Ní cuimhin liom mórán cainte faoin nGraonlainn i gcaitheamh mo shaoil. Scaití, i dtráth na gceist, bhíodh ceist faoin oileán is mó ar domhan nach mór-roinn é. Is cuimhin liom eolas fánach a bhailiú trí na blianta gur bhraith an t-oileán ar an iascaireacht den chuid is mó, go raibh sé faoi oighear den chuid is mó den bhliain, agus go raibh daonra fíorbheag ann, an chuid is mó acu de bhunús eitneach Ionúiteach.
Le glan na fírinne a rá, ba é an t-aon alt cuimsitheach a bhí léite agam faoin nGraonlainn ná gné-alt taistil a scríobh an t-iriseoir Albanach iomráiteach A.A. Gill (nach maireann) don Sunday Times in 2006.
Thosaigh Gill an t-alt leis an gcéad radharc a fhaigheann daoine ar an nGraonlainn ón scairdeitleán agus iad ag taisteal ón Eoraip go dtí na Stáit Aontaithe. Ina dhiaidh sin, a scríobh sé, bíonn dinnéar ag an bpaisinéir, breathnaíonn sí ar scannán, léann sí iris, titeann sí ina codladh ar feadh scaithimh agus breathnaíonn sí amach an fhuinneog arís.
Cad a fheiceann sí? An Ghraonlainn.
READ MORE
Léirigh an eachtra go cruinn díreach cé chomh lag is atá an Eoraip faoi láthair.
Ba sheift fhíor-éifeachtach scríbhneoireachta é chun cur ina luí ar dhaoine díreach cé chomh mór atá an tír. Agus chomh folamh. Tá daonra 56,000 ag an tír agus is i Nuuk, an phríomhchathair, atá a bhformhór ina gcónaí. Más buan mo chuimhne, ní raibh Gill tógtha le Nuuk. Scríobh sé go raibh drochbhail air agus nach raibh mórán le déanamh ann ach breathnú ar na báid ag teacht agus ag imeacht.
Chríochnaigh sé an t-alt le cur síos ar sheanbhean a bhí gléasta i mbicíní déanta d’fhionnadh róin agus í ag canadh amhrán náisiúnta na Graonlainne. Bhí cuma aisteach uirthi sin agus an t-amhrán an-dona go deo mar nach raibh nóta ceoil i gcloigeann na mná. Bhí an eachtra chomh hait sin gur thit Gill agus an grianghrafadóir a bhí in éineacht leis as a seasamh ag gáire.
Agus b’shin é an méid eolais a bhí agam ar an nGraonlainn go dtí 2025. Agus tar éis do Donald Trump tosú ag bagairt ar an Danmhairg le coicís anuas agus ag impí orthu an t-oileán a dhíol leis na Stáit, go tobann bhí saineolas againn go léir ar Nuuk, ar an daonra, ar an stair agus ar an timpeallacht.
Chuir Trump in iúl go neamhbhalbh go raibh sé ag iarraidh go sciobfaí an t-oileán ón Danmhairg agus go gcuirfí faoi smacht agus faoi sheilbh a thíre féin é.
Thug sé dhá rogha don Eoraip: go gceannódh sé an t-oileán amhail agus gur teach nó píosa réadmhaoine é. Mura mbeadh an Danmhairg toilteanach é sin a dhéanamh, bheadh sé réidh, a mhaígh sé, le forghabháil mhíleata a dhéanamh.
De ghnáth, bíonn a bholscaireacht agus a ghaotaireacht iomarcach agus thar fóir. Tá sé soiléir nach bhfuil meas ar bith ag Trump ná ag a chomhghleacaithe - Scott Bessent agus J.D. Vance - ar an Eoraip. Bíonn siad drochmheasúil agus iad ag caint faoin Eoraip i gcónaí, agus caitheann siad anuas go tarcaisneach ar an Aontas Eorpach go háirithe.
Cén bunús a bhí ag maíomh Trump go raibh Meiriceá i dteideal seilbh a ghlacadh ar thír cheannasach?
Rinne sé tagairt do longa Síneacha agus Rúiseacha a bhí i bhfoisceacht den oileán, gan náire orthu, réidh le hionradh a dhéanamh. Ní raibh aon fhianaise aige chun é sin a fhíorú don domhan mór áfach.
Chomh maith leis sin, tá acmhainní mianraí tábhachtacha faoi thalamh ar an oileán, ach tá sé deacair teacht orthu mar gheall go bhfuil an talamh reoite. Tá an casus belli (an cás lena dtugtar údar le cogadh) sin fíor-lag, agus ní thuigeann ceannairí eile cén fáth go baileach a bhfuil Trump chomh meáite ar sheilbh a ghabháil uirthi.
Ó thús na bliana, tá cor nua sa scéal agus breis dlúis curtha ag Trump lena éileamh gur cheart seilbh na Graonlainne a thabhairt do na Stáit Aontaithe.
Níos luaithe sa mhí, rinne sé bagairt taraifí a ghearradh ar ocht dtír Eorpacha, an Ríocht Aontaithe san áireamh.
D’ardaigh sé glór na bolscaireachta. An raibh sé i ndáiríre, nó an chaint san aer a bhí ann? Tá sé deacair é sin a thomhas i gcás Trump. Le linn a chéad téarma, is cinnte gur bagairtí folmha a rinneadh. Ach sa dara téarma, faraor, is cosúil go bhfuil a chomhghleacaithe sa Teach Bán ar aon intinn leis agus ar aon ghuth leis.
Léirigh an eachtra go cruinn díreach cé chomh lag is atá an Eoraip faoi láthair. Cé is moite d’Emmanuel Macron, ní raibh de dhánaíocht in aon cheannaire Eorpach aghaidh a thabhairt ar a mhí-iompar. Bhí siad scanraithe - faitíos an domhain ar a lán acu, Éire san áireamh - agus drogall orthu dul i ngleic leis.
Ar feadh ceithre scór bliain, tá an Eoraip ag brath ar na Stáit Aontaithe chun an mhór-roinn a chosaint. Go stairiúil, nuair a labhraíodh faoi NATO, is airgead agus is neart Mheiriceá a bhí i gceist. Agus anois, le Trump ag iompú a dhroma ar NATO, tá an Eoraip ag teacht ar an tuiscint phianmhar nach bhfuil an neart míleata aici chun an ilchríoch, ná fiú an Úcráin, a chosaint. Tá údarás polaitiúil na hEorpa ídithe go mór.
Ó thaobh na heacnamaíochta de, braitheann Éire ar na Stáit Aontaithe maidir le hinfheistíocht eachtrach agus mar phríomhcheann scríbe easpórtálacha.
Dé Céadaoin in Davos na hEilvéise, chúlaigh Trump óna chuid tagairtí agus is cosúil go raibh réiteach - nó sos - faighte ar an ngéarchéim. Táim cinnte gur lig an Rialtas osna faoisimh throm nuair a tháinig an dea-scéala tríd.
Ach bhí an méid seo ríshoiléir dóibh siúd a leanann cúrsaí polaitíochta go grinn. Dá ndéanfaí forghabháil ar an nGraonlainn, bheadh Rialtas na tíre seo i sáinn cheart agus bheadh sé idir dhá thine Bhealtaine dá bharr. Níl Éire ag iarraidh a bheith ina namhaid ag na Stáit. Níl Éire ag iarraidh a bheith ina namhaid ag an Eoraip. Go dtí seo, ní raibh aon fhadhb ann. Ach tá seans ann anois nach amhlaidh a bheidh sa todhchaí, agus nach mbeidh an deis ag Éirinn freastal ar an dá thrá - Bostún agus Beirlín - a thuilleadh.













