Tráthnóna liath Déardaoin sna Saoirsí, osclaítear doras stiúideo an Pallas le foscadh a sholáthar ón mbáisteach. Boladh péinte úire, mar a bheadh i dteach nua, agus an cumha a mhúsclaítear leis.
Tá na ballaí á gclúdach de réir a chéile le dath geal glas ag Paddy Critchley atá in airde ar sheandréimire adhmaid, rollóir ina ghlac aige. “Á, heileo!” ar sé, mar a bheadh sé ag fanacht linn, cé nár thuig sé go raibh muid le teacht. Caitheann Paddy le chuile dhuine mar seo: teacht i láthair gealgháireach réchúiseach ar éasca comhluadar a choinneáil leis. Tá triúr leaideanna eile suite ar chathaoireacha mar a bheadh lucht féachana ann. Ní labhraíonn siad mórán, ach is léir a gcompord. “Tá Cormac anseo ó mhaidin!” arsa Paddy faoi dhuine acu.
I lár an urláir tá seanraidió: leagann Paddy méar ar chnap, scaoiltear fuaim ríííííp cúlchasta a stopann ar bhuile thosaigh amhráin. “Ba bhreá liom dá mbeadh comeback ag na showbands!” Around Ireland le Big Tom atá roghnaithe aige ón gcarn téipeanna scaipthe ar bhráillín cosanta an urláir. Filleann sé ar an obair, ag cabaireacht faoin Nollaig sa mbaile i Laois, agus togra Edwina Guckian - Devil’s in the Dancehall - a bhí á reáchtáil i hallaí pobail le gairid.

Is dá thaispeántas Painter / Painter atá an seomra á chóiriú. Crochfar pictiúir ar chanbháis sa seomra nuaphéinteáilte: súil chruthaitheach an ealaíontóra agus scileanna péintéara tí á gcur i bhfearas ag aon am amháin. “Bhí uaim an phéinteáil mar ghairm a fhiosrú, agus mar a bhíonn daoine ag smaoineamh faoin dá rud - péinteáil tí agus péinteáil ealaíne.”
READ MORE
Bhí an dá rud fite fuaite i gcónaí ina shaol: “ní dhearna mé ealaín ar scoil, ach chuaigh mise agus mo dheartháir go teach mamó agus rinne muid ranganna ealaíne léi. D’oibrigh mé ansin le mo dhaid ó bhí mé 14.”
In éindí leis an taispeántas tá freagra cumhachtach próis le Evan Kelly, a fhiosraíonn téama na haicme sna saothair… “Isn’t there a certain correlation between high ceilings and a high opinion of what you can achieve? It was just any other day for you, but for me it would have meant a lot.”
Céim bhreise i dtreo na healaíne a bhí ann freastal ar Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh (LSAD): “go tobann, bhí mé le daoine cosúil liomsa. Bhuail mé le cairde nua a thug treoracha dom. Bhí stiúideo dochreidte ann. Bhí sé ar fheabhas a bheith ag obair ann sin.”
Am agus spás an dá rud is mó a éilíonn cruthaitheoirí: dhá rud atá gann i saol agus cathair Átha Cliath an lae inniu, faraor. Bíonn Paddy fós i mbun cóiriú tí mar phost: “sin an rud is deacra. Fuair mé sparánacht ón gComhairle Ealaíon anuraidh, bhí sé an-chabhrach. Tá gach rud chomh costasach faoi láthair… agus níl mé ag déanamh airgid (seachas má dhíolaim rud éigin). Nuair atá tú ag íoc as teach agus stiúideo, níl sé éasca. Tá an t-ádh orm go bhfuil post eile cosúil leis seo agam. Tá sé páirtaimseartha agus bím sa stiúideo na laethanta eile.”
Is speisialta am a chaitheamh le healaíontóir. Bíonn deis agat súil eile a fháil ar na móimintí a chaitear leo. Cuimhním ar oíche ar leag Paddy súil ar an litreoireacht Ghaelach os cionn “Doras Beag” Tigh Mholly in Indreabhán. Feictear an cló céanna go minic ina shaothair ó shin, agus sa bPallas anois.

Tá na dathanna suntasach sna saothair freisin, ó ghlas na mballaí a roghnaíodh go cúramach go buí na lusanna cromchinn atá breactha anseo is ansiúd. “Is breá liom lus an chromchinn! Beidh mé á phéinteáil chuile earrach. Nuair a éistim le ceol freisin, bím ag smaoineamh faoi dhathanna agus pictiúirí… má tá brón orm, bíonn na dathanna níos dorcha, agus leis na rudaí ar siúl sa domhan anois, tá m’obair níos dorcha,” arsa Paddy. Is léir sin ó mhóitíf nua atá le feiceáil den chéad uair sa taispeántas áirithe seo: blaoscanna beaga, a thagraíonn do phóstaer atá sa ‘Museum of Free Derry’. “Tá siad ag freagairt do Dhomhnach na Fola. Bhí sé uafásach agus ní bhfuair aon duine aon cheartas. Bhí mé ag smaoineamh faoi na daoine in Gaza. Tá go leor tragóide sa domhan agus is fuath liom é. Is péintéir mé agus scaití ceapaim ‘cén chaoi ar féidir liom cabhrú’... so I just paint, agus déanaim iarracht rud éigin a rá.”
Bíonn amhras orm in amanna faoin nath ‘ní bheidh a leithéid arís ann’. Tá an bua áirithe sin ag Paddy a bhíonn ag na healaíontóirí is fearr ar fad: tá bréagshimplíocht thaitneamhach ina shaothair, agus b’éasca a rá leat féin “d’fhéadfainn é sin a dhéanamh!” - ach gach seans nach bhféadfá. Níos tábhachtaí fós, ní dhéanfaidh, nó dá ndéanfá, ní bheadh an comhthéacs, an phearsantacht, ná an scéal céanna ag na saothair. Ní bheidh a leithéid arís ann!











