Más fíor don seanchas, ní bheadh Gaeil in Éirinn beo murach gur fhágadar teas teolaí na Spáinne chun teacht anseo ar chúis éigin. Ní bheadh Fionlainnis á labhairt san áit a bhfuil sí anois murach gur thriail lucht siúil siar as ball éigin lastoir de shléibhte na hÚraile cúpla míle bliain ó shin. Ní bheadh an cine Súlúch san Afraic Theas ach ab é gur ghluais a sinsir aduaidh nuair a bhuail tochas sna cosa iad. Tá bundúchasaigh fós i Meiriceá ó thuaidh toisc gur choisigh daoine trasna Mhuir Bheiring nuair ba ghá. Go deimhin, bheadh an duine, ár homo sapiens féin fós in oirthear na hAfraice ach amháin go raibh ina dhúchas taisteal agus go bhfaca sé go raibh cosa aige seachas préamhacha mar atá ag meacain.

Is é sin le rá, d’fhocail ghearra, go rabhamar riamh ag bogadh, agus ag déanamh. Mar a bhí gluaiseacht ollmhór siar as an Eoraip go dtí an domhan ‘úr’ sa 19ú haois go ró-áirithe, tá gluaiseacht ollmhór eile ag tarlú inniu, gluaiseacht aneas, gluaiseacht ó thuaidh. Tá cúis thar a bheith simplí leis nach bhfónann aon staidéar socheolaíochtúil, aon taighde domhain saineolaithe: táimidne saibhir, agus tá siad siúd bocht. Sin uile.
Ta scéal daonna laistiar de gach gluaiseacht mar é, mar is eol d’aon duine in Éirinn a bhfuil cuid dá mhuintir ina gcónaí sna Stáit Aontaithe, nó sa Bhreatain, san Astráil, san Airgintín, Abú Daibí, Catar… Agus cé gur scéalta pearsanta scéal gach duine in, abraimis Deoraithe le Dónall Mac Amhlaigh nó Brooklyn Choilm Tóibín, is féidir a áiteamh go seasann siad chomh maith do thaithí dhaoine eile, ar a laghad go ginearálta.
Chuige sin, níorbh é príomhcharachtar Eachtraí Said le Josep Lorman (An Gúm) an t-aon ógánach a thrasnaigh muir dhearg loch an bháis ón Maróc go dtí an Spáinn, ach ar éigean go raibh ar tharla dó neamhchosúil ar fad lenar tharla dá lán. Níorbh é an t-aon duine amháin é arbh éigean dó a áit dhúchais a thréigean de dheasca bochtaineachta, nó a caitheadh isteach san fharraige sular bhuail an long an port, nó a d’oibrigh ó dhubh go dubh ar bheagán pá, nó ar déanadh ionsaithe ciníocha air, nó ar chaith na póilíos go dona leis, nó a thit i ngrá, nó a raibh aighneas aige lena chairde. Is é is dóichí ná gurb eispéireas coiteann go leor é sin i gcás an aosa a theicheann ón ainnise, ach ní fhágann sin nach scéal é seo a dhéanann réaladh fírinneach macánta ar dhán aon duine amháin. Uaireanta is scéal truamhéalach é, uaireanta eile scéal é a bhfuil an dóchas agus an misneach ag péacadh tríd, mar nach foláir a bheith.
READ MORE
Údar bisiúil Catalónach is ea Josep Lorman a scríobhann don óige don chuid is mó, ach toisc go mbíonn daoine óga go minic ina chuid scéalta, ní hionann sin is a rá gur don óige amháin iad. Is mór é m’amhras go bhfuil a leithéid d’earra ann agus litríocht do dhaoine óga i leataoibh ó gach cineál eile, ach argóint i gcomhair lae eile í sin. Nuair a bhí scéim aistriúcháin an Ghúim ina neart ó fhichidí go dtí caogaidí na haoise seo caite is amhlaidh gur aistríodh saothair ó phríomhtheangacha na hEorpa ar fad, nach mór. Ní heol dom, áfach, mura bhfuil breall orm arís, ar tiontaíodh leabhar ar bith riamh go dtí seo ón gCatalóinis. Tá an t-aistriúchán seo le Róisín Sheehy déanta go slachtmhar, go rithimiúil, go nádúrtha agus go seolta.
Ní hionadh go bhfeictear an scéal ó thaobh na n-imirceach de, mar sin é atá ann, eachtra Said agus a mbaineann leis. Ní naomh gach duine dá chairde, mar ní mar sin don saol; agus is róbhaol i gcónaí go bhfaigheadh údar poc dá léireodh sé nach bhfuil gach duine faoi leatrom ina aingeal anuas. Ach tá scata carachtar éagsúil ann a thugann dath agus blas agus speach don scéal: hipithe a bhfuil a nósanna féin acu, maolchinn arb iad na drochbhuachaillí iad, nua-Naitsithe a chomáineann cuid mhaith den scéal, mic léinn nach Maracaigh iad agus a bhfuil dearcadh eile acu, póilíní a bhfuil an ciníochas go smior iontu, agus cuirtear leis sin an teannas nach foláir a bheith ann idir Ioslam agus cleachtais na Spáinne.
Léirítear go follasach ‘uaigneas croí agus leaba fholamh’ na n-eachtrannach, fara na prochóga salacha a mbíonn orthu cur fúthu iontu.
Is é Barcelona log agus láthair fhormhór an scéil, ach is gairid a fhoghlaimíonn Said “nárbh ina thír féin amháin a bhí sé deacair a bheith beo”. Léirítear go follasach “uaigneas croí agus leaba fholamh” na n-eachtrannach, fara na prochóga salacha a mbíonn orthu cur fúthu iontu.
Ach is í an éagóir is mó a bhíonn á bpriocadh, mar a fhiafraíonn duine amháin le greadchaí mhasmais: “Toisc gur rugadh áit éigin eile sinn, níl aon cheart againn a bheith beo, an ea?”
Agus uaireanta is racht paisin a bhriseann amach ar suimiú é ar thosca na héagóra sin agus ceacht simplí staire, polaitíochta agus eacnamaíochta nach ngabhann a shéanadh ag an am céanna: “Is mian le rialtais an Iarthair na doirse a dhúnadh orthu siúd a thagann ón gcoigríoch ar lorg oibre, agus dearmad á dhéanamh acu gurbh iadsan a tháinig chuig ár dtíortha féin, ar dtús chun dúshaothrú a dhéanamh ar ár gcuid acmhainní agus chun a gcuid táirgí féin a dhíol linn...Ní raibh uathu ach amhábhair a fháil ar chostas íseal chun fís thionsclaíoch an Iarthair a fhíorú.” Thabharfá coilíneachas ar seo; caipitleachas chomh maith.
Is rómhaith a thuigfí anseo gurb iad a dhéanann “na poist nach bhfuil duine ar bith eile sa tír seo ag iarraidh a dhéanamh,” agus nach aon súmairí iad “ach oibrithe a bhfuil gá leo”.
Simplí, lom, macánta, fírinneach ach is cumhachtaí na tuairimí seo a chur i láthair agus iad dingthe ionsmaithe sa scéal seachas mar áiteamh i leataoibh ó chomhthéacs daonna.
Mar a chéile le lucht maistíneachta na sráide a bhfuil sé d’ionracas acu a gcuid tuairimí a nochtadh ar nuachtán de chuid na cathrach, oscailteacht annamh ó lucht na leithscéalta ina mílte ar chúla téarmaí: “Ní maith liom iad siúd nach bhfuil craiceann geal orthu. Dath a gcraicinn, an boladh a bhíonn uathu, an tslí a labhraíonn siad, an chuma a bhíonn orthu, cuireann sé uile shamhnas orm…Ní ionsaím ach dríodar na sochaí amháin: na hinimircigh agus na puncaí, na hainrialaithe, na homaighnéasaigh, na handúiligh drugaí agus an dream frithchiníoch.”
Is leor an méid sin le cumhacht chuid den scríbhneoireacht a bhlaiseadh, agus gan amhras, níor ghá gur scéal é seo a bhfuil críoch ann a mbeifeá ag coinne leis.
Cuid d’oideachas an duine don linn ina mairimid is ea an leabhar seo.
Foclóir: Seanchas = Lore, tradition
Fionlainnis = Finnish
Súlúch = Zulu
Is féidir a áiteamh = it can be argued
bisiúil = productive
de dheasca = as a result of
lucht maistíneachta = bullies












