Ó Dhroim Inbhir go hIndreabhán

An tseachtain seo braitheann Dónall P. Ó Baoill ar an mhír ‘inbhear’, atá le fáil in go leor logainmneacha sa tír

Uisce an bhunchiall a bhí le BIOR agus is ionann INBHEAR agus spás a bhíonn gearrtha isteach sa talamh ag béal abhann, san áit a sileann sí amach san fharraige, nó isteach i loch b’fhéidir. Grianghraf: iStock
Uisce an bhunchiall a bhí le BIOR agus is ionann INBHEAR agus spás a bhíonn gearrtha isteach sa talamh ag béal abhann, san áit a sileann sí amach san fharraige, nó isteach i loch b’fhéidir. Grianghraf: iStock

Is minic eolas faoi theanga i bhfolach orainn.

Is cinnte gur fíor an nath sin thuas chomh fada is a bhaineann sé le teanga na Gaeilge de. Caithfidh muid mar sin a bheith faichilleach, nuair a bhíonn muid ag tuairimíocht faoi athruithe teanga, agus a bheith lánchinnte i gcónaí go mbíonn an breithiúnas a thugann muid ag teacht leis an fhianaise atá ar fáil againn.

Tá dhá áit ar leith ina bhfuil eolas i bhfolach, ar mhaith liom labhairt fúthu inniu, mar atá áitainmneacha agus focail nó nathanna a mhair i mBéarla na hÉireann anuas go dtí ár linn féin.

Labharfaidh muid i dtús báire ar an áitainm INBHEAR, agus ar na leaganacha ar fad de atá le fáil sa Ghaeltacht, agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá go leor samplaí de againn, ó tharla an cósta atá thart ar Éirinn a bheith bearnach go maith in áiteanna. Bíonn INBHEAR nó leagan éigin de le fáil fosta in áit ar bith a mbíonn uisce ag sileadh isteach in aibhneacha nó i lochanna.

Tá an focal céanna le fáil san áitainm <i>Drumineer </i>cé nach n-aithneofá sin air ón litriú Béarla atá air.

Mar a luaigh mé cheana féin, in alt eile liom, is é an focal BIOR is bun leis an dara cuid den fhocal INBHEAR ach, is é an litriú ‘BEAR’ atá caighdeánta inniu cé go bhféadfaí INBHIOR a scríobh agus bheadh an fuaimniú céanna leis. Uisce an bhunchiall a bhí le BIOR agus is ionann INBHEAR agus spás a bhíonn gearrtha isteach sa talamh ag béal abhann, san áit a sileann sí amach san fharraige, nó isteach i loch b’fhéidir. BEARA an leagan sa ghinideach mar atá san áitainm Gaoth Beara i dTír Chonaill.

Tá an focal céanna le fáil san áitainm Drumineer cé nach n-aithneofá sin air ón litriú Béarla atá air. Is léir gur Droim Inbhir an bunleagan agus, más ea, léiríonn an méid sin gur dóiche gur áit éigin i gCúige Mumhan atá i gceist. Agus bheadh an ceart agat an tuairim sin bheith agat, mar a thaispeánann an méid seo a leanas.

Tá an bhéim is láidre san fhocal ar an tsiolla -neer agus tá sin ag teacht le gnáthúsáid Ghaeilge na Mumhan mar is eol dúinn inniu í, agus ó tharla go bhfuil a fhios againn ón lucht taighde ar logainmneacha gur sa bhliain 1302 is luaithe a thángthas ar an fhoirm i mBéarla, agus is mar seo a scríobhadh é dromynyre. Is léir, measaim, ón méid sin gur mar fhocal amháin a tuigeadh é.

Más dro(i)minbhir an bunfhocal i nGaeilge, thig an t-athrú a tháinig air a mhíniú mar seo – Drominbhir >> Drominibhir – riail a bhaineann cuid mhaith le stair Ghaeilge na Mumhan. Is eol dúinn gur minic a rinneadh /í/ as -ibh / -imh sa chanúint seo, mar shampla Is cuimhin go Is cuín, Ó Duibhir >> Ó Duír srl.. Más fíor sin, is léir go ndearnadh Dro(i)minibhir a athrú go Dro(i)minír agus más é sin atá á léiriú ag Dromynyre sa bhliain 1302, tugann sin le fios dúinn go bhfuil an t-athrú béime i nGaeilge na Mumhan i bhfocail mar camán, fuinneog srl. ón chéad siolla go dtí an dara siolla sean go maith. Is sráidbhaile beag agus baile fearainn ar bhruach Loch Deirgeirc i gContae Thiobraid Árann é Dromineer.

Rachaidh muid anois chuig áitainm eile atá sa Ghaeltacht agus a bhfuil inbhear mar chuid de, ach é a bheith i bhfolach faoin litriú Indreabhán atá i gContae na Gaillimhe. Is léir, measaim, gur ar an leagan INBHEARÁN atá an t-ainm bunaithe ach athruithe déanta air, rud atá ag teacht le Gaeilge Chois Fharraige. Casadh cuid den ainm thart agus rinneadh INREABHÁN de. Ansin, de réir nós na canúna, cuireadh consan tacair isteach san fhocal agus rinneadh INDREABHÁN de. Tabhair faoi deara focail mar scantraithe in áit scanraithe srl. sa chanúint. Chonaic mé an leagan Béarla ‘Inverin’ ar léarscáileanna agus b’fhéidir gur aithris é ar an bhunfhoirm a bhí ar an áit tráth dá raibh.

An chéad uair eile pléifimid le focail agus frásaí atá le fail i mBéarla na hÉireann a tháinig ón Ghaeilge agus a coinníodh beo i gcaint an Bhéarla sa tír seo.

FOCLÓIR

Ag teacht le = in agreement with

Baile fearainn = townland

Bearnach = gapped

Bunfhocal = original form

Faichilleach = careful, cautious

Is bun leis = is the origin of

Sa ghinideach = in the genitive form

Sráidbhaile = a village