Tá dóchas nua ann maidir le tógáil Pháirc Mhic Easmainn in Iarthar Bhéal Feirste ach níl aon chinnteacht ann fós faoi thodhchaí na staide. Eisíodh litreacha an tseachtain seo caite chuig cónaitheoirí in iarthar na cathrach lena chur in iúl dóibh go gcuirfear tús eile le réamh-obair ullmhúcháin ar Pháirc Mhic Easmainn le go mbeidh an suíomh réidh don obair thógála a dhéanfar amach anseo.
Tá an pháirc imeartha druidte ó 2013 agus géarghá le hobair mhór chun athnuachan a dhéanamh air. Druideadh an staid le go mbeadh siad in ann tabhairt faoin phlean staid chúige a dhéanamh de Pháirc Mhic Easmainn a mbeadh 38,000-40,000 suíochán ann. Ach is iomaí casadh a bhí ar an scéal ó shin agus tá na pleananna athruithe go mór ón chéad dréacht a bhí ag CLG.
Tháinig deacrachtaí aníos don atógáil ar dtús mar gheall ar an imní a léirigh cónaitheoirí sa cheantar in Iarthar Bhéal Feirste faoi mhéid na staide, agus cuireadh moill ar an togra nuair a rinneadh idirbheartaíocht agus leasuithe ar na pleananna féin.
Le déanaí, tá na deacrachtaí a bhaineann le Páirc Mhic Easmainn ag eascairt ón éiginnteacht agus aighneas maidir leis an mhaoiniú atá de dhíth chun an obair thógála a chur i gcrích.
READ MORE
D’aontaigh Feidhmeannas Chnoc an Anfa ar £62.5 milliún a chur ar fáil don obair siar in 2011, ach mar gheall ar an mhéid ama atá caite ó shin agus go háirithe mar gheall ar rátaí arda boilscithe le blianta beaga anuas, tá méadú as cuimse tagtha ar na costais. Síltear ag an phointe seo go mbeidh costas níos mó ná £270 milliún ar an togra anois agus tá ceisteanna ann faoin mhéid airgid is féidir le CLG a chur ar fáil chun an bhearna a líonadh i gcás nach mbíonn tacaíocht shuntasach ann ó fhoinsí eile.
Bhí dóchas ann go raibh réiteach ar an fhadhb nuair a moladh go mbeadh Páirc Mhic Easmainn athfhorbartha san áireamh agus ar fáil mar chuid de Euro 2028…
Bhí dóchas ann go raibh réiteach ar an fhadhb nuair a moladh go mbeadh Páirc Mhic Easmainn athfhorbartha san áireamh agus ar fáil mar chuid de Euro 2028, ach baineadh an dóchas sin nuair a d’fhógair Rialtas na Breataine nach mbeadh sé sásta an maoiniú cuí a chur ar fáil don tógáil ag an am sin ó tharla imní a bheith air nach mbeadh an staid réidh laistigh den amscála riachtanach. Cuireadh tús le hobair ullmhúcháin dhá bhliain ó shin nuair a bhí an plean seo fós i bhfeidhm ach tháinig deireadh go luath leis ina dhiaidh sin.
Ó shin, tá plé fadálach ar siúl idir CLG, Feidhmeannas Chnoc an Anfa agus Rialtas na Breataine maidir le cé a íocfaidh as cad é agus cá háit a bhfaighfear an maoiniú breise chun an bhearna mhór sa bhuiséad a líonadh.
Tá Sinn Féin go mór ag iarraidh brú ar aghaidh leis an togra agus soláthar na páirce a chur ar fáil, agus an DUP drogallach tacaíocht a léiriú don phróiseas. Anuraidh, shéan an tAire Spóirt Gordon Lyons ón DUP gurbh eisean ba chúis leis an mhoill nuair a tháinig sé chun solais nach raibh ag éirí le CLG cruinniú a shocrú leis ar an cheist.
An mhí seo mhol an tAire Airgeadais John O’Dowd maoiniú breise ar luach £52.4 milliúin don Pháirc sa cháinaisnéis ilbhliantúil. Sin ráite, níl an cháinaisnéis seo aontaithe ag an Fheidhmeannas go fóill agus deir Gordon Lyons gur gá do Chnoc an Anfa tabhairt faoina chuid “tosaíochtaí” ar dtús sula ndéanfar aon rud faoi thograí spóirt ar nós Pháirc Mhic Easmainn.
Deir Sinn Féin agus lucht tacaíochta an togra gur chóir an infheistíocht seo a dhéanamh i bPáirc Mhic Easmainn, ní hamháin mar gheall ar an ról a bheadh ag an staid i saol CLG ach mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheidh ag an fhorbairt ar cheantar níos leithne Bhéal Feirste. Bheadh an deis ansin ceolchoirmeacha agus imeachtaí móra eile a chur ar siúl sa cheantar dá mbeadh an tógáil curtha i gcrích. Ar an lámh eile, deir an DUP agus daoine eile nach bhfuil ag tacú leis an togra tógála go bhfuil na pleananna rómhór, nach bhfuil siad in oiriúint don cheantar sin ó thaobh infreastruchtúir de agus nach seo an t-am infheistíocht dá leithéid a dhéanamh. Cruthaíonn na hargóintí seo agus an mhoilleadóireacht a thagann mar gheall orthu deacrachtaí do Shinn Féin, go háirithe mar gheall gur chuir an páirtí tógáil Pháirc Mhic Easmainn i gcroílár an fhorógra toghcháin a bhí acu.
Beidh freagra de dhíth ar na ceisteanna seo go luath. Ní hamháin go bhfuil lucht CLG ag fanacht le blianta fada leis an togra a bheith curtha i gcrích, ach tá brú eile ann chomh maith. Caithfear tús a chur leis an tógáil ar bhonn céim ar chéim roimh an samhradh le nach n-imeoidh an cead pleanála in éag. Anois go bhfuil obair ullmhúcháin le tosú arís, beidh CLG agus go leor eile dóchasach gur seo an splanc atá de dhíth leis an liathróid a chur thar an trasnán.











