Macalla Uí Mhuircheartaigh

Léiríodh ómós do thionchar agus do chumas Mhícheál Uí Mhuircheartaigh ag comórtas tráchtaireachta Ghael Linn

Mícheál Ó Muircheartaigh (léine bán), tráchtaire Raidió Teilifís Éireann, le linn a chraolta deiridh ag Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 2010 i bPáirc an Chrócaigh, nuair a d'éirigh le Corcaigh an bua a fháil ar an Dún le cúilín amháin.
Grianghraph: Alan Betson
Mícheál Ó Muircheartaigh (léine bán), tráchtaire Raidió Teilifís Éireann, le linn a chraolta deiridh ag Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 2010 i bPáirc an Chrócaigh, nuair a d'éirigh le Corcaigh an bua a fháil ar an Dún le cúilín amháin. Grianghraph: Alan Betson

Seoid náisiúnta ab ea Mícheál Ó Muircheartaigh, a cailleadh i mí an Mheithimh 2024, ach bhí macalla a chuid tráchtaireachta le cloisteáil i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo caite. Bronnadh duaiseanna ar bhuaiteoirí i gComórtas Uí Mhuircheartaigh 2025 - comórtas tráchtaireachta de chuid Ghael Linn. I measc na nduaiseanna, bhí duaiseanna airgid, ticéid do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide, chomh maith le ticéid iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta de rogha an bhuaiteora.

Is iomaí buntáiste a bhaineann leis an gcomórtas áirithe seo. Ar an gcéad dul síos, tá iarracht an-dearfach i gceist maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Ina cheann sin, tá deis álainn le tapú dóibh siúd a imríonn spórt nó a bhíonn ag tabhairt tacaíocht d’aon fhoireann áitiúil nó idirchontae. Teastaíonn roinnt ullmhúcháin le mír thráchtaireachta a thaifeadadh agus tá ceachtanna luachmhara le foghlaim ag daltaí scoile maidir le tuiscint agus ealaín na tráchtaireachta. Ba mhór an onóir dom a bheith ar dhuine de na moltóirí ar an gcomórtas, in éineacht le Liam Mac an Mhaoir, Dara Ó Cinnéide agus Mac Dara Mac Donncha.

Mícheál Ó Muircheartaigh. Grianghraph: Billy Stickland/Inpho
Mícheál Ó Muircheartaigh. Grianghraph: Billy Stickland/Inpho

Tá an comórtas ar an bhfód ó 2021 ach bhí suntas ar leith ag baint le comórtas na bliana seo toisc gur ainmníodh an comórtas in ómós do Mhícheál Ó Muircheartaigh. D’fhág an fear uasal agus an tráchtaire a rian ar an tír seo lena ghlór aitheanta, glór a sháraigh na glúnta. Rugadh Mícheál Ó Muircheartaigh ar an 20 Lúnasa 1930 i nDún Síon, taobh amuigh de Dhaingean Uí Chúis, Contae Chiarraí. Chaith sé roinnt mhaith blianta ina mhúinteoir bunscoile ar dtús agus d’oibrigh sé le RTÉ ar feadh níos mó ná seasca bliain mar thráchtaire ar chluichí peile agus iomána.

Ba mhinic a chloisfeá daoine ag déanamh iarrachta aithris a dhéanamh ar Mhícheál. Tugadh deis sa chomórtas seo do dhaltaí bunscoile agus meánscoile a gcuid tráchtaireachta féin a thaifeadadh, bunaithe ar na 8 nóiméad dheireanacha de chluiche ceannais peile nó iomána na hÉireann de chluiche ceannais peile nó iomána na hÉireann. Dúshlán a bhí ann do dhaltaí triail a bhaint as an tráchtaireacht agus a gcuid scileanna cumarsáide a fhorbairt agus a fheabhsú. Cé gur cuireadh físeán de na 8 nóiméad dheireanacha de chluiche peile nó iománaíochta cáiliúil ar fáil dóibh, ní raibh aon fhuaim leis an bhfíseán. Cuireadh ainmneacha na n-imreoirí ar fáil ach fágadh faoin iomaitheoir óg a thráchtaireacht féin ar an aicsean a thaifeadadh.

Bhí ardmheas ar Mhícheál mar thráchtaire agus níl aon amhras ach go raibh bua na cainte aige. Ní hamháin sin ach bhí sé ina mháistir ar na scéalta beaga suimiúla faoi imreoirí. Bhí a chuid tráchtaireachta lán leis an saineolas a bhí aige ar na cluichí agus ar na daoine a bhí á n-imirt. Bhí an t-ádh orm aithne a chur air. D’oibrigh mé leis agus mé ag cur clár teilifíse do pháistí i láthair le Diarmuid Lyng. CLUB an t-ainm a bhí ar an gclár a craoladh ar TG4 agus ba é an ról a bhí ag Mícheál ná eolas agus stair na gclubanna éagsúla a ghlac páirt sa tsraith a chur i láthair. Ba dhuine cineálta, éirimiúil agus fuinniúil é.

Bhí nasc ag Mícheál leis an scéim Gaelbhratach, scéim eile de chuid Gael Linn. Bhí mise i mo mhúinteoir Gaeilge i mBaile Átha Cliath nuair a cuireadh tús le Gaelbhratach in 2015. Eagraíodh imeachtaí go rialta mar chuid den scéim, leis an nGaeilge a spreagadh timpeall na scoile. Sa bhliain 2020, sheol dalta, a bhí ar choiste na scoile, litir phearsanta chuig Mícheál ag tabhairt cuireadh dó teacht chun na scoile. Ar Lá Fhéile Vailintín, an 14 Feabhra 2020, thug Mícheál Ó Muircheartaigh cuairt ar an scoil agus thug sé dhá óráid san amharclann. Mhair na hóráidí thart ar uair an chloig an ceann. Níor bhain sé leas as nótaí agus ní raibh ceachtar den dá óráid mar a chéile. Chuir sé comhairle ar gach duine an lá sin, ar na buachaillí agus na baill foirne a bhí i láthair agus cuimhneoidh mé uirthi go deo. ‘Dúisigh le dúthracht le breacadh an lae’ agus ‘bíonn cabhair Dé le fáil ar an mbóthar’. Comhairle mhaith a sheas leis na daltaí an chéad mhí eile, nuair a bhuail Covid-19.

Léirigh Micheál Ó Muircheartaigh dílseacht do na caighdeáin chultúrtha sin le linn a shaoil. Déanann comórtas tráchtaireachta Ghael Linn ceiliúradh ar na luachanna sin.

I dtaighde a rinne an Chomhairle Oidhreachta le déanaí ar dhearcadh an phobail i leith na hoidhreachta, nochtadh gur tábhachtaí do dhaoine ár n-oidhreacht chultúrtha ná aon chineál eile oidhreachta. Áirítear leis sin nithe ar nós na scéalaíochta, nasc pearsanta a bheith ag duine le hábhar ar leith, agus traidisiúin a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Léiriú é an comórtas seo ar an rian a d’fhág Mícheál ar an tír seo. Ní hamháin go n-aithnítear a ghlór ar fud na tíre ach ar fud an domhain chomh maith. Léirigh na hiomaitheoirí óga samhlaíocht, cruthaitheacht agus scileanna cumarsáide den scoth trí mheán na Gaeilge. Comhghairdeas le gach buaiteoir agus le chuile dhuine a ghlac páirt i gComórtas Uí Mhuircheartaigh - tá todhchaí gheal i ndán dúinn. Nach maith an deis a bheadh ann do léitheoirí óga an pháipéir seo sa bhliain amach romhainn!