Ní mór dlí na mbóithre a chur i bhfeidhm

Tá na gluaisrothair streachailte faoin spotsolas tar éis bhás tragóideach Grace Lynch

Bláthanna fágtha ag an áit a bhuail gluaisrothar streachailte Grace Lynch, 16 bliana d'aois, ar Bhóthar Rath Tó i bhFionnghlas  Grianghraf: Alan Betson
Bláthanna fágtha ag an áit a bhuail gluaisrothar streachailte Grace Lynch, 16 bliana d'aois, ar Bhóthar Rath Tó i bhFionnghlas Grianghraf: Alan Betson

Nuair a bhí m’iníon óg, b’fhéidir trí bliana d’aois, cheannaigh mé scútar di. Bhí trí roth air, agus bhí sé damanta! Bhíodh sí ag eitilt thart air agus muid ag dul ó áit go háit. Ina dhiaidh sin, bhog sí ar aghaidh go scútar dhá roth nó go raibh sí aosta go leor le rothar a úsáid.

Ina dhiaidh sin, níor smaoinigh mé mórán ar scútair.

D’athraigh sé sin thart ar 2017, nuair a tháinig feithicil nua ar bhóithre na hÉireann: an scútar leictreach, nó an e-scútar. Bhí inneall beag leictreach sna meaisíní seo agus bhí siad in ann taisteal ar luas idir 20 agus 50 ciliméadar san uair.

Bhí rothaí an-bheag orthu agus is ina sheasamh a bhí an tiománaí. Ní raibh mé tógtha leis na soilse suaracha a bhí orthu ach oiread. Cheap mé go raibh siad contúirteach i gcomparáid le rothair. Agus cuid acu, bhí siad ag scinneadh ar na bóithre agus ar na cosáin ar luas lasrach.

Mar sin féin, bhí an-tóir orthu. Faoi 2018, bhí bille príobháideach curtha faoi bhráid na Dála ag an Teachta Noel Rock ó Fhine Gael. Bhí sé ag iarraidh go mbeadh siad dlíthiúil agus aitheanta in Éirinn.

Go dtí sin, bhí stádas éiginnte acu ó thaobh an dlí de. De réir na nGardaí, bhí siad rangaithe go dlíthiúil mar fheithiclí meicniúla — is é sin le rá, gurbh ionann iad agus gluaisrothair nó gluaisteáin. D’fhág sé sin go raibh ceadúnas, cáin agus árachas ag teastáil chun iad a chur ar bhóithre poiblí. Ar ndóigh, níor chloígh formhór na dtiománaithe scútar leictreach leis an dlí.

In 2023, tháinig Acht nua a chruthaigh catagóir nua ar a dtugtar ‘Iompróirí Cumhachtaithe Pearsanta’. Faoin dlí nua, ní raibh ceadúnas ag teastáil ó thiománaithe. Ná clárú; ná cáin; ná árachas. Ní raibh aon riachtanas ann ach oiread clogad ná veist shofheicthe a chaitheamh.

…níl aon rud sa dlí a chuireann cosc iomlán ar ghluaisrothair streachailte a thiomáint ar bhóithre poiblí, cé go bhfuil rialacha ann maidir lena n-úsáid.

An ndearna sé mórán difríochta? Ar an drochuair, ní dhearna. Bhí sé soiléir go raibh an dlí á shárú i roinnt ceantar i mBaile Átha Cliath. Bhí páistí i bhfad níos óige ná 16 bliana d’aois ag úsáid scútair leictreacha. Ba é 20 ciliméadar san uair an luas ab airde a bhí ceadaithe faoin reachtaíocht, ach tá a fhios ag an saol mór go raibh scútair ag taisteal i bhfad níos sciobtha ná sin.

I mbeagán focal, bhí sé soiléir nach raibh daoine ag cloí leis an dlí agus nach raibh na húdaráis ag cur na ndlíthe i bhfeidhm.

Lean an fhaillí sin ar aghaidh nó gur gortaíodh daoine go dona i dtionóiscí. Fuair triúr bás anuraidh de bharr gortuithe a bhain díobh agus iad ag tiomáint scútair leictreacha.

Ina theannta sin, léirigh tuarascáil ó Choláiste Ríoga na Lianna in Éirinn go bhfuil timpistí scútar leictreach anois ar an gcúis is mó le gortuithe inchinne tromchúiseacha i measc leanaí a ghlactar isteach in Ospidéal Ollscoile na Leanaí ar Shráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Ó mhí na Bealtaine 2024 i leith glacadh 25 pháiste isteach a raibh gortuithe dona orthu tar éis timpistí scútar.

Léiríonn sé seo ar fad an bhearna mhór idir an méid a deirtear sa dlí agus an chaoi a gcloítear leis, nó nach gcloítear leis.

Tá an scéal amhlaidh nuair a bhreathnaímid ar ghluaisrothair streachailte go háirithe tar éis bhás tragóideach Grace Lynch an deireadh seachtaine seo caite. Ní raibh sí ach 16 bliana d’aois - bhrisfeadh an scéal do chroí.

Ní raibh á dhéanamh aici ach an bóthar a thrasnú ag trasrian coisithe. Bhí an fear beag glas léi. Go tobann tháinig dhá ghluaisrothar streachailte ina treo agus iad ag taisteal ar luas ard. Tuairiscíodh go raibh dath dearg ar na soilse bóthair nuair a tharla an tubaiste. Bhuail an dara gluaisrothar Grace Lynch. Fuair sí bás beagáinín níos déanaí de bharr a cuid gortuithe. Meastar go raibh na gluaisrothair ag taisteal ar a laghad 80 ciliméadar san uair i limistéar 50 ciliméadar.

Grace Lynch.
Grace Lynch.

Taispeánann na grianghraif de Grace Lynch gur dhéagóir lán de dhóchas a bhí inti, í i mbarr a réime. Cé go raibh sí croíbhriste, ghlac a máthair, Siobhán, páirt go misniúil i mórshiúl i ndiaidh bhás a hiníne. Labhair sí go cróga agus go cumhachtach, ag éileamh go gcuirfí cosc buan ar ghluaisrothair streachailte.

Tá fear óg anois os comhair na cúirte, cúisithe as tiomáint chontúirteach ba chúis le bás.

Faoi láthair, níl aon rud sa dlí a chuireann cosc iomlán ar ghluaisrothair streachailte a thiomáint ar bhóithre poiblí, cé go bhfuil rialacha ann maidir lena n-úsáid. Caithfidh na daoine a thiomáineann iad a bheith os cionn 18 mbliana d’aois agus clogad a chaitheamh, ach, cosúil leis na scútair leictreacha, tugtar neamhaird ar na rialacha seo.

Faraor, níl na dlíthe á gcur i bhfeidhm go láidir ach oiread. Tá éiginnteacht freisin faoi chumhacht na nGardaí na gluaisrothair seo a ghabháil nuair atá siad á n-úsáid go neamhdhleathach.

Anois, tá glaoch déanta ag an dá pháirtí rialtais chun cosc iomlán a chur ar ghluaisrothair streachailte ar bhóithre na hÉireann. Bheadh cead fós iad a úsáid ar fheirmeacha nó i gcomórtais spóirt i bpáirceanna agus a leithéid.

Ach, mar atá le scútair leictreacha, ní hé neart an dlí an phríomhfhadhb. Tá na dlíthe láidir cheana féin. Is í an fhadhb ná iad a chur i bhfeidhm. Tá ionadaithe poiblí agus ceannairí pobail ag gearán le fada an lá gur contúirt mhór iad na gluaisrothair streachailte ina gceantair. Ach is léir nár tugadh aghaidh cheart ar an bhfadhb go dtí seo.

Arís eile, tá bearna shoiléir idir an méid a deirtear sa dlí agus an méid a dhéantar. Má tá toradh beag dearfach amháin le teacht as bás uafásach Grace Lynch, b’fhéidir go ndéanfaí beart chun cinntiú nach bhfeicfidh muid a leithéid de thragóid ag titim amach choíche arís.

Foclóir:

aitheanta = recognised

scinneadh = darting

feithiclí pearsanta = personal vehicles

veist shofheicthe = high vis vest

gluaisrothar streachailte = scrambler

neart an dlí = strength of the law

gearán = complaint

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times