Cén chaoi sa domhan ar tógadh beagnach 90,000 teach in Éirinn in 2006? Agus nach mór 20 bliain ina dhiaidh sin breathnaímid ar 50,000 teach in aghaidh na bliana mar sprioc atá dodhéanta.
Is fíor go raibh bás na seanbhó le feiceáil san earnáil tithíochta nuair a thit an tóin as an Tíogar Ceilteach. Ar feadh cúpla bliain, is beag teach a tógadh in Éirinn. Ach tharla an tubaiste mhór 15 bliana ó shin! Cén fáth, mar sin, a bhfuil an t-easnamh tromchúiseach sin san infreastruchtúr fós linn? Nach bhfuilimid ar ais ar ár seanléim arís? Cén fáth nach féidir dóthain tithe a thógáil dár ndaonra? Cén fáth nach féidir bóithre, leictreachas, gás, uisce agus córas séarachais a sholáthar ar scála mór?
Má fhillimid ar 2006, ba é sin buaic an Tíogair Cheiltigh. Bhí na céadta mílte daoine ag obair san earnáil tógála. Ar imeall Bhaile Átha Cliath agus na mbailte móra eile, bhí na heastáit ghnó plódaithe le siopaí DIY, siopaí tíleanna, soláthraithe cistineacha, ceannaithe tógála agus ionaid gharraíodóireachta. Bhí an geilleagar ag brath ar an earnáil sin a bheith ag borradh go leanúnach. Ar ndóigh is bolgán a bhí ann. Agus nuair a phléasc sé thug sé ar ais chuig an saol fíor muid.
Cheapfainn go raibh na caighdeáin tógála níos ísle ag an am sin ná mar atá siad anois. Bhí sé níos saoire árasán a thógáil, mar shampla. Ní mar sin atá a thuilleadh. Tá na caighdeáin a gcaithfidh tógálaithe cloí leo anois chomh hard sin go gcosnaíonn sé níos mó árasán a thógáil ná teach. Dar liom féin, ní luíonn sé sin le réasún ná le loighic. Ach sin mar atá.
READ MORE
Aithníodh an t-easnamh tithíochta den chéad uair go soiléir timpeall 2013 nó 2014. Is cuimhin liom comhrá a bhí agam le comhairleoir rialtais an-sinsearach thart ar an am sin. Mheabhraigh mé dó go mb’fhéidir go raibh an t-easnamh ag cothú fadhb don rialtas. Rinne sé neamhshuim de. De réir mar a fheabhsófar an córas eacnamaíochta, a dúirt sé, tosófar ar thógáil tithe arís agus tiocfaidh gach rud ar ais chuige féin.
Ach má tá an Rialtas ag iarraidh 300,000 teach a sholáthar faoi dheireadh 2030, ní mór dó 60,000 aonad sa bhliain a thógáil idir an dá linn…
Ach bhí sé go huile is go hiomlán mícheart.
Tháinig an geilleagar chuige féin gan dabht — ach go mall — ach d’fhan an earnáil tógála i bhfad taobh thiar de. Tharla sé seo in ainneoin go raibh an Rialtas ag infheistiú gan choinne sa tithíocht chun dul i ngleic leis an easpa gníomhaíochta. Tá sé deacair gach plean tithíochta a fógraíodh le 12 bhliain anuas a chuimhneamh, ó Atógáil na hÉireann go Tithíocht do Chách. Gheall gach plean na céadta mílte tithe. Theip ar chuile phlean, agus theip orthu go dona.
Ní rud nua é an t-easnamh san infreastruchtúr. De réir tuarascála de chuid Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann a foilsíodh le déanaí, bhí leibhéal infheistíochta san infreastruchtúr in Éirinn i gcónaí íseal i gcomparáid le tíortha Eorpacha eile.
I lár na 1990idí, bhí sé thart ar 50 faoin gcéad níos ísle. Cé go bhfuil feabhas tagtha ar an scéal ó shin, tá bearna 25 faoin gcéad fós ann. Luaigh an Chomhairle ceithre phríomhréimse a bhí ag déanamh imní don Stát: tithíocht, cúram sláinte, iompar agus leictreachas.
Tá torthaí an easnaimh sin feicthe againn. Roimh olltoghchán 2024, gheall na páirtithe polaitíochta go léir araon go dtógfaí 300,000 teach idir seo agus deireadh na bliana 2030. Ag an am, mhothaíos féin go raibh na gealltanais i bhfad ró-uaillmhianach, i bhfianaise líon na dtithe a bhí tógtha sna blianta roimhe sin.
Ag tús na bliana seo caite, bhí ar an Rialtas nua an fhírinne lom a admháil. In ainneoin an tAire Tithíochta Darragh O’Brien a bheith ag tuar go cróga go dtógfaí 40,000 teach in 2024, nuair a foilsíodh na figiúirí oifigiúla go luath in 2025, bhí sé soiléir nach raibh an Rialtas i bhfoisceacht scread asail den sprioc sin. Níor soláthraíodh ach 30,000 teach i bhfad na bliana.
An rud imníoch faoi sin ná go gcreidim gur imir sé sin tionchar ar thoradh an olltoghcháin. Fad is a bhí saineolaithe ag tuar go mbeadh na figiúirí do 2024 níos ísle ná an sprioc a bhí leagtha síos, d’áitigh O’Brien agus a chomhghleacaithe sa Rialtas go n-éireodh leo an sprioc a bhaint amach.
Chonaic muid feabhas in 2025 agus 36,000 teach nuathógtha san iomlán. Ach má tá an Rialtas ag iarraidh 300,000 teach a sholáthar faoi dheireadh 2030, ní mór dó 60,000 aonad sa bhliain a thógáil idir an dá linn. Níl sé soiléir go bhfuil sé sin indéanta.
Cén fáth, mar sin, nach féidir linn tithe a thógáil ar an scála céanna agus a rinneamar in 2006? Cúis amháin ná an ganntanas oibrithe oilte san earnáil tógála. Meastar go mbeidh ar a laghad 40,000 oibrí sa bhreis de dhíth, b’fhéidir níos mó ná sin. Tá táirgiúlacht níos ísle in Éirinn ná i dtíortha eile agus beidh orainn an táscaire sin a fheabhsú chomh maith. Cuid den fhadhb ná drogall ar chomhlachtaí tógála infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíocht nua ar mhaithe le táirgiúlacht, ar fhaitíos go dtitfeadh sé go léir ó chéile arís.
Ar an drochuair, tá taifead tógála na hÉireann go dona le seal anois. Thóg an tOspidéal Náisiúnta Leanaí deich mbliana níos faide ná mar a bhí beartaithe agus chuaigh na costais in airde go pras.
Tá an Rialtas tar éis plean nua forbartha náisiúnta a fhógairt agus tá na billiúin euro geallta chun dul i ngleic leis na heasnaimh seo. Caithfear an t-easnamh a shárú. Tá sé náireach go bhfuil daoine fásta fós ina gcónaí lena dtuismitheoirí toisc gan iad a bheith in ann teach a cheannach dóibh féin. Daoine eile, tá siad ag íoc an mhéid sin cíosa nach bhfuil sé d’acmhainn acu éarlais tí a chur le chéile. Agus ansin tá líon na ndaoine gan dídean ardaithe go mór.
Ní mór dúinn an t-infreastruchtúr seo a thógáil, agus go tapa. Tá fadhbanna againn le pleanáil agus le dúshláin dlí. Ach seachas sin, tá fadhb níos doimhne maidir le cur i bhfeidhm. Gluaiseann rudaí go rómhall. Tá easpa práinne agus smachta ann. Cén fáth sa diabhal a bhfuil Éire scoite amach ón gcuid eile den Eoraip i dtaca le tograí móra a dhéanamh go sciobtha agus go héifeachtúil?
Foclóir:
sprioc = target
caighdeáin tógála = building standards
saineolaithe = experts
oibrithe oilte = skilled workers
ag tuar = predicting
in ainneoin = despite
easnamh = deficiency
soiléir = clear











