Tá Raidió na Life ag earcú Bainisteoir Stáisiúin i láthair na huaire.
Tá Muiris Ó Fiannachta, atá ina bhainisteoir, ag imeacht chun dul ag obair in earnáil eile, tar éis dó a bheith leis an stáisiún ó 2007 i leith.
Ba ar an 25 Meán Fómhair 1993 a chuaigh Raidió na Life ar an aer den chéad uair agus tá fáil anois ar an tseirbhís ar fud an domhain.
Tá dlúthbhaint ag an stáisiún le saol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus tá an-cháil air as an tacaíocht a thugtar do chraoltóirí óga.
READ MORE
I measc iarchraoltóirí an stáisiúin tá Sharon Ní Bheoláin, Cormac Ó hEadhra, Aedín Gormley, Fachtna Ó Drisceoil, Sinéad Crowley, Ruairí Mac Con Iomaire, Michael McCormack, Rónán Ó Muirthile, Colm Ó Mongáin, Gráinne Faller, Cearbhall Ó Síocháin, agus go leor eile nach iad.
Rinne an stáisiún ceiliúradh ar 30 bliain ag craoladh roinnt blianta ó shin, in 2023.
Post ar chonradh lánaimseartha buan atá sa phost seo, atá maoinithe ag Foras na Gaeilge trína Scéim Raidió Pobail.
I measc phríomhdhualgais an róil beidh ar an duine a roghnófar Raidió na Life a bhainistiú go héifeachtach agus súil a choinneáil ar chúrsaí airgeadais, pá agus reáchtáil an stáisiúin. Beidh ar an duine a cheapfar Gaeilge líofa a bheith acu idir scríofa agus labhartha.
Is féidir iarratas a dhéanamh trí litir chumhdaigh, leathanach amháin ar a mhéad, agus cóip de do CV a sheoladh chuig bainisteoir@raidionalife.ie faoin 18 Eanáir, 2026.

Digitiú déanta ar bheathaisnéis thábhachtach
Tá ciorcail léitheoireachta thar lear agus in Éirinn ag léamh fá shaol scríbhneora as Dún na nGall a mhair sa 19ú haois agus a throid go cróga ar son na Gaeilge.
Rinne Seirbhís Leabharlainne Comhairle Contae Dhún na nGall an bheathaisnéis a scríobh Liam Ó Connacháin ar Niall Mac Giolla Bhríde a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach agus rinneadh an leabhar a sheoladh ar an Chraoslach ar an 11 Nollag.
B’fheirmeoir as an Fhaiche Mhór, an Craoslach, é Niall Mac Giolla Bhríde agus rinne Pádraig Mac Piarais ionadaíocht dó sa Chúirt in 1905 nuair a gearradh fíneáil air de bharr go raibh a ainm scríofa i nGaeilge aige ar a charr.
Scríbhneoir agus cumadóir amhrán a bhí ann fosta agus ba é a chum leithéidí ‘Mo Chró Beag ag bun Chnoc a’ Tí’ agus an t-amhrán Béarla ‘Noreen Bawn’.
Ag labhairt dó ag seoladh an leabhair, leag Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, an Comhairleoir Contae neamhspleách Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, béim ar thábhacht na Gaeilge agus ar an dóigh ar spreag saothar Néill gníomhaíochas teanga.
Rinne Cathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleanntach, an Comhairleoir neamhspleách Michael McClafferty, an leagan digiteach den leabhar a sheoladh go hoifigiúil.
Dúirt sé: “Rinne Niall Mac Giolla Bhríde an-obair ar son na Gaeilge agus ba chóir dúinn aitheantas a thabhairt d’achan rud a bhain sé amach ina shaol mar scríbhneoir agus gníomhaí teanga.”
Dúradh go rachaidh an leabhar chun tairbhe go mór do mhuintir Dhún na nGall agus do lucht léinn ar fud an domhain a mbeidh fáil acu ar an acmhainn seo. Sheol Cumann Pobail an Chraoslaigh leabharlann bheag phobail ar an oíche chomh maith. Bhí garnia le Niall, Aodhán Ó Cinnéide, i láthair le plaic chuimhneacháin in ómós dá sheanuncail a nochtadh.
Chuaigh daoine i dteagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall lena rá go bhfuil ciorcail léitheoireachta ag léamh an leabhair, ceann i Londain agus ceann eile i gCiarraí ina measc.

Deis ar phost do lánúin ar an mBlascaod Mór
Tá post ar leith a thabharfadh deis do lánúin cónaí le chéile ar oileán amach ó chósta na hÉireann á fhógairt i láthair na huaire.
An Blascaod Mór an t-oileán atá i gceist agus bheadh an lánúin ann le linn na míonna turasóireachta. 1953 an bhliain deiridh a raibh pobal ceart ag maireachtáil ar an oileán.
Tá an Blascaod Mór ar an oileán ba mhó de na Blascaodaí agus é thart ar cheithre míle ar fhad. Is mór an deis é do dhaoine a bhfuil suim acu sa nádúr, i saol na farraige, agus atá sa tóir ar fhaoiseamh a fháil ón ghnáthshaol. Cuireann na mílte isteach ar an phost seo go hiondúil.
Déanfar an lánúin a roghnú i mí Feabhra agus rachaidh siad isteach ar an oileán sula dtosóidh séasúr na turasóireachta.
Dúradh go bhfuiltear ag lorg daoine díograiseacha arbh fhéidir brath orthu, atá ábalta glanadh, péinteáil agus fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teacht isteach chun an oileáin agus sólaistí a chur ar fáil dóibh sa chaife.
Tá trí theach lóistín ar an oileán agus bíonn sé gnóthach le cuairteoirí le linn shéasúr na dturasóirí.
Is cinnte gur post éagsúil é agus go mbeifear ag brath ar chúrsaí aimsire ó am go ham.
Iarrtar ar dhaoine foirm iarratais a líonadh agus cur in iúl an bhfuil cumas sa Ghaeilge acu.
Má tá suim agat sa phost déan teagmháil le jobs@greatblasketisland.net. Déanfar aon iarratas poist nó fiosrúchán a chuirtear go dtí info@greatblasketisland.net a scrios go huathoibríoch mar gurb é seo an seoladh a bhaineann leis na háirithintí amháin.










