agus trí chluichí Gaelacha a eagrú ansin, cuirtear béim ar a ról daonnúil agus ar fhadhbanna domhanda cosúil le hathrú aeráide. Tugtar deis d’imreoirí labhairt le muintir na háite, dul i dtaithí ar shaol difriúil agus eolas a fháil ar chultúr agus ar nósanna na ndaoine. Is minic a thugann siad cuairt ar scoileanna freisin. Ní hamháin go mbíonn tionchar dearfach ag an tionscadal láithreach ach cruthaítear oidhreacht bhuan: crainn a fhásfaidh agus a thacóidh le daoine maireachtáil. Tá sé mar aidhm ag Warriors for Humanity go spreagfar daoine eile - imreoirí, lucht tacaíochta, gnólachtaí - tabhairt faoi thionchar níos mó fós a imirt ar an leibhéal domhanda agus caidrimh dhearfacha agus inbhuanaithe a fhorbairt, a neartú agus a chothú idir náisiúin. Tá na síolta curtha anois agus táthar ag súil go mbeidh pobail na háite in ann leas a bhaint astu sna blianta amach romhainn.














