Ceol, damhsa agus craic idir dhá Nollaig

Thall is Abhus: Craic idir dhá Nollaig, Kneecap ag All Together Now 2026; In am codlata agus Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach.

Spraoi agus scéip i nGaoth Dobhair
Spraoi agus scéip i nGaoth Dobhair

Scoth an cheoil, an damhsa agus na craice a bheidh san aer i nGaoth Dobhair an Nollaig seo agus Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 2025 faoi lán seoil. Clár cúig lá ar an iomlán atá beartaithe ina dtabharfar deis do dhaoine de gach aois blaiseadh a fháil de dhraíocht an cheoil thraidisiúnta i gcroílár Ghaeltacht Iarthuaisceart Thír Chonaill.

Más ceoltóir thú atá ag teacht i gcrann nó atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar do scileanna ceoil, beidh liosta fada ceardlann ar siúl lena ndíreofar ar go leor uirlisí éagsúla – an fheadóg mhór, an cairdín, giotár agus basúcaí, an bodhrán agus eile chomh maith leis an amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós. Más fearr leat díriú ar an chraic, beidh togha agus rogha na gceoltóirí le cluinstin fud fad an cheantair chomh maith le seisiún i dTeach Hiúdaí Beag achan oíche. I measc na gceoltóirí a bheidh i láthair ag féile na bliana seo tá Moya Brennan (Clannad), Mairéad Ní Mhaonaigh (Altan), Eoghan Ó Ceannabháin, Méabh Mulligan, Andrew Hendy (The Mary Wallopers) agus an banna ceoil ‘Cuas’.

Beidh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ag titim amach idir 27 Nollaig agus 1 Eanáir. Tá spásanna teoranta ar fáil sna ceardlanna agus i lóistín na háite. Téigh i dteagmháil trí ríomhphost ag sggd@crannog.ie nó cuir scairt ar 0749532208 le haghaidh tuilleadh eolais.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil an banna Kneecap chun seinnt ag All Together Now in 2026
Fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil an banna Kneecap chun seinnt ag All Together Now in 2026

Kneecap le seinm ag All Together Now 2026

Fógraíodh an tseachtain seo caite go mbeidh Kneecap ag tabhairt faoi ardán All Together Now an samhradh seo chugainn. Is é Kneecap an chéad bhanna a fógraíodh don fhéile, a mheallann sluaite móra achan bhliain agus atá anois ina seachtú bliain ar an fhód. Cuirfear an liosta iomlán ceoltóirí agus taibheoirí amach sa bhliain úr.

Tá ag éirí go hiontach le Kneecap le cúpla bliain anuas, idir scannán a bhain duaiseanna amach, ticéid a dhíol go tiubh timpeall an domhain agus ‘Fine Art’, albam a tháinig isteach ag uimhir a dó sna cairteacha. Bhí siad le feiceáil ar mhórstáitsí na tíre le Fontaines D.C. an samhradh seo caite chomh maith le stáitsí Glastonbury agus Electric Picnic.

Is ar an deireadh seachtaine saoire bainc i mí Lúnasa a bhíonn All Together Now ar siúl gach bliain agus cuirtear fáilte roimh lucht féachana d’achan aois i rith an lae. Deis den scoth a bhíonn ann sult a bhaint as clár iontach ceoltóirí agus fuirseoirí araon chomh maith le dul ag campáil ar thailte Eastát an Churraigh Mhóir i bPort Láirge.

Tá ticéid All Together Now 2026 ar fáil anois.

Tá cúpla bealach chun an lámh in uachtar a fháil ar neamhord mothachtálach séasúrach.
Tá cúpla bealach chun an lámh in uachtar a fháil ar neamhord mothachtálach séasúrach.

Anois an t-am bliana do sháith codlata a fháil

Le grianstad an gheimhridh a thagann maidineacha agus tráthnónta dorcha a chuireann drochspion orainn ar fad. Cé go mbíonn frustrachas agus easpa saoirse ag baint leis an dorchadas seo, go háirithe más duine thú a bhíonn ag obair 9-5 in oifig nó i scoil, tá cúpla bealach leis an cheann is fearr a fháil ar neamhord mothachtálach séasúrach agus leas a bhaint as an am seo bliana.

Déanaim féin iarracht a dhéanamh dul amach ar mo bhriseadh lóin le solas na gréine nádúrtha agus cuid vitimín D a fháil. Ansin, nuair a thagaim abhaile san oíche, bím ábalta dinnéar a dhéanamh deas luath agus cúpla uair an chloig sa bhreis de chodladh a fháil. Faighim go gcuireann na tráthnónta dorcha tuirse orm i gcónaí agus mar sin de is maith liom leas a bhaint as seo nuair a bhíonn an deis agam. Is maith liom mo scíth a ligean sa leaba le leabhar nó podchraoladh maith agus mo shuaimhneas a dhéanamh ionas go mbeidh mé réidh le hoíche fhada chodlata a bheith agam.

Cuidíonn an codladh seo mo chraiceann a choinneáil deas glan agus mín, cuidíonn sé liom díriú níos fearr ar cibé rud atá idir lámha agam an lá ina dhiaidh, agus músclaím ar maidin réidh don lá atá os mo chomhair amach.

Sliabh Candles
Sliabh Candles

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Sliabh Candles

Branda galánta Gaeltachta is ea Sliabh Candles a dhéanann coinnle as céir shoighe nádúrtha agus lámhdhoirte i mbaisceanna beaga i nGaeltacht Chonamara. Tá coinneal agam féin sa halla i mo theach agus ní shílim go bhfuil duine ar bith tagtha isteach sa doras nach bhfuil i ndiaidh moladh a thabhairt don bholadh álainn ‘Atlantic Way’.

Tá nath cainte nó seanfhocal scríofa ar gach coinneal agus mar sin bronntanas álainn Gaelach a bheadh ann d’ócáid nó ceiliúradh ar bith. Is breá liom an réimse úr bolaithe atá acu don Nollaig, ‘Winter Warmer’ ach go háirithe. Má tá duine ar bith fágtha ar do liosta siopadóireachta go fóill, cén fáth nach bhfaighfeá coinneal dheas Nollaigiúil daofa?

Tá coinnle Sliabh (€22 an ceann) ar fáil ar sliabhcandles.com nó is féidir iad a bhailiú go háitiúil i Ros a’ Mhíl, Co. na Gaillimhe.