Deireadh seachtaine na Féile Bríde baileoidh amhránaithe, rinceoirí, ceoltóirí agus daoine gur mian leo tumadh isteach i saol, cultúr agus dúchas Ghaeltacht na nDéise chun freastal ar Thionól Nioclás Tóibín 2026.
Feicfear cuairteoirí agus daoine áitiúla ag bailiú do réimse imeachtaí thar thréimhse ceithre lá ag an bhféile a tharlaíonn gach bliain timpeall an ama seo i gcuimhne ar an amhránaí clúiteach ar an sean-nós a dtugtaí ‘Rí-amhránaí Éireann’ air. Is ceiliúradh tábhachtach é an tionól seo a eagraítear sa cheantar i gcuimhne ar laoch nach maireann ach go gcuimhnítear ar an bhfear agus ar a ghuth binn i gcónaí le meas agus le hómós.

Tá coiste eagraithe an imeachta i mbliana ag ullmhú faoi láthair chun fáilte a chur roimh chách chuig an 30ú tionól. Tháinig Tionól Ceoil na Rinne ar an bhfód an chéad uair go luath sna nóchaidí. Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin agus an mhílaois faoi sheol, rinneadh athainmniú ar an bhféile in onóir do Nioclás Tóibín. Cé gur cailleadh an Tóibíneach in 1994, d’fhág sé rian ollmhór ina dhiaidh ar amhránaithe na tíre agus leanann an tionchar sin. Bhuaigh sé Corn Chomhlacht an Oideachais (nó Corn Uí Riada mar a thugtar air anois) trí bliana as a chéile in 1961, 1962 agus 1963.
“Is dócha an rud is spéisiúla ná gur ceantar Gaeltachta sinn, an ceantar Gaeltachta is lú sa tír, mar sin is iontach an rud é gur féidir linn ceoltóirí agus amhránaithe ó Ghaeltachtaí eile a mhealladh,” a deir Tomás Ó Gealbháin, cathaoirleach ar choiste eagraithe an Tionóil. Ach go háirithe, deir sé go bhfuil sé ag tnúth go mór le cumadóir agus ceoltóir Ghradam Ceoil TG4 2025, Johnny Óg Connolly, a fheiscint ag ceolchoirm na hAoine. “Bhí an-cheangal ag a athair Johnny Connolly (Johnny Phádraic Phíotair) ó Inis Bearachain leis an Tionól,” a deir an Gealbhánach.
READ MORE
Agus ag oíche oscailte na féile, bronnfar Gradam Nioclás Tóibín na bliana seo ar Mhac Dara Mac Donncha, go bhfuil aithne air mar cheoltóir agus mar chraoltóir. Aithnítear é mar duine go bhfuil ana-thacaíocht tugtha aige do cheoltóirí na háite agus iad ag fás aníos, mar duine a bhí páirteach i mbunú an Tionóil agus a bhí lárnach san fhéile ón gcéad lá.
Thar an deireadh seachtaine, beidh ceardlanna ceoil, seisiúin cheoil, seoltaí, ceolchoirmeacha agus cainteanna ar siúl. Tarlóidh na himeachtaí éagsúla seo mar chuid d’amchlár na féile i dtithe tábhairne an cheantair, sna hallaí pobail, i Meánscoil San Nioclás agus i Séipéal San Nioclás. Beidh teagascóirí aitheanta i láthair i Meánscoil San Nioclás i mbun na gceardlann ceoil agus is liosta le háireamh na ceardlanna atá luaite: bosca ceoil, an bainseó, an consairtín, an fhidil, an fheadóg stáin, an fheadóg mhór, na píoba, an amhránaíocht, an rince, tionlacan agus giolcacha. Is cinnte go mbíonn béim ar an gceol uirliseach tá cáil na hamhránaíochta ar an Rinn agus An Seanphobal leis na blianta agus glactar leis gur fíor sin de bharr Niocláis níos mó ná aoinne eile.
Deirtear go raibh stór mór amhrán ag Nioclás, os cionn trí chéad amhrán ar fad.
Deirtear go raibh stór mór amhrán ag Nioclás, os cionn trí chéad amhrán ar fad. Rugadh é ar an 5 Feabhra 1928 agus meastar go bhfuair sé an-chuid amhrán sa mbaile, “ach ní bheadh cirte na bhfocal” aige murach Pilib Ó Foghlú, an máistir a bhí i mbun na bunscoile sa Rinn.Bhí Pilip “fíor-chraiceáilte ar cheol, feadaíl, portaireacht,” a mhaígh Eibhlín Nic Craith Bean Uí Dhonnchadha, aoi-chainteoir ag Tionól Ceoil na Rinne in 1993, agus í ag cur síos ar lucht an cheoil agus na n-amhrán lena linn féin. “Chuamar isteach dtí Pilib nuair a bhíomar i rang a trí, naoi mbliana is dócha, agus bhí orainn amhráintí a d’fhoghlaim dála “An Buachaillín Bán”, “Bean Dubh a’ Ghleanna”… na focail: ní raibh aon chead ceoltóireacht go dtí go mbeadh na focail agat! Ansan tharraing sé orainn “Tórramh an Bhairille”, “An Chóisire” agus “Rosc Catha na Mumhan”, go deimhin féin an chuid is mó des na hamhráintí atá agam inniu, thug mé liom ó Philib iad. Agus dhéarfadh Nioclás Tóibín féin an rud céanna.”
Mar a mhínigh an Dr Ciarán Ó Gealbháin dá lucht éisteachta le linn a léachta ag Tionól Niocláis Tóibín in 2019: “bhí gramafón i dtigh a mhuintire agus iad ag fás aníos, agus cuid éigin de cheirníní McCormack sa teach. Thug Nioclás leis, go deimhin, cuid d’amhráin an teanóir mhóir le rá”.
I mbliana díreofar ar shaol agus ar amhráintí Phádraig Uí Mhileadha ag léacht an Tionóil a tharlóidh Dé Sathairn an 31 Eanáir.

“Déiseach agus Dub: Ag cur aithne ar Phádraig Ó Mileadha” a bheidh faoi chaibidil ag an Ollamh Gearóid Denvir. Ina dhiaidh sin, seolfar “Trí Ghlúine Gael” le Pádraig Ó Mileadha, a mhórshaothar filíochta atá curtha in eagar ag Denvir.
Mar a tharlaíonn ag an Tionól gach bliain, léifear aifreann ar an Domhnach i Séipéal San Nioclás sa Rinn, agus ina dhiaidh, b’fhéidir an t-imeacht is lárnaí do roinnt oilithreach, tabharfar cuairt ar uaigh Niocláis sa reilig taobh leis an eaglais, iad tagtha chun ómós a thabhairt don bhfear cúthalach go raibh an guth ab fhearr agus ba bhinne aige.











