Corraíl i ndán le linn 2026

Is cinnte nach bliain leadránach pholaitíochta atá romhainn

An Taoiseach Micheál Martin le Xi Jinping i mBéising an tseachtain seo caite. Grianghraph: An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
An Taoiseach Micheál Martin le Xi Jinping i mBéising an tseachtain seo caite. Grianghraph: An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Rud amháin atá soiléir cheana féin faoi 2026: bí cinnte nach mbeidh sí leamh ná leadránach ó thaobh na polaitíochta de.

Níl ach coicís amháin de mhí Eanáir caite againn agus, cheana féin, tá farasbarr d’eachtraí drámatúla spleodracha.

Tá sé deacair anáil a tharraingt ná súil a bhaint den nuacht ar fhaitíos go gcaillfidh tú aon ghníomh nó luíochán polaitiúil.

Tá uachtarán Veiniséala Nicolás Maduro fuadaithe óna thír féin ag na Stáit Aontaithe agus sáite faoi choinneáil i Nua-Eabhrac le gach cosúlacht ar an scéal go ngearrfar téarma fada príosúin air. Ní ceannaire ionraic é Maduro. Deachtóir, cam agus éillitheach mar pholaiteoir, duine a choinnigh a naimhde i Veiniséala faoi chois nó faoi ghlas.

…an rud is náirí nach bhfuil sé de dhánacht i gceannairí polaitiúla na hEorpa aon rud cáinteach a rá faoi Trump…

Ag an am céanna, ní raibh aon údarás reachtach ag na Stáit Aontaithe é a ghabháil ar an gcaoi sin. Is sárú ar an dlí idirnáisiúnta a bhí ann agus rinne an méid a tharla neamhshuim de na rialacha dleathacha a bhí in áit ón dara cogadh domhanda i leith chun urraim a thabhairt d’údarás ardcheannasach gach tíre ar domhan. Cinnte, tá a lán ceannairí agus rialtas atá lofa amach is amach. Ach ní thugann sin an ceart d’aon tír eile iad a ghabháil ar mhaithe léi féin. Ach i gcás Donald Trump, céard eile leis a mbeifeá ag súil ach é ag tabhairt neamhaird iomlán ar rialacha agus ar dheasghnátha agus ar an dlí féin?

Díreach tar éis don nuacht sin briseadh, is éard a tháinig sna sála air ná teachtaireacht ó Trump ar Truth Social ag rá go raibh sé ag iarraidh go mbeadh an Ghraonlainn faoi riail na Stát Aontaithe. Bagairt dhíreach a bhí ann don Danmhairg agus thug Trump le fios go raibh sé toilteanach fórsaí míleata a úsáid chun a mhianta a chur i gcrích.

Is léir go bhfuil muid inár bhfinnéithe ar dheireadh ré: sin é an t-ord domhanda a bhí i réim ó 1945 i leith. Is impiriúlachas nua atá á chur chun cinn ag Trump agus táim cinnte go bhfeicimid mórán samplaí eile den straitéis thútach seo le linn na bliana.

Tá a lán tionchair á imirt ag an gcomhairleoir sinsearach sa Teach Bán Stephen Miller ar an Uachtarán Trump. Is duine den eite dheas é a mhaígh go raibh na Stáit Aontaithe i dteideal seilbh a ghabháil ar an nGraonlainn.

In agallamh le CNN dúirt sé: “Sa domhan mór, sa ghnáthshaol, na gnéithe is tábhachtaí chun rialú ná neart, fórsa agus cumhacht.”

Tá sé sin scanrúil ar go leor bealaí. Ach is fíor dó. De réir mar a leanann téarma an Uachtaráin Trump, is ea is mó a nochtar an chumhacht ghránna sin agus an t-anró ina bhfuil cúrsaí. Agus an rud is náirí nach bhfuil sé de dhánacht i gceannairí polaitiúla na hEorpa aon rud cáinteach a rá faoi Trump ar fhaitíos go gcaithfeadh sé anuas orthu.

Tá ár gceannairí féin i measc an ghrúpa sin atá ag iarraidh aon choimhlint leis na Stáit a sheachaint.

Anseo in Éirinn chríochnaigh 2025 mórán mar an gcéanna le gach bliain ó 2022 i leith. Fuílleach mór airgid a chuaigh isteach sa chiste Stáit arís: níos mó ná €100 billiún de theacht isteach ó cháin, níos mó na €30 billiún de ina cháin chorparáideach.

Cé go mbreathnaíonn sin go hiontach, is bónas sealadach é. An chontúirt mhór ná go raibh sé de nós ag an Rialtas an t-airgead sin a úsáid le haghaidh costais reatha le roinnt blianta anuas. Cothóidh sé sin fadhb mhór don tír má thiteann an tóin as an bhfoinse ioncaim seo, nó má thosaíonn an ráta dífhostaíochta ag ardú san aimsir atá romhainn.

Cé go bhfuil cuma an rachmais ar Éirinn faoi láthair, tá sé an-deacair a thuar cé chomh fada a leanfaidh sé ar aghaidh. Is deacair éalú ón mothú go bhfuil deacrachtaí nach beag ag teacht inár dtreo.

Maidir le polaitíocht na tíre seo, tá amhras den chéad uair le 15 bliana déag maidir le todhchaí Mhichíl Uí Mháirtín mar cheannaire Fhianna Fáil agus mar Thaoiseach.

Rinne an phraiseach a bhain le feachtas uachtaránachta Jim Gavin an-dochar do Mhartin. Cé nach bhfuil a cheannaireacht i mbaol faoi láthair, is léir go bhfuil sé ag snámh in aghaidh easa anois.

Ní dóigh liom go bhfeicfimid aon duine eile sa pháirtí ag lorg na ceannaireachta i mbliana. Táim cinnte nach ndéanfar aon rud go dtí go mbeidh uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach críochnaithe ag deireadh na bliana. Ach bí ag súil le hathrú go luath in 2027.

Céard faoi Fhine Gael? Arís, ní raibh bliain iontach ag Simon Harris in 2025. Tá post nua aige anois mar Aire Airgeadais chomh maith le bheith ina Thánaiste. Ar bhealach tá sé ag dul sa seans agus ag tarraingt ualach mór oibre air féin i rith na bliana seo. Creidim nach bhfuil mórán contúirte dó mar cheannaire i mbliana. Ag an am céanna níl sé chomh láidir is a bhí agus tá gá géar le hathnuachan i bhFine Gael.

Tá na páirtithe freasúra níos láidre anois ná mar a bhíodar ag tús na bliana seo caite. Tháinig an eite chlé le chéile faoi dhó le linn 2025 agus bhí buanna móra acu ar an dá ócáid.

An mbeidh Sinn Féin agus na páirtithe eile in ann an chomhghuaillíocht sin a choinneáil ag imeacht in 2026?

Beidh freagra na ceiste sin againn gan mórán moille. Beidh na fothoghcáin i nGaillimh Thiar agus Baile Átha Cliath Láir ar siúl i mí Márta nó Aibreán. Deis a bheas sa dá chomórtas a fháil amach an bhfuil rian na gluaiseachta - a chabhraigh le Catherine Connolly dul isteach san Áras - fós ann. Cinnte bheifeá ag súil go mbeadh seans rímhaith ag iarrthóir ón gclé i gceartlár na príomhchathrach. Ach b’fhéidir go gcuirfeadh Gerry Hutch (‘An Manach’) rudaí os a riocht ansin.

Ar an taobh eile den tír, níl Gaillimh chomh claonta i dtreo na heite clé. Ach seo iar-Dháilcheantar Connolly í féin. Má thiteann na páirtithe clé taobh thiar d’iarrthóir amháin - agus má aithnítear an duine sin mar an t-iarrthóir leanúnach i dtraidisiún Connolly - beidh seans maith acu an suíochán a thógáil.

Tá bliain chorraitheach eile i ndán dúinn.

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times