Céard a dhéanfá dá mbuafá $1,000,000? Bhí freagra na ceiste sin ag Jordan Smith, an t-imreoir leadóige amaitéarach, a d’fhás aníos in Sydney agus a bhuaigh an comórtas One Point Slam in Melbourne i lár na míosa. Is ionann milliún dollar Astrálach agus €575,515 sa tír seo agus dúirt Jordan gur mhaith leis teach a cheannach lena pháirtí Jess. B’imreoir é Jordan nach raibh mórán aithne air lasmuigh de chiorcal beag clubanna áitiúla. A leithéid de lá a bhí ann do thuismitheoirí Jordan, Neil agus Michelle, a chuir tús lena aistear leadóige nuair nach raibh sé ach trí bliana d’aois.
Le breis is tríocha bliain, tá Neil agus Michelle tar éis a bheith i gceannas ar Acadamh Leadóige Castle Hill in iarthuaisceart Sydney. Ba é Neil a bhí ina chóitsealaí ag Jordan nuair a bhuaigh sé cúig theideal náisiúnta shóisearacha idir 2008 agus 2012. Trí bliana ina dhiaidh sin, bronnadh scoláireacht lúthchleasaíochta tríú leibhéal ar Jordan agus chaith sé bliain sna Stáit Aontaithe idir 2015 agus 2016. Ní raibh Jordan rangaithe go gairmiúil agus é ag obair mar chóitseálaí páirtaimseartha. Fuair sé cuireadh chuig an One Point Slam i mbliana trí chomórtas oscailte cáilithe, áit ar léirigh sé díograis agus cruinneas iontach faoi bhrú. D’éirigh leis an comórtas a bhuachan, ceithre lá sular cuireadh tús le Comórtas Oscailte na hAstráile 2026 in Melbourne - ceann de na himeachtaí is mó i saol leadóige an domhain.

Is comórtas neamhghnách é an One Point Slam. Cé gur measadh gur cleas poiblíochta a bhí sa chomórtas ar dtús, chruthaigh bua Smith go bhféadfadh aon rud tarlú nuair a bhraitheann gach rud ar phointe amháin. Seo an dara bliain den chomórtas. Cuireadh an síol nuair a mhol grúpa eagraithe spóirt agus iar-imreoirí leadóige in Melbourne bealach nua chun an spórt a dhéanamh níos drámatúla. Bhí siad buartha go raibh an leadóg ghairmiúil ag éirí rófhada agus róchasta do lucht féachana nua. Theastaigh comórtas uathu a bheadh gearr, géar agus lán le teannas. Tugadh cuireadh d’imreoirí gairmiúla, agus fiú d’amaitéaraigh, páirt a ghlacadh sa chomórtas. Ar dtús, níor ghlac mórán réaltaí móra leis an togra. Ach de réir a chéile, agus an lucht féachana ag méadú ar líne agus ar na meáin shóisialta, thosaigh ainmneacha móra ag glacadh páirt ann. I mbliana, bhí roinnt de na himreoirí is fearr ar domhan páirteach.
I ndiaidh an chluiche, dúirt Jordan gur “léirigh an One Point Slam gur féidir leis an leadóg a bheith oscailte do chách’’.
Bhuail Jordan Smith in aghaidh Jannik Sinner, duine de na himreoirí is comhsheasmhaí ar an gcamchuairt ghairmiúil. Bhíothas ag súil go mbuafadh Sinner go héasca, ach léirigh an pointe amháin cé chomh cothrom agus a d’fhéadfadh an cluiche a bheith. Thosaigh Sinner leis an bhfreastal ach d’fhreagair Smith go láidir, ag cur brú air láithreach. Tá an comórtas aon phointe an-éagsúil le comórtais thraidisiúnta. Imríonn na himreoirí pointe amháin i ngach babhta, agus an té a bhuann an pointe sin, éiríonn leis dul ar aghaidh go dtí an chéad chluiche eile. Ní bhíonn aon seans ag imreoirí dul i dtaithí ar a chéile, ná rithim a fháil. Braitheann gach rud ar an bhfreastal agus ar an bhfreagra láithreach. De réir mar a chuaigh na babhtaí ar aghaidh, thosaigh Smith ag tarraingt airde. Bhuaigh sé pointí cinniúnacha le freastal láidir agus le buillí simplí ach éifeachtacha. D’fhan sé socair agus dhírigh sé ar bhotúin a sheachaint. Ba é sin an straitéis ab fhearr. Thug Jordan Smith an teideal leis nuair a d’éirigh leis an lámh in uachtar a fháil ar Joanna Garland, imreoir gairmiúil atá rangaithe ag 117 ar domhan. I ndiaidh an chluiche, dúirt Jordan gur “léirigh an One Point Slam gur féidir leis an leadóg a bheith oscailte do chách’’.
READ MORE
Ar ndóigh, tá an spórt agus an saol san Astráil fite fuaite ina chéile agus deirtear gurb í Melbourne príomhchathair spóirt na hAstráile. Tá an-tóir ar chruicéad sa tír agus bhí ábhar mór ceiliúrtha ag lucht leanúna na hAstráile nuair a bhuaigh an fhoireann bhaile na Ashes ag tús na míosa. Imríodh cuid den chomórtas san MCG – príomhionad cruicéid Melbourne, agus bhí an t-ádh orm cuairt a thabhairt ar an staid nuair a bhí mé sa chathair le déanaí. Is in Melbourne a cuireadh tús leis an bpeil Astrálach sa 19ú haois nuair a bunaíodh an VFL, a bhí mar bhunús ag an AFL nua-aimseartha. In 1990 athainmníodh an comórtas mar an AFL, rud a léirigh a stádas náisiúnta.
Tá nasc láidir Éireannach le feiceáil taobh amuigh den MCG agus dealbh mhór láidir Jim Stynes ar taispeáint go bródúil ann. B’imreoir iomráiteach AFL é Jim a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1966. Sa bhliain 1984, bhog sé go dtí an Astráil nuair a mealladh imreoirí Éireannacha i dtreo chluiche na hAstráile, agus shínigh sé leis an gclub Melbourne Demons. D’imir sé 244 chluiche as a chéile agus in 1991 bhain sé an onóir is mó sa spórt amach nuair a bhuaigh sé bonn Brownlow, an chéad agus an t-aon Éireannach riamh a rinne amhlaidh. Bhí meas mór air ní hamháin mar gheall ar a chumas ar an bpáirc, ach mar gheall ar a mheon dearfach agus a cheannaireacht. Nuair a d’éirigh sé as an imirt, ghlac Jim ról gníomhach i mbainistíocht agus i gceannaireacht an chlub, agus ceapadh é ina uachtarán ar Chlub Peile Melbourne. Bhí ailse air agus fuair Jim bás in 2012, ach is léir go maireann a oidhreacht go láidir in Éirinn agus san Astráil araon.












