Tá na billiúin trilliún réaltaí ann. Tá na réaltaí is sine beagnach chomh sean leis an chruinne féin.
Tá an réalta is cóngaraí dúinn, an ghrian, thart ar 149.6 milliún ciliméadar (giota beag níos mó ná 8 solasnóiméad) uainn, agus is ríspéisiúil impleachtaí an achair sin: nuair a fhéachann muid ar na réaltaí, is amhlaidh go bhféachann muid ar an am a chuaigh thart. Tá an réalta Deneb, mar shampla, atá le feiceáil le radharc na súl, 1550 solasbhliain ar shiúl. Is ionann sin is a rá gur bhain sé 1550 bliain as solas na réalta sin an Domhan a bhaint amach – mar sin, tchí muid Deneb mar a bhí sé 1550 bliain ó shin. Dá gcaillfí é, bheadh sé fós le feiceáil againn go ceann 1550 bliain!
Ach d’ainneoin an pharadacsa sin, tá ról lárnach ag an réalteolaíocht inár dtuiscint ar an am. Is uirthi a bhunaigh muid an féilire: tá fad an lae bunaithe ar imrothlú an Domhain agus fad na bliana bunaithe ar fhithis an Domhain timpeall na gréine.
Tá a fhios againn go raibh ár sinsir in ann fad na bliana a thomhas go beacht na mílte blianta ó shin – cé gur beag seans gur thuig siad coincheap na fithise. Is fianaise ar an mhéid sin ár séadchomharthaí ársa amhail Brú na Bóinne agus tuamaí Loch Craobh (an Mhí) agus Liagchiorcal an Droma Bhig (Corcaigh).
READ MORE
Fud fad an domhain, faightear séadchomharthaí atá ailínithe le himeachtaí neamhaí amhail na grianstadanna, na cónochtaí, céimeanna na gealaí agus éirí réaltaí áirithe. Tógadh na cinn is sine dá maireann sa chúigiú mílaois R.Ch. Cé gur tríd an ghrinniú a rinne pobail na hAoise Neoilití suíomhanna reann neimhe amach, bhí siad fós in ann ‘féilirí’ beachta a chruthú – ach is beag fianaise atá againn ar an mhodheolaíocht a d’úsáid siad ná ar mhéid an eolais a bhí acu.

Níor chóir go mbeadh sé ina údar iontais go raibh tomhas an ama tábhachtach do phobail ársa, áfach. Le teacht na feirmeoireachta agus na talmhaíochta, ba thábhachtaí fós eolas ar shéasúir na bliana: ceist báis nó beatha a bhí ann i ndáiríre.
Is as an fhéilire agus an réalteolaíocht a bhaineann léi a fáisceadh gnéithe den luathchultúr. Tosaíodh ag ceiliúradh iompú na séasúr, agus ó thús na staire, faightear an iliomad samplaí d’fhéilte a nasctar leis na séasúir agus le himeachtaí neamhaí. Roimh theacht na Críostaíochta go hÉirinn, marcáladh ceithre shéasúr na bliana leis na féilte Samhain, Imbolc, Bealtaine agus Lúnasa. Is iomaí seanfhéile bunaithe ar imeachtaí neamhaí a cheiliúrtar go fóill: Athbhliain na Gealaí, cuir i gcás; nó Nowruz, Bliain Úr an Mheánoirthir, ar chónocht an earraigh; nó Matariki na Maorach, bunaithe ar éirí réaltbhraisle na Pléadaí.
Cé gur gnách linne déscaradh a dhéanamh idir an eolaíocht agus an cultúr na laethanta seo, is nós nua é sin: ar feadh na mílaoiseanna, bhí siad fite fuaite ina chéile.
Is léir ar na téacsanna a mhaireann go raibh réalteolaíocht na nGael faoi thionchar smaointeachas na Gréige agus, ón dara haois déag, an Mheánoirthir.
Creideadh gur déithe iad na réaltaí nó go raibh éachtaí na ndéithe le feiceáil iontu. Ba é Aquarius Ea, dia an uisce, ag na Bablónaigh ársa; dar leis na Suiméaraigh go raibh Capricornus ina ionchollú d’Enki, dia an uisce agus na giniúna. Bhí an-chuid scéalta ag na Gréagaigh ársa maidir le reanna neimhe: go minic, dúradh go ndearna na déithe réaltaí de dhaoine d’fhonn iad a shaoradh ó ghéarleanúint agus/nó d’fhonn neamhbhásmhaireacht a bhronnadh orthu.
Níl sna réaltbhuíonta ach patrúin a chruthaigh daoine le cuidiú linn cumraíocht na réaltaí a thuiscint. Uaireanta, bíonn líon mór pobal ar aon fhocal maidir leis an íomhá a chuireann réaltbhuíon i gcuimhne dóibh: is béar é Ursa Major do bhundúchasaigh Mheiriceá Thuaidh agus do phobail na hEorpa araon. Uaireanta eile, tá éagsúlacht tuairime ann: is cros é Crux do phobail na hEorpa, ach tchí bundúchasaigh na hAstráile roc an gha nimhe nó cos iolair agus tchí na Maoraigh ancaire.
Le himeacht aimsire, cuireadh go mór le saineolas ar an réalteolaíocht ar fud an domhain. Uaireanta, bhíodh ríthe agus taoisigh ina bpatrúin ag réalteolaithe.
Sa tríú haois RCh, mhaígh Aristarchus go bhfithisíonn an Domhan agus na pláinéid eile an ghrian, agus cheap na Gréagaigh Meicníocht Antikythera, ‘ríomhaire’ a d’fhéadfaí a úsáid chun suíomhanna reann neimhe a thuar. Rinne réalteolaithe Gréagacha, Síneacha agus Arabacha (agus tuilleadh nach iad) liostaí, léarscáileanna agus cruinneoga de na réaltaí. Ní hannamh a bhain cuspóirí lucht taighde le réimsí eile, agus tríd an réalteolaíocht, méadaíodh ar ár dtuiscint ar an uaireolaíocht (tomhas an ama), ar an gheografaíocht agus ar an loingseoireacht freisin.

Ach is minic nach chun críocha léinn amháin a rinneadh an staidéar sin: creideadh go forleathan gurbh fhéidir fáistine a dhéanamh ach tuiscint a bheith agat ar léamh na spéire. Níor éirigh leis na mór-reiligiúin – amhail an Chríostaíocht agus Ioslam – deireadh a chur leis na cleachtais sin. Sa lá atá inniu ann, is iad Stoidiaca an Iarthair agus Stoidiaca na Síne an dá chóras is aitheanta, ach ní thugtar a oiread measa do lucht na hastralaíochta na laethanta seo is a tugadh fadó.
Agus cad faoi mhuintir na hÉireann? Cén cur amach a bhí againne ar an réalteolaíocht sna laethanta a chuaigh thart?
Tá a fhios againn gur saothraíodh an réalteolaíocht i mainistreacha na hÉireann. Ba shaineolaithe iad na manaigh ar dhéanamh féilirí, agus sa tseachtú aois, scríobh Aibhistin téacs ina bpléitear tionchar na gealaí ar an taoide.
Is léir ar na téacsanna a mhaireann go raibh réalteolaíocht na nGael faoi thionchar smaointeachas na Gréige agus, ón dara haois déag, an Mheánoirthir. Cuireadh Gaeilge ar a lán téacsanna ar scríobh réalteolaithe na hEorpa agus an Mheánoirthir iad. Mar sin féin, is rídhócha go raibh córas dúchasach ann roimh theacht na Críostaíochta.
Ar an drochuair, ní mórán fianaise atá ar marthain maidir le heolas na gCeilteach ar an réalteolaíocht – cé go raibh ardmheas ag scríbhneoirí na Gréige agus na Róimhe air. Fuarthas féilire sofaisticiúil in Coligny na Fraince, áfach, a rinne Ceiltigh na Mór-Roinne sa dara haois AD, ar a gcomhtháthaítear féilire na gealaí agus féilire na gréine. Dar leis an staraí Peter Beresford Ellis go bhfuil cosúlachtaí idir Féilire Coligny agus féilire Véideach na hIndia, ach admhaíonn sé nach féidir aon rud a rá le cinnteacht gan tuilleadh fianaise.
Sa lá atá inniu ann, is iad na hainmneacha a bhaist na Gréagaigh agus na Rómhánaigh orthu a thugtar go forleathan ar na réaltbhuíonta san Iarthar, agus tagann cuid mhór d’ainmneacha na réaltaí aonair ón Araibis. Tá ainmneacha dúchasacha againn ar roinnt de na réaltaí agus na réaltbhuíonta is feiceálaí, áfach: tugtar an Bodach ar Orion, mar shampla, agus an Tréidín, an tÉillín nó an Streoillín ar an Phléadach (Pleiades) – agus ná déantar dearmad ar Bhealach na Bó Finne. Mar sin féin, cé go mbíodh draoithe na seanscéalta ag léamh na spéire ó am go chéile d’fhonn tairngreacht a dhéanamh, má bhí aon “réaltseanchas” in Éirinn tráth, is easnamhach an fhianaise atá againn anois air, faraor.

I gcaitheamh na blianta, is go mór a chuir an réalteolaíocht lenár dtuiscint ar an tsaol: nach uirthi a bunaíodh Teoiric na hOllphléisce féin? Thairis sin, áfach, is é mo thuairimse go bhfuil an-phléisiúr ag baint leis an réaltóireacht, agus ní theastaíonn ach áit gan truailliú solais agus dálaí aimsire oiriúnacha. Oícheanta áirithe, anuas ar an ghealach agus na réaltaí, d’fhéadfá pláinéid, réaltaí reatha (meitéir) nó na Gealáin Thuaidh a fheiceáil, má bhíonn an t-ádh leat. Tá idir áilleacht agus mhíorúilt na cruinne le léamh ar léarscáil na spéire.
Foclóir: reanna neimhe = celestial bodies
Pobail na hAoise Neoilití = peoples of the Neolithic Age
ailínithe = aligned
fianaise = evidence
Bealach na Bó Finne = Milky Way
réalteolaíocht = astronomy
féilire = calendar
Teoiric na hOllphléisce = Bing Bang Theory
astralaíocht = astrology
ar marthain = extant
truailliú = pollution.











