Duine ar bith a thug cuaird go dtí le déanaí ar na luscaí atá thíos faoi bhun eaglais Naomh Michen ar Shráid na hEaglaise i mBaile Átha Cliath is amhlaidh go bhfaigheadh sé cuntas breá ó threoraí a thugadh stair na háite agus na gcorpán dó. Uaireanta ba le gruaim éadrom nó le greann dubh a d’insítí scéal na luscaí, go háirithe mar gheall ar an gCrosáidí agus ar an mbean rialta a bhí sínte ann, nó sin í an chuimhne atá agamsa air, pé ar bith.
Is trua go bhfuil deireadh leis na turasanna céanna faoi láthair de dheasca dóiteáin a loisc cuid de na corpáin is na mumaithe tuairim is bliain go leith ó shin, agus gur cuireadh teorainn áirithe leo chomh maith toisc gur baineadh cloigne de chuid de na corpáin sa bhliain 2019 agus gur déanadh dochar gan chiall do na tuamaí.
An chuaird a dheineas-sa, agus tá blianta sínte ó shin ann, ní foláir nó gur turas dá shamhail a fuair Leon Ó Broin chomh maith nuair a chuaigh sé ann i dtosach. Thug an Cléireach, nó an giolla treorach, an t-eolas amach dóibh go paiteanta go lándearfach thar amhras: ”Tá na coirp anseo," a dúirt sé, “mórán de chéadta bliain d’aois: an ceann is giorra dhom, corp Chrosáidí is ea é…Tig libh lámh a chraitheadh leis, má tá fonn oraibh…Corp de mhnaoi rialta an chéad chorp eile a chíonn sibh.”

Tharla leis go raibh suim ag Leon in R.R. Madden, an té a scríobh stair na nÉireannach Aontaithe san 19ú haois. Sa leabhar sin, chonaic sé tagairt do na luscaí i dteampall Mhichen agus is ann a dúradh, fara an Chrosáidí, go raibh bean rialta a raibh Ms Crookshank uirthi ann. Mar staraí den chéad scoth, fara a bheith ina dhrámadóir, aistritheoir, iriseoir, ghearrscéalaí agus státseirbhíseach ardghradaim, chuaigh dealg na fiosrachta ann maidir leis na scéalta a bhí á n-insint dó agus a raibh scríte ag Madden.
READ MORE
Scéal bleachtaireachta é, le fírinne, arb é an taighde agus an ransú mionchúramach a dhein sé a ghluaiseann an scéal.
“Cérbh í féin? Cé an t-ainm is an sloinneadh a bhí uirthi? Cá fhad ó bhásaigh sí?” agus gach ceist eile dá sórt. Is é atá sa leabhar Miss Crookshank agus Coirp Eile a foilsíodh sa bhliain 1951 ná lorgaireacht na mná seo agus tóraíocht eolais mar gheall ar na corpáin eile atá sna luscaí. Scéal bleachtaireachta é, le fírinne, arb é an taighde agus an ransú mionchúramach a dhein sé a ghluaiseann an scéal. Nochtadh follasach ar an obair cháiréiseach nach foláir don taighdeoir a dhéanamh i gcás mar seo atá ann, agus is é a bhua ná go ndáileann sé toradh a chuid oibre ort, sraith ar shraith, de réir mar a bhí an t-eolas ag teacht chuige agus é ag baint fóda na míthuisceana screamh ar screamh.
B’í an chéad obair a bhí le déanamh ná aois na luscaí féin a dhearbhú agus cé a bhí curtha iontu. Níor dheacair sin mar thosach, óir ba in 1686 a tosnaíodh ar na corpáin a chur iontu; ach ina dhiaidh sin, b’éigean tóch a dhéanamh trí thaifid agus chláracha eaglaisí Bhaile Átha Cliath idir Chaitliceach agus Phrotastúnach, trí cháipéisíocht na nOrd Rialta idir mhná agus fhir, trí raingléis de bhaistíocha, phóstaí, adhlacthaí agus mír ar bith a sheilfeadh aníos an fhríd ba lú faisnéise.
“I gcaitheamh an dá bhliain déag nó mar sin a raibh an obair seo ar siúl agam do chuardaíos na céadta leabhar agus tréimhseachán le súil is go bhfaighinn eolas éigin ar na luscaí iontu” a deir sé linn agus ba mhinic sin nach raibh aige ach Síle chaoch nó sruthán a thriomaigh. Thagadh leid láidir chuige agus treoir chinnte, ach ansin “faoi mar dhéanfadh flaisc trintrí as na flaithis é, do criogadh nó do milleadh” an nod a bhí aige á leanúint. Fuair buille ar bhuille de réir is mar a bhí an obair ag dul ar aghaidh ionas gur shamhlaigh sé é féin “ar nós báid gan ancaire”.
Fós ní fhéadfadh sé éirí as, agus tá de bhua ag an leabhar go stopann sé ó am go chéile agus déanann suimiú gonta ar a bhfuil fachta amach aige ponc ar phonc ionas gur dóigh linne go bhfuilimid i gceartlár an turais aige féin. B’é ba dhúshlán a bhí roimhe ná go mbíodh “an dearg-bhréag agus an rud a d’fhéadfadh a bheith fíor á fhí le chéile” san aon chuntas amháin agus nárbh fhólair iad a roiseadh amach. Fuair sé cabhair agus comhairle ó dhaoine eile fan na slí a raibh an scoláire Íosánach Eoin Mac an Fhir Léinn agus Éamonn Mac Giolla Iasachta ina measc.
Dá mhéid a ghabh sé ar aghaidh sa lorgaireacht dó ar Miss Crookshank is ea is mó a thosnaigh sí ag leá, murab ionann agus a corpán. Dúradh gur bhean rialta ba ea í, gur gheall le naomh í, go mbíodh oilithreachtaí chun an teampaill ina honóir, go raibh aois mhaith mhór aici, b’fhéidir 111 bhliain d’aois.
Ach ar an gcéad dul amach, ní raibh teacht ar an sloinne Crookshank in aon chuntas d’aon cheann d’oird na mban rialta, níor bhean rialta in aon chor í, níor naomh ná leathnaomh í, ba chinnte nach raibh aois mar sin ag aon cheann de na corpáin, agus mar sméar mallachta gur dóichí ar fad chomh maith nár bhean ach oiread ab ea an corpán a bhí sa lusca!
Go deimhin, b’é toradh a thaighde nach raibh adhlacadh ar bith sa lusca “ag gabháil níos faide siar ná lár an 18ú haois”, agus mar sin, gur “deargsheafóid é Crosáidí a thabhairt” ar an duine a maítear é a bheith amuigh in Iarúsailéim san iarracht bhaoth áirithe sin ar cheist na Palaistíne a réiteach le concas. Na daoine a chraith lámh leis nuair a cheadaítí sin is deimhnitheach gur lámh í nár mharaigh Saraistín riamh.
In ainneoin an taighde iontaigh seo ag Leon Ó Broin, nuair a osclófar na luscaí arís don phobal, is ródhócha go leanfar leis na finscéalta mar gheall ar na corpáin óir is iad a tharraingíonn an pobal isteach. Óir, cé a loitfeadh scéal breá mar mhalairt ar an bhfírinne leamh?
Foclóir: luscaí = vaults; cuntas = account; Crosáidí = Crusader; bean rialta = nun; corpáin = corpses; oilithreachtaí = pilgrimages; na flaithis = the heavens; taighde = research.













