Bunbhrí na bithbheatha, déarfá

Tóraíocht an Duine ar Bhrí le Viktor E. Frankl

Viktor Emil Frankl (1905-1997) san Ostair in 1990. Grianghraf: kpa/Getty Images
Viktor Emil Frankl (1905-1997) san Ostair in 1990. Grianghraf: kpa/Getty Images

Is cuma nó tionscal ann féin anois é tionscal leabhar um Auschwitz. Ar shlí amháin, fágann seo drochbhlas id bhéal agus id anam go mbeifí ag iarraidh teacht i dtír ar uafás na n-uafás agus ar ionsaí na sibhialtachta Eorpaí ar an daonnacht féin. Nílim ag maíomh nach bhfuil bun le leabhair ar nós The Tattoist of Auschwitz, úrscéal le Heather Morris nó le haon cheann eile, tuarascálach nó cumtha glan, The Fighter of Auschwitz, The Saboteur of Auschwitz, The Twins of Auschwitz, ionas go rithfeadh leat go bhféadfaí sraith a bhunú nach mbeadh le déanamh ann ach ainm an champa bháis a cheangal leis agus bheadh éileamh air – Bearbóir Auschwitz, Fidléir Auschwitz, Ficheallóir Auschwitz agus mar sin de.

Ina choinne sin thall, thiocfadh nach bhféadfaí an iomad a dhúiseacht in intinn an duine mar gheall ar an iarracht áirithe sin ar dhaoine a mharú go tionsclaíoch, seachas na hiarrachtaí botúnacha neamheolaíochtúla a déanadh cheana. Is den riachtanas go léifeadh aon duine a bhfuil teanntás aige ar eolas a chur ar uafáis an chogaidh mhóir bharbartha idir na faisistigh éagsúla go léifeadh sé Se Questo è Un Uomo / Más Duine é Seo / If This is a Man le Primo Levi, ach beidh a rogha féin eile ag cách. Ceann de na leabhair ba mhó a chuir an cac trasna orm féin ba ea A Doctor’s Eyewitness Account le Niklos Nyiszli a bhí ag obair le Mengele, agus ní leabhar é go dtiocfá slán as go furasta.

Ní dóigh liom gur timpiste is ea chomh rialta leanúnach is a thagrann Frankl do scríbhneoirí nó fealsaimh éagsúla…

Tá de bhuntáiste mór ag Tóraíocht an Duine ar Bhrí le Viktor E. Frankl (Coiscéim €15) gur leabhar é a foilsíodh sa Ghearmáinis bhunaidh go díreach tar éis d’fhórsaí na Sóivéide na campaí báis a shaoradh agus don fhaisisteachas lárEorpach a chloí. Tá le maíomh againn go bhfuil go leor de sheoda litríochta an domhain le fáil sa Ghaeilge cheana, ach is cloch luachmhar ar charn litríochta na teanga an saothar seo, a bhfuil 12 mhilliún cóip díolta cheana i dteangacha éagsúla agus atá aistrithe go máistriúil agus go líofa anois ag Irene Duffy Lynch dúinn.

Dochtúir ba ea Frankl ó Vín na hOstaire a chuir suim san aigne ach a gabhadh is a chaith trí mbliana i gceithre champa éagsúla, arb é Auschwitz an ceann ba nótálta agus b’uafásaí díobh. Fós féin, is é an cur síos lom díreach macánta amh ar imeachtaí an champa sin an chuid is mó den leabhar a ghabhann i bhfeidhm orainn i gcónaí. Dá mhéid a léimid faoi nó dá mhinice is a fheicimid scannáin ina thaobh, ní mhaolaítear ar an scéin ná ar an uamhan.

Tóraíocht an Duine ar Bhrí le Viktor E. Frankl (Coiscéim €15)
Tóraíocht an Duine ar Bhrí le Viktor E. Frankl (Coiscéim €15)

An chéad radharc: ‘stráicí fada d’fhálta sreinge deilgní ina sraitheanna; túir faire; tóirshoilse; agus línte fada de dhaoine gioblacha, iad liath faoi léithe bhreacadh an lae…’ Ina dhiaidh sin na leapacha ‘ina sraitheanna os cionn a chéile… dhá phluid i bpáirt ag gach naonúr’, bróga faoi rún mar philiúr mura dtiocfaí ort, gan cead fiacla a ní, ‘an léine chéanna a chaitheamh ar feadh leathbhliana’, anraith tanaí, bualadh rialta agus tuilleadh agus breis.

Deir an t-údar gur chuir sé roimhe freagra a thabhairt ar an gceist conas mar a chuaigh ‘an gnáthshaol laethúil i gcampa géibhinn i bhfeidhm ar aigne an ghnáthphríosúnaigh’ agus sin go hachomair ábhar an leabhair. Bhí fuílleach ábhar aige.

Ar an gcomhairle ab fhusa dúirt comhghleacaí leo gur chóir iad féin a bhearradh gach lá, go fiú le giota gloine, chun cuma na hóige a chur orthu féin agus gothaí na hoibre a chothú chomh maith mura mbeadh ann ach ‘seasaigí agus siúlaigí go díreach agus ní baol daoibh an gás’.

Chuaigh Frankl níos sia ná sin lena phríomháiteamh go bhfuil ‘dlúthcheangal idir staid intinne an duine’ go háirithe an misneach agus an dóchas, d’fhonn teacht slán as an gciapadh is measa. Agus mar sin, áitíonn go láidir nach ‘toradh taismeach’ é an duine de bhíthin ‘tosca bitheolaíocha, síceolaíocha nó socheolaíocha’. Tá sin ar fad fíor, ach scaoileann sé rún a bhaineann an bonn de go leor den áiteamh uaidh le haon leathabairt amháin: ‘Thuig na príosúnaigh go rabhadar ag brath go hiomlán ar ghiúmar na ngardaí…’. Buailtear abhaile ort go raibh lámh láidir an amhantair, na cinniúna, an tseans le haon duine a tháinig slán chomh maith céanna.

Díol suime na seacheachtraí a bhfuil an leabhar breac leo. Cé a chuimhneodh go raibh, go fíorannamh is fíor, gardaí áirithe a raibh trua acu dóibh agus a dhéin iarracht ar shaol seo ifrinn a dhéanamh oiread na fríde níos fearr? Luann sé ceannasaí campa amháin ‘a chaith suim nach beag as a phóca féin le cógais a cheannach dá chuid príosúnach ón mbaile margaidh ba chóngaraí.’ Níorbh é Auschwitz an campa sin, gan amhras.

Níor mhar a chéile ach an oiread an dóigh ar iompair daoine iad féin tar éis a bhfuascailte. Ba dhóigh leat go dtuigfí nár cheart caitheamh le daoine eile mar a caitheadh go brúidiúil leo féin. B’ann dóibh, áfach, ‘Anois agus iad saor cheapadar go bhféadfaidís… foréigean agus éagóir a dhéanamh d’aon ghnó’ agus chosain siad a ngníomhartha ‘leis na huafáis a bhain dóibh féin’. N’fheadar cad ina thaobh gur léim iompar Iosrael i leith na bPalaistíneach isteach im chloigeann ar léamh na habairte sin dom?

Is ar son ciall a bhaint as iomláine an uaiféaltais seo a bhunaigh Frankl ‘Tríú Scoil Síciteiripe de chuid Vín’. Ní foláir nó bhí rud éigin sárbhunoscionn ag baint le Vín go gcaithfidís oiread sin síciteiripeoirí a bheith acu. Is dócha go mbeadh gá lena leithéid in áit ar bith a thug Marie Antoinette, Maria von Trapp agus Sigmund Freud don saol.

‘Logateiripe’ a bhaist sé ar an scoil nua seo agus a bhfuil caibidil iomlán sa saothar ina thaobh, ach d’fhocail ghearra, gurb é atá ann iarracht ‘brí a aimsiú ina bheatha príomhspreagadh an duine’. Níl aon amhras ná gur dhein Frankl agus a lucht leanúna maitheas den scoth do na daoine a thriall orthu, mar a dhéanann dochtúirí.

Ach ní de bharr na teoirice, thuairimeoinn. Tar éis an tsaoil is mó coirpeach agus brúid a bhain brí as a mbeatha le teann coirpeachta agus brúidiúlachta. Ní dóigh liom gur timpiste is ea chomh rialta leanúnach is a thagrann Frankl do scríbhneoirí nó fealsaimh éagsúla, á lua go dearfach le ponc éigin a chur abhaile – Tolstoi, Dostoevsky, Rilke, Mann, Lessing, Nietzsche, Spinoza – óir is fearr a thuigeadar siúd an nádúr daonna ná aon síceolaí nó garlach ar bith de chuid na bréageolaíochta sin, arb é phlogiston nó giúmair na meánaoise an lae inniu iad.

Ní féidir go raibh sé furasta an chuid bheag áirithe seo den leabhar a aistriú de dheasca téarmaíocht na disciplíne sin a bheith ag spágáil tríd. Ach d’éirigh leis an aistritheoir sin a dhéanamh go héiritheach agus go seolta in ainneoin a dhúshlánaí is a bhí. Tá slacht agus cruinneas agus soiléire ag baint le crot is le déanamh an leabhair mar is dual do Coiscéim atá ar a seanléim arís.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar