Téimis ag damhsa! Seo ‘Réabhtacht’, tumeispéireas nua Gaeilge a bhíonn ar siúl i ngnáthionaid shaol na hoíche timpeall Bhaile Átha Cliath. Is ceol leictreonach amháin a sheinntear ag na himeachtaí seo agus tugtar deis do dhaoine dul agus an chraic a bheith acu go hiomlán trí mheán na Gaeilge in atmaisféar club oíche. Chomh maith leis sin, ardán den scoth atá sna himeachtaí do DJanna a bhfuil Gaeilge acu cur go gníomhach le normalú na teanga trí shiamsaíocht a chur ar fáil i spásanna nach mbíonn sí le cluinstin iontu go minic.
Tháinig coincheap Réabhtacht ar an fhód ag deireadh na bliana 2024 sular druideadh Club Chonradh na Gaeilge. Anois tá Peadar Breatnach agus Pádraig Mac Brádaigh, an bheirt atá taobh thiar den tionscadal, ag obair leis an scéim Cumasú + Impacte de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun eispéireas beo bríomhar a chur os comhair mhuintir na príomhchathrach agus mic léinn araon.
Bhí an dara imeacht de chuid Réabhtacht ar siúl i Wigwam i lár Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, áit ar thug Neo Cortex, Mate Kason agus Peadar chun stáitse os comhair scaifte Gael d’oíche lán cuideachta, cultúir agus teanga.
Ar mhaith leat freastal ar an chéad Réabhtacht eile? Coinnigh ar an eolas ar a leathanach Instagram @reabhtacht. Bíonn costas €5 ar thicéad.
READ MORE

Tá an t-earrach linn faoi dheireadh thiar thall
Anois an t-am bliana nuair a tharraingíonn an domhan mór anáil dhomhain lán dóchais. Bíonn na plandaí faoi bhláth i ndiaidh mhíonna fuara an gheimhridh. Téann an lá i bhfad agus mothaíonn solas an lae níos gile agus níos oscailte, amhail is go bhfuil an saol réidh don séasúr agus do na laethanta fada lán deiseanna atá os ár gcomhair amach.
Seasann an t-earrach do thús úr, spriocanna nua agus smaointe nua. Is é an t-earrach fíorthús na bliana úire do go leor leor daoine, nuair a mhothaíonn siad spreagtha a spás féin a ghlanadh agus triail a bhaint as rudaí úra.
Spreagann an t-earrach gluaiseacht agus fiosracht, ag tarraingt daoine amach as an teach, agus tugann sé deis do gach duine nascadh leis an saol amuigh faoin aer arís. Bíonn na héin ag ceol, garraithe ar lasadh le dathanna agus gathanna na gréine le feiceáil den chéad uair le tamall.
Bainimis sult as an séasúr úr seo agus as na deiseanna agus na pleananna ar fad atá le teacht.

Abair amhrán le hAmhránaithe an Chlub
Ar mhaith leat triail a bhaint as caitheamh aimsire úr agus cúpla amhrán nua a fhoghlaim? Is ar an chéad Déardaoin den mhí a bhíonn imeachtaí Amhránaithe an Chlub ar siúl, oíche amhránaíochta mhíosúil i nGaeilge a eagraíonn baill ó Chlub Chonradh na Gaeilge. Bunaíodh an t-imeacht seo sa bhliain 2021 agus tagann ceoltóirí agus éisteoirí ó cheann ceann na tíre le freastal air. Cuirtear fáilte roimh achan seánra amhrán i nGaeilge: sean-nós, amhráin thraidisiúnta agus stíleanna nua-aimseartha ar nós rapcheoil agus popcheoil. Bíonn fáilte roimh amhráin sna teangacha Ceilteacha chomh maith agus amhráin i dteanga ar bith seachas an Béarla! Faigheann daoine deis amhráin nua a fhoghlaim ar an oíche fosta.
Bíonn aíonna speisialta mór le rá i láthair ag na himeachtaí seo anois is arís, cosúil le Róisín Seoighe, Liam Ó Maonlaí, Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta, Bláithín Mhic Cana agus An Chéad Ghlúin Eile.
Tagann an scaifte le chéile i gClub Chonradh na Gaeilge de ghnáth ach tá Amhránaithe an Chlub ar camchuairt anois agus an Club druidte. Beidh siad ag tabhairt faoi Thigh Uí Bhruaidí (Briodys) i lár Bhaile Átha Cliath an Déardaoin seo agus is féidir do thicéad a fháil ar chostas €5 ar a leathanach Instagram @amhranaithe. Ná caill an deis, bíonn fáilte roimh chách i gcónaí!

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Cowfield Design
Is breá liom an branda beag seo as Béal Feirste a dhéanann táirgí pearsantaithe, comharthaí beaga cosúil leis na cinn a d’fheicfeá fud fad Shlí an Atlantaigh Fhiáin, coinnle agus priontaí galánta de phubanna na hÉireann. Gnó teaghlaigh atá in Cowfield Design fosta a bhfuil suim acu táirgí Éireannacha a roinnt agus a scaipeadh agus mar sin is deas tacú leo.
Anois agus Eanáir Tirim taobh thiar dínn agus rudaí ag éirí níos bríomhaire i bpubanna na tíre, bheadh cártaí imeartha Cowfield Design iontach áisiúil a bheith i do phóca agat. Déanann siad cártaí imeartha le líníochtaí áille de phubanna orthu agus réimse leathan contaetha agus cathracha ar fáil chomh maith – ó Dhoire go Ciarraí agus ó Mhaigh Eo go Baile Átha Cliath.
Féach anois ar na táirgí ar fad agus ar na cártaí imeartha (€12) atá ag Cowfield Design ar www.cowfielddesign.com











