Fréamhú Collective i sléibhte Chill Mhantáin

Thall is Abhus: Fréamhú Collective, Gairm san AE; Cróiseáil; Burnchurch ag Tradfest

Fréamhú Collective
Fréamhú Collective

Fréamhú Collective i sléibhte Chill Mhantáin

Grúpa measartha nua is ea Fréamhú Collective a bhfuil sé mar aidhm acu daoine a spreagadh a gcuid Gaeilge a úsáid in éineacht le daoine úra agus timpeallacht dhearfach mhisniúil a chur ar fáil dóibh a bheith tumtha sa teanga. Eagraíonn siad imeachtaí amuigh faoin aer leis an Ghaeilge a nascadh leis an nádúr, chun foclóir an domhain mórthimpeall orainn a fhoghlaim agus iad ag siúl, agus chun aghaidh a thabhairt ar an ghéarchéim thimpeallachta atá ag titim amach go leanúnach sa tír seo.

Beidh Fréamhú Collective, faoi stiúir Aisling Ní Dhonnabháin agus Afraic Ní Ríordáin, ag tabhairt faoi Ghleann Dá Loch i gCill Mhantáin an Satharn beag seo, an 24 Eanáir, le haghaidh siúlóid ghalánta sna sléibhte. Cuireann siad fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge idir thosaitheoirí agus chainteoirí dúchais, agus seolfar roinnt focal agus ábhar cainte chuig na siúlóirí roimh ré. Moltar do dhaoine éadaí teo, bróga siúlóireachta, buidéal uisce agus fón le ceallra lánluchtaithe a thabhairt leo ionas go mbeidh siad breá ullmhaithe don mhaidin.

Costas €10 atá ar thicéad don tsiúlóid seo agus rachaidh an t-airgead ar fad go Hometree, carthanacht athchóirithe dúlra atá lonnaithe in iarthar na hÉireann.

Is féidir do thicéad don tsiúlóid a cheannach ar leathanach Eventbrite de chuid Fréamhú Collective.

Ar mhaith leat post a fháil leis an Ghaeilge san AE?
Ar mhaith leat post a fháil leis an Ghaeilge san AE?

Deiseanna Gairme le Gaeilge leis an AE

Ar mhaith leat post a fháil leis an Ghaeilge i gcroílár na hEorpa? Ar mhaith leat do scileanna aistriúcháin a chleachtadh le haistritheoirí gairmiúla? Nó ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi na deiseanna gairme le Gaeilge atá ar fáil in institiúidí an Aontais Eorpaigh?

Beidh seimineár den scoth á reáchtáil ag an Choimisiún Eorpach agus ag Rialtas na hÉireann do dhuine ar bith a bhfuil suim acu cur isteach ar phost le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Labharfaidh saineolaithe agus gairmithe teanga san Aontas Eorpach faoin obair a bhíonn ar bun acu agus cén dóigh le cur isteach ar phoist éagsúla, chomh maith le ceardlanna idirghníomhacha le haistritheoirí agus ateangairí gairmiúla de chuid an Aontais.

Beidh an seimineár seo ar siúl ag 10am amárach, 21 Eanáir 2026, in Áras na hEorpa i mBaile Átha Cliath. Is féidir clárú don imeacht (saor in aisce) ag https://link.europa.eu/JwFWnr.

Thosaigh mé ag cróiseáil nuair a bhí mé ar an ollscoil.
Thosaigh mé ag cróiseáil nuair a bhí mé ar an ollscoil.

Modh machnaimh den scoth atá sa chróiseáil

Thosaigh mé ag cróiseáil nuair a bhí mé ar an ollscoil. Bhí mé ag iarraidh teacht ar chaitheamh aimsire úr sa gheimhreadh (nuair a bhí mo sháith agam de na meáin shóisialta!) agus bhí éadaí cróiseáilte go mór san fhaisean ag an am, rud nár réitigh le mo chuntas bainc mar bíonn éadaí cróiseáilte iontach daor. Thug mé faoin chrúca cróise ar scor ar bith agus fuair mé amach go raibh dúil mhillteanach agam ann.

Is nós í an chróiseáil a d’fhan liom i gcónaí agus caithim cúpla oíche gach seachtain ag cróiseáil agus ag cruthú liom go fóill. Is maith liom gur caitheamh aimsire measartha éighníomhach atá ann nuair a théann tú i dtaithí air, agus thig liom éisteacht le podchraoladh nó amharc ar chlár nó scannán fiú agus mé ag cróiseáil liom.

Spreagann sé mé a bheith cruthaitheach fosta, agus is féidir liom cibé dath nó patrún faoin spéir a roghnú le rud nua a chruthú. Cén fáth nach mbainfeá triail as agus scairf nó hata deas a chróiseáil duit féin?

Burnchurch
Burnchurch

Spotsolas ar Ealaíontóirí Éireannacha – Burnchurch

Tabharfaidh Burnchurch, banna óg dátheangach as Cill Chainnigh, faoin stáitse ag Tradfest Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo. Gnó teaghlaigh atá sa bhanna seo ina bhfuil ceathrar de mhuintir Uí Chasaide, Sadhbh, Síofra, Éanna agus Ruairí, chomh maith leis an drumadóir Ciarán Ó Dwyer. Bíonn ardchumas ceoil agus ceangal láidir leis an Ghaeilge agus an traidisiún le feiceáil agus le mothú ina gcuid seónna.

Tá Burnchurch ag dul ó neart go neart ó bhain a gcéad amhrán Comórtas Amhrán Tí le 2FM sa bhliain 2020. Ó shin i leith tá siad i ndiaidh seinm ag an Phicnic Leictreach, Féile na Gealaí, Féile na Fuaime agus Oireachtas na Samhna. Tugann an banna fuinneamh agus craic go leor leo cibé áit a mbíonn siad ag seinm, agus is cinnte go mbeidh deis ag an lucht féachana sult a bhaint as an spraoi seo ar fad san Abbey Tavern i mBinn Éadair an Satharn beag seo, 24 Eanáir 2026.

Is féidir do thicéad don cheolchoirm, a bheidh ar siúl ag 3pm Dé Sathairn, a cheannach ag tradfest.com.