Sagart ár linne

Tá ról an tsagairt athraithe ó bhonn le glúin anuas.

An tAth Ó Ceallaigh i mbun beannú na mbád i mBaile na nGall. Grianghraf: RoseAnn Foley
An tAth Ó Ceallaigh i mbun beannú na mbád i mBaile na nGall. Grianghraf: RoseAnn Foley

Níl ról traidisiúnta an tsagairt, ról an tsagairt Gaeltachta san áireamh, mar a bhí tríocha bliain ó shin, fiche bliain fiú. Inniu tá grúpa beag sagart ag feidhmiú mar aonad sa taobh seo tíre, ag obair go dian ar bhonn róta agus ag freastal ar ocht bparóiste in iarthar chontae Phort Láirge. Ar an liosta seo tá paróiste Gaeltachta na Rinne agus an tSeanphobail in éineacht leis an gCoilligeán, Cill Ghobnait, Cill Bhriain, an Eaglais, Baile na mBialach, Mount Stewart, agus an Chlais Mhór.

Tá triúr sagart freagrach as na dualgaisí eaglasta ar fad sa cheantar, na sacraimintí roinnte eatarthu. Tá seans ann nach gcloisfear aifreann ón sagart céanna ach uair amháin laistigh de thrí seachtaine. Is cinnte go mbíonn gach sagart faoi bhrú ama ag imeacht go deifreach ina charr ó shéipéal amháin go dtí séipéal eile i bparóiste eile.

An tAth Conchubhair Ó Ceallaigh. Grianghraf: RoseAnn Foley
An tAth Conchubhair Ó Ceallaigh. Grianghraf: RoseAnn Foley

“Sea, faigheann an gluaisteán an-chuid úsáide, gach aon lá ag dul ó áit go háit,” arsa an tAthair Conchubhair Ó Ceallaigh. Uair amháin bhíodh an tAth Ó Ceallaigh ina chónaí sa Rinn mar shagart paróiste i gcroílár phobal na Gaeltachta. Ní mar sin atá sé a thuilleadh.

Cé nach bhfuil aon sagart ina chónaí a thuilleadh sa pharóiste Ghaeltachta, deir an tAth Ó Ceallaigh go bhfuil “níos mó dóchais agam inniu as obair an spioraid naoimh i measc na ndaoine agus i gcroíthe na ndaoine”.

Admhaíonn sé go bhfuil “athrú mór tar éis teacht ar an saol”, ach fós tá sé an-dearfach. Nuair atá daoine ag fágáil an tséipéil i ndiaidh an aifrinn nó sacraiminte eile, deir sé, “is minic a deir siad ‘A Athair, bhí sé sin go hálainn’, agus ní chiallaíonn sé sin go raibh mise go hiontach ach go raibh a gcroíthe oscailte don spiorad naomh inár measc. Creidim go bhfuil an spiorad naomh fós ag feidhmiú”.

Tá saghas meoin ann go bhfuil saol an tsagairt chomh difriúil le saol daoine eile ach tá na deacrachtaí agus na dúshláin chéanna againne.

Bíonn ar an sagart taisteal chuig na heasláin atá sa bhaile agus sna hospidéil chomh maith nó sna tithe dianchúraim agus, chomh maith le hofráil na sacraimintí eaglaise ar fad, tá dualgas ar na sagairt cuairteanna rialta a thabhairt ar ranganna scoile. Tá naoi mbunscoil agus meánscoil amháin faoi chúram an Athar Ó Ceallaigh. Caithfidh sé freastal ar chruinnithe choistí bainistíochta na scoileanna chomh maith.

Ach is maith leis a bheith gnóthach. “An chuid den obair is deacra domsa ná nach bhfuil an t-am agam níos mó ama a chaitheamh sna scoileanna... Nuair a bhí mé i mo shagart ar dtús ná gur chaith mé i bhfad níos mó ama ag caint le páistí sna ranganna. Faraor níl an t-am againn é sin a dhéanamh anois agus is mór an trua san. Ní féidir é a dhéanamh anois mar gheall ar chúraimí eile, bím ag dul ó áit go háit agus níl an méid sagart ann anois agus a bhí. Thaitin sé go mór liomsa a bheith im sheasamh os comhair ranga ag plé an chreidimh leo, ag caint faoi rudaí agus ag guí leo.”

Maidir le huaigneas a ghairme spioradálta, deir sé nach bhfuil an t-am aige a bheith uaigneach. “Mhínigh mé é seo do dhéagóirí meánscoile thíos i bPort Láirge fadó. Bhí trua acu dom – an fear bocht, leis féin, an saol aontumhach - ach mhínigh mé dóibh go bhfuil difríocht mhór idir an t-uaigneas agus an t-aonarachas, nó a bheith leat féin. An rud a dhéanann an difríocht ná an rogha. Nuair a bhímse i m’aonar ní chiallaíonn sé sin go bhfuil mé uaigneach. Mar tá sé ana-dheas a bheith i d’aonar ó am go ham chun cúpla paidir a rá, chun leabhar a léamh, chun cluiche fichille a imirt, pé rud.”

Glacann sé leis go bhfuil ról an tsagairt athraithe ach ní dóigh leis go bhfuil sí eisceachtúil mar ghairm. “Tá saghas meoin ann go bhfuil saol an tsagairt chomh difriúil le saol daoine eile ach tá na deacrachtaí agus na dúshláin chéanna againne agus atá ag gach aoinne. Tá aidhm dhifriúil againn agus b’fhéidir go bhfuil meon difriúil againn. Mar shagart nó bean rialta, an rud atá tábhachtach ná an tseirbhís don Tiarna. Tá tú ag déanamh na seirbhíse san an t-am go léir,” a deir sé.

“Mar shagart, mar chuid den chléir, tá ana-chuid tacaíochta tugtha dúinn ag muintir na heaglaise. Agus is bronntanas buan é sin, is iontach an rud é sin.”

Nuair a oirníodh é in 1988, is cuimhin leis an Ath Ó Ceallaigh go mbíodh sacraimint na Faoistine faoi lánseol sna heaglaisí, go háirithe ar an Satharn. Thar dheireadh seachtaine amháin, in aon séipéal chaití trí uair an chloig ag éisteacht le faoistin na ndaoine. Anois, a deir sé, “is trua a rá nach bhfuil an Fhaoistin ar siúl chomh minic agus a bhíodh...Níl an dearcadh céanna ag daoine ar pheacaí. Ní chreideann siad gur peacaigh sinn. Is í an fhadhb atá ann ná nach bhfuil an tuiscint chéanna agus a bhí. Caithfear rud éigin a dhéanamh ionas go mbeidh gach aoinne a rá go bhfuil an tsacraimint sin ana-thábhachtach.”

Maidir leis na scannail go léir san Eaglais a tháinig amach “nuair a bhí an saol mór ag caitheamh anuas ar shagairt”, deir sé go gcuimhníonn sé ar chomhairle faoi mhuintir an pharóiste agus an gaol pearsanta atá acu lena sagart féin. “Is féidir leo aon rud a rá faoi na sagairt i gcoitinne ach is tusa a sagart, déanann sé sin difríocht, an gaol pearsanta atá agat leis na daoine, leis na daoine go bhfuil tú ag comhoibriú leo. Tá sé sin tábhachtach.”

Inniu, tá sé soiléir go bhfuil tuiscint ar leith aige ar cad é cuid lárnach dá ról i measc aon phobail. “Déanaim iarracht an scrioptúr a mhíniú pé áit ina bhfuilim,” a deir sé. “Tá ana-chuid le rá i mBriathra Dé a thugann fuinneamh don chreideamh agus a thugann spreagadh don Chríostaí.”