Bhí Tionól agus Feidhmeannas Chnoc an Anfa dhá bhliain ar ais ar an fhód an tseachtain seo caite agus rinneadh iarrachtaí athbhreithniú a dhéanamh ar an mhéid atá bainte amach ag polaiteoirí ó thuaidh le linn an tréimhse sin. Tá sé deacair na buaicphointí nó mórán dul chun cinn a aimsiú áfach.
Bhí dúshláin mhóra i gcónaí roimh na Comhaltaí Tionóil (CTRanna) agus na hAirí agus iad ag teacht ar ais i ndiaidh tréimhse fhada agus liosta mór deacrachtaí os a gcomhair, ach le dhá bhliain curtha díobh acu, ní léir mórán fiúntais san obair atá curtha i gcrích acu.
Ar dtús, agus na hinstitiúidí ag feidhmiú arís, bhí súilíochtaí ann go mbeadh cur chuige úr ann i measc na bpolaiteoirí agus comharthaí dea-chaidrimh léirithe idir an Chéad-Aire Michelle O’Neill agus an Leas-Chéad Aire Emma Little-Pengelly. Sin ráite, aon dóchas a bhí ann go mbeadh caidreamh oibre níos fearr agus níos éifeachtaí trasna an Tionóil mar gheall ar an dea-shampla seo, tá sin imithe in éag le fada agus níos mó den seanphatrún céanna ar thaispeáint arís eile.
Sampla soiléir eile…ná an dóigh ar labhair an Teachta Parlaiminte Gregory Campbell go drochbhéasach agus go borb le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly…
Rinne Little-Pengelly cosaint an tseachtain seo caite ar an mhéid a baineadh amach le dhá bhliain anuas, ach mionrudaí bunúsacha a bhí i gceist aici níos mó ná cinntí móra a d’imir tionchar ar aon cheann de na fadhbanna móra atá roimh dhaoine i láthair na huaire.
READ MORE
Agus cé go bhfuil neart dúshláin lasmuigh de Chnoc an Anfa, tá dúshláin úra ag borradh le linn na hama i measc na bpolaiteoirí iad féin. Gan amhras, tá réimse na polaitíochta ag streachailt leis an fhadhb seo go hidirnáisiúnta. Dar ndóigh ní raibh riamh caidreamh róláidir idir cuid de na páirtithe sa tuaisceart ach tá atmaisféar ar leith ag teacht chun tosaigh atá ag cur bac ar an bhun-chomhoibriú riachtanach a bheith ag tarlú go héifeachtach.
Is léir go bhfuil roinnt polaiteoirí ag foghlaim ó stíl Trump nó Farage agus ag diúltú bunmheas a léiriú ar a gcuid comhghleacaithe, agus ar an chóras ina bhfeidhmíonn siad.
Rinne an Coimisinéir um Chaighdeáin sa Tionól Melissa McCullough cáineadh ar CTR de chuid an TUV Timothy Gaston le déanaí mar gheall ar an bhealach ar chaith sé le Paula Bradshaw, a bhí ina Cathaoirleach Coiste, ag cruinniú in 2024. De bharr na moltaí a rinne an Coimisinéir, chuir an Comhchoiste um Chaighdeáin agus Pribhléidí an CTR ar fionraí ón Tionól féin ar feadh dhá lá.
Tháinig Gaston agus an TUV amach go láidir ag cáineadh an phróisis gearán agus an chinnidh é a chur ar fionraí. Dúirt Gerry Carroll ón pháirtí Pobal Seachas Brabús fiú go raibh imní airsean go mbeadh a leithéid de rialú in úsáid ag na páirtithe móra amach anseo chun srian a choinneáil ar CTRanna ó pháirtithe beaga.
Chomh maith leis sin, cinneadh le déanaí gur bhris an tAire Pobal Gordon Lyons ón DUP an Cód Aireachta anuraidh le linn círéibeacha nuair a phostáil sé eolas ar Facebook a chuir leis an teannas a bhí ann faoin inimirce ag an am. Dhiúltaigh an DUP glacadh le haon cháineadh ar chor ar bith maidir leis an scéal, iad ag maíomh nach raibh aon mhír asord sna rudaí a thit amach. Fuair an Coimisinéir McCullough amach gur théip ar Lyons caighdeáin a chomhlíonadh mar a bhaineann le “ceannasaíocht, freagracht agus caidreamh pobail”. Cé go ndearna polaiteoirí i bpáirtithe eile cáineadh ar an Aire, dhiúltaigh sé féin ná an DUP glan glacadh le haon fhreagracht nó moladh a rinne an Coimisinéir.
Mar a tharlaíonn sé, seo an dara huair a cinneadh gur bhris Gordon Lyons an Cód Aireachta. Tharla amhlaidh in 2024 mar gheall gur theip ar an Aire freastal ar chruinnithe de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.
Sampla soiléir eile den easpa measa a léirítear go minic ná an dóigh ar labhair an Teachta Parlaiminte Gregory Campbell go drochbhéasach agus go borb le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly le linn di a bheith ar cuairt i nDoire an tseachtain seo caite.
Mar sin de, tá córas anois ann ina bhfuil meicníochtaí ann le polaiteoirí a smachtú nuair is gá ach nach bhfuil aon éifeacht nó tionchar ag an chóras sin orthu. Agus an dioscúrsa polaitíochta ag éirí níos gairbhe i gcónaí, is bocht an scéal é nach nglactar go dáiríre le cáineadh nuair a theipeann ar pholaiteoirí na caighdeáin dea-chleachtas a chomhlíonadh.
Sa chás nach bhfuil aon impleachtaí ann do pholaiteoirí nuair a cháintear iad nó nuair a fhiosraítear a gcuid iompair, cén mhaith atá sna rialacha seo? An féidir tionchar ar bith a imir ar pholaiteoirí anois chun dea-chaighdeáin phroifisiúnta a chinntiú? Agus níos mó ná sin, cén dóchas atá ann gur féidir le polaiteoirí a bheith ag obair le chéile riamh chun cinntí deacra a dhéanamh ar leas gach duine nuair nach féidir leo caitheamh lena chéile go measúil proifisiúnta mar chuid dá gcúraimí oibre?













