Móra ar Mhanainn

Tá Gaeilge inaitheanta á labhairt ar Oileán Mhanann, agus is ann a chuaigh Réics Carló ar a eachtra dheiridh

Deirtear gur ó Mhanannán Mac Lir, dia mara i miotaseolaíocht na nGael, a thagann ainm Oileán Mhanann. Grianghraf: iStock
Deirtear gur ó Mhanannán Mac Lir, dia mara i miotaseolaíocht na nGael, a thagann ainm Oileán Mhanann. Grianghraf: iStock

Is rófhurasta dúinn dearmad a dhéanamh ar leagan den Ghaeilge atá in aice láimhe, ach i bhfad uainn maidir le heolas de. Tuigimid go maith d’Albain atá in aice láimhe mura bhfuil ann ach trioblóidí Glasgow Celtic agus go bhfuil a fhios againn go bhfuil Gàidhlig á labhairt inti i mball éigin, ach is inár gcóngar níos giorra go mór Oileán Mhanann agus arbh é ár ndia na farraige a thug a ainm don áit. Is í ‘Gaelg’ an leagan den Ghaeilge a labhartar inti, agus cé gur teanga athnuaite athnite athbheoite anois í, tá sí dílis don teanga mar a labhraítí í sa mhéid gur foghlaimíodh ó na glúnta deireanacha de chainteoirí dúchais í agus go bhfuil taifid dhílse againn díobh.

Reks Carlo ayns Mannin
Reks Carlo ayns Mannin

Áirítear go bhfuil breis agus 2,200 de chainteoirí Gaelg anois ann agus is iad a choinníonn nasc leis an teanga atá san oileán ó aimsir Phádraig féin agus a dheimhníonn gur mó ná tearmann airgid agus ionad saoire samhraidh atá san áit. Tá fógraithe gurb í seo Blein na Gaelgey, agus tréaniarracht á déanamh ar an teanga a neartú is a chraobhú an aidhm atá ag dílseoirí an oileáin.

Aithneofar sna trí fhocal sin amháin, gur ortagrafaíocht nó córas litrithe eile atá acu seachas mar atá againne agus ag Gaeil Alban. Greanta ar shuíochán i nDúlais, príomhbhaile an oileáin, tá na focail ‘Soie shees, gow dty aash, as shee dy row maru’, agus níor ghá dul go Google le ‘Suigh síos, gabh do áis, síth go raibh leat’ a fháisceadh as. Is cinnte dá mbeadh sí scríofa sa nósmhaireacht a chleachtaimídne gurbh fhusa go mór í a thuiscint. Tá clocha oghaim agus clocha Lochlannacha ar an oileán ina bhfuil ainmneacha Gaelacha le haithint, Maqleog, Mal Muru, Mail Brikte, nach deacair a dhéanamh amach cad is ciall leo. Agus tá’s againn go raibh an diagaire agus an file Aodh Mac Aingil ag déanamh staidéir ann chomh maith, go díreach sular cromadh ar an gcóras nua scríbhneoireachta seo a bhualadh anuas ar an teanga le fórsa i dtosach an 17ú haois.

An duine a chloisfeadh an Ghaelg á labhairt is fearr a thuigfeadh sé í ná Gaeilge na hAlban. Is í an tsamhail a bhéarfaí di ná drochGhaeilge ó chainteoir líofa i Lios na gCearrbhach nó sa Bhaile Meánach. Tá níos rialta agus an ghramadach níos simplí na ceachtar den dá Ghaeilge eile. Is é atá le déanamh agat ná slogadh go domhain, anáil fhada a tharraingt agus tumadh isteach inti.

Cúrsaí iontais é, mar sin, gur beag atá breactha don ghnáthchainteoir agus léitheoir Gaeilge a thrasnódh an cabhsa idir an dá theanga. Tá leabhair Ghaeilge aistrithe nó tiontaithe don Ghaelg, agus bealach amháin é le leathshúil a choimeád ar a bhfuil comónta agus ar a bhfuil éagsúil eadrainn. Tá cúpla glúin ar marthain a fuair a gcéad éachtaint ar leabhair Ghaeilge nár leabhair scoile go príomha iad ó shaothar ábhalmhór dochreidte Chathail Uí Shándair ar fhoilsigh an Gúm tuairim is 120 leabhar dá chuid idir 1943 agus 1984. Saothar don óige a scríobh sé, ábhar mar gheall ar bhuachaillí bó, ar spástaisteal, agus ar bhleachtaireacht, arb é Réics Carló a laoch de lorgaire. Tá íoróin áirithe ag baint leis, cé go raibh eachtraí sa tSín, san Iodáil, sa Bhrasaíl, sna Stáit Aontaithe, san Afraic, i Meicsiceo agus ar fud an domhain aige gurbh é an leabhar déanach deireanach ar fad a scríobh sé don Ghúm ná Réics Carló ar Oileán Mhanann a foilsíodh sa bhliain 1984. Tá le fáil sa Ghaelg ón mbliain 2005 mar Reks Carlo ayns Mannin a d’aistrigh nó ‘Cyndaait gys Gaelg ec Brian Stowell’.

‘She Mean Souree v’ayn ayns Doolish ayns Mannin Veg Veen, y clejeen Celtiagh shen ayns mean y cheayin’, an chéad abairt atá san aistriúchán, is é sin, ‘Meitheamh meidhreach, mí mheán an tsamhraidh a bhí ann i nDúlais na long ar Oileán aoibhinn Mhanann, an tseoid Cheilteach sin i lár Mhuir Éireann.’ Ní ghabhann focal ar fhocal ach gluaistear ar an seol céanna.

Ar nós scéalta uile Chathail Uí Shándair don aos óg - nó do dhuine ar bith le fírinne, óir tá stíl ghlan oilte shoiléir dhúchais aige i gcónaí - déanann sé iarracht ar eolas éigin staire nó tír eolais a fhí isteach san ábhar. Mar sin, tá línte d’amhráin is de sheanfhocail de chuid na Gaelg ann is as tríd an insint agus ní feidir leis gan tabhairt ar a bhleachtaire, ceirnín de chuid na seanchainteoirí ‘Teangey na Mayrey’ a cheannach, taifead a raibh baint ag Cumann le Béaloideas Éireann lena dhéanamh.

D’fhéadfadh an teagasc bog binn seo imeacht le gaoth, óir ní tromán an scéil é. Is amhlaidh go bhfuil Réics Carló, an bleachtaire a bhfuil a chuid oifigí aige i Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, agus a iníon Fionnuala, agus an Ruarcach a chomrádaí, ar saoire ar Mhanainn nuair a tharlaíonn eachtraí nach foláir dóibh a bheith páirteach iontu.

Tuigeann duine ar bith a léann eachtraí Hercule Poirot, nó a fhéachann ar na scannáin a bhfuil sé páirteach iontu, gur róbhaol go dtarlóidh dúnmharú gránna áit ar bith a bhfuil sé. Mar sin, chomhairleofaí go ciallmhar do dhuine ar bith gan áit a bhfuil Réics Carló ar saoire ann a thaobhú.

Ní taise don áit seo é, óir is ann atá coirpeach nótálta arb ainm dó Randal Dal i mbun gnímh agus gníomhartha, dúnmharú agus dúmhál ina measc. Dá réir sin, tá gadaíocht agus titim ó Roth Mór, agus urchair trí fhuinneoga, agus gabháil ghéill agus eile againn a sholáthraíonn scéal breá inchreidte lorgaireachta agus eachtraíochta, agus cad eile a bheadh uait i dtosach na bliana? Cé gurb é seo scéal deiridh Réics Carló, tá sé fós beo as a dheireadh. Ní dóigh liom go loitfidh an fhaisnéis sin an scéal ar dhuine ar bith.

Sa chás is gur mhaith leat feabhas a chur ar do chuid Gaelg, ní fearr rud a dhéanfá ná an dá leagan a chur suas is anuas i gcomparáid le chéile alt ar alt. Is gairid go dtuigfeá go bhfuil Gaeilge inaitheanta á labhairt tamaillín soir ó Dhún Dealgan i lár mhuir na hÉireann. Go deimhin, deirtear gur féidir Éire, Alba, an Bhreatain Bheag agus Sasana a fheiscint ó bharr chnoc Snaefell an tSneachta, an bheann is airde ar an oileán, ach an aimsir a bheith ceart. Ní heol do Mhanannán féin cén lá sa bhliain é sin, áfach.

Foclóir: leagan = version; tréaniarracht = great effort; tearmann = sanctuary; diagaire = theologian; a fhí = to weave; bleachtaire = detective; dúmhál = blackmail

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar