‘Teaghlaigh Ros Goill’ seolta

Na Ceithre hAirde: Oidhreacht Ros Goill caomhnaithe agus clár nua raidió ag Raidió Fáilte

Bailiúchán scéalta agus cur síos ar theaghlaigh, ar dhaoine agus ar eachtraí a tharla sna blianta a chuaigh thart i gceantar Ros Goill i dtuaisceart Dhún na nGall atá i leabhar nua le hAodh Mac Laifeartaigh. Grianghraf: iStock/Getty
Bailiúchán scéalta agus cur síos ar theaghlaigh, ar dhaoine agus ar eachtraí a tharla sna blianta a chuaigh thart i gceantar Ros Goill i dtuaisceart Dhún na nGall atá i leabhar nua le hAodh Mac Laifeartaigh. Grianghraf: iStock/Getty

Beidh oidhreacht Ros Goill caomhnaithe do na cianta atá le teacht de bharr saothar cuimsitheach atá scríofa ag Aodh Mac Laifeartaigh.

Is éard atá sa leabhar seo ná bailiúchán scéalta, na céadta pictiúr agus cur síos ar theaghlaigh, ar dhaoine agus ar eachtraí faoi leith a tharla sna blianta a chuaigh thart i gceantar Ros Goill i dtuaisceart Dhún na nGall.

Teaghlaigh Ros Goill le Aodh Mac Laifeartaigh
Teaghlaigh Ros Goill le Aodh Mac Laifeartaigh

Is as an Mhuirleog sna Dúnaibh d’Aodh ó dhúchas, agus aithne leitheadach air mar gheall go raibh sé sáite i gcúrsaí CLG i gcónaí. D’oibrigh sé mar mhúinteoir le blianta fada sa cheantar agus tá aithne ar a ghlór ó cheann ceann na tíre de bharr go ndearna sé tráchtaireacht spóirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta thar na blianta.

Tá sé ina bhall den eagraíocht Céim Aniar, a bunaíodh sa cheantar in 2001, agus is é príomhchuspóir an choiste agus na mball moill a chur ar mheath na Gaeilge sa dúiche agus iarracht a dhéanamh an teanga agus an cultúr a chur chun cinn sa cheantar. Tá an obair sin faoi lán seoil go fóill, agus tá oifig ghnaitheach lonnaithe acu ar imeall na trá i mbaile beag na nDúnaibh.

“Thosaigh seo uilig leis an iris Guth Ghoill a chuir Céim Aniar amach thart ar 2002. Chuir muid amach thart ar thrí eagrán gach bliain agus tá sé ag gabháil leis go fóill. Bhí mise ag scríobh cuntais ar theaghlaigh a bhí sa cheantar ansin. Sílim gurbh í Peigí Ryder a dúirt liom gurbh fhiú domh na scéalta uilig a bhí in Guth Ghoill a chur i bhfoirm leabhair,” a dúirt sé.

Thosaigh sé ag scríobh cuntas ar an bhaile inar rugadh é féin, Cionn na Leargaí, agus de réir a chéile thosaigh sé ag scríobh faoi na bailte a bhí thart timpeall air.

Dúirt sé gur mhór an sásamh a bhain sé as an tsaothar a bhí idir lámha aige: “Bhí mé ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar shaol na ndaoine anseo i Ros Goill sna glúnta a chuaigh romhainn — saol nár cuireadh oideachas ceart ar fáil dóibh, agus saol ina raibh siad faoi chois ag an Rialtas agus ag an eaglais; saol nach raibh tada le fáil ag formhór acu ach tamall fostaíochta thall is abhus agus ina dhiaidh sin, bád Dhoire.”

Bhí cuid de na daoine ar chuir Aodh agallamh orthu siar sna blianta, agus chonacthas dó go raibh cuimhne ar dóigh acu. D’ainneoin an tsaoil chrua a bhí acu, lán d’anás agus de chruatan, bhí meidhir le brath ina gcuid scéalta chomh maith: “Cha raibh siad ag mairgní faoin tsaol a bhí acu agus ní raibh siad searbh. Bhí meidhir iontu fosta,” a dúirt sé.

Dar le hAodh, tá sé tábhachtach go dtuigfeadh na glúnta a tháinig ina ndiaidh an spiorad agus an teacht aniar a bhí sna daoine an tráth sin.

Tá leabhar eile á chur le chéile aige faoi láthair ina bhfuil scéalta le húdair ón cheantar.

Rinne an Dochtúir Seán Mac Corraidh an leabhar Teaghlaigh Ros Goill a sheoladh go hoifigiúil in Óstán na Trá oíche Aoine seo a chuaigh thart. Ba í craoltóir de chuid Barrscéalta ar Raidió na Gaeltachta, Michelle Nic Grianna, a rinne bean an tí ar an oíche. Nuair a labhair Aodh ag an tseoladh, ba í a bhean Maura, a theaghlach féin, teaghlaigh Ros Goill, agus Céim Aniar — go háirithe Peigí Ryder, Laura Nic Giolla Bhríde, bainisteoir oifige Chéim Aniar, agus Fiona Pasoma atá ag obair léi — a fuair an t-aitheantas ba mhó uaidh.

Tá féith na scéalaíochta go smior ann, agus d’inis Aodh cúpla scéal faoi mhuintir a cheantair dóibh siúd a bhí i láthair.

Tá an leabhar tiomnaithe don mhuintir a dúirt sé a d’fhág oidhreacht na sinsear aige.

- Michelle Nic Pháidín

Cad é an scéal
Cad é an scéal

Storm & Jack ar Raidió Fáilte

Storm & Jack ar Raidió Fáilte

Is minic a deirtear go bhfuil sé deacair aird daoine óga a mhealladh nuair atá siad faoi gheasa ag gutháin chliste agus ag an ábhar ghasta a chuirtear ar fáil dóibh. Deirtear go mbíonn easpa spéise go minic acu i gcúrsaí nuachta dá bharr.

Ach bealach amháin le dul i ngleic leis sin ná an nuacht a chur ar fáil ar bhealach inrochtana, soiléir agus taitneamhach, agus daoine a mhealladh chun páirt a ghlacadh i bplé ar chúrsaí an lae.

Cuireadh tús le clár nua raidió an tseachtain seo caite ar Raidió Fáilte dar teideal Cad é an Scéal? a bhfuil sé mar chuspóir leis scéalta móra an domhain a thuairisciú trí úsáid a bhaint as plé oscailte, mínithe simplí agus “giota craic”.

Is iad Storm Eaton-Kilgallen agus Jack Mac Íomhair a chuireann an clár i láthair, agus craoltar é ag a 2.00in gach Aoine.

Dúirt Storm Eaton-Kilgallen go raibh sé “tábhachtach dom clár mar seo a chur i láthair, go háirithe do dhaoine óga cosúil liom féin”.

Dar le Storm: “Bíonn sé deacair gan a bheith in ísle brí agus muid ag breathnú ar chúrsaí reatha na laethanta seo, agus creidim go mbíonn go leor daoine óga díspreagtha dá bharr.”

Is iriseoir í Storm Eaton-Kilgallen le Seachtain, forlíonadh Gaeilge san Irish Independent, agus tá tréimhsí caite aici ag obair le Raidió Fáilte, RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Raidió Uladh, NÓS agus The Irish News thar na blianta.

Ainmníodh Storm do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in 2024, agus fuair sí ainmniúchán do Shraith Raidió na Bliana anuraidh in éineacht lena comhláithreoir ar Cad é an Scéal, Jack Mac Íomhair.

“Ba mhaith liom na scéalta tábhachtacha seo a chur i láthair agus iad a bhriseadh síos ar bhealach atá siamsúil, oscailte agus inrochtana do chách — fiú do dhaoine nach bhfuil mórán cur amach acu ar chúrsaí reatha,” arsa Storm.

“Ní raibh tuiscint dhomhain agam féin i gcónaí ar chúrsaí idirnáisiúnta, agus mhothaigh mé go minic go bhféadfadh siad a bheith deacair le tuiscint, ó thaobh comhthéacs agus stór focal de.

“Leis an gclár seo, ba mhaith liom deireadh a chur leis sin agus scéalta móra an domhain a phlé ar bhealach atá soiléir, intuigthe agus cuimsitheach do chách.”

Is stiúrthóir é Jack Mac Íomhair ar Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire, agus tá taithí fhairsing aige san iriseoireacht, ag obair mar Phríomhiriseoir Craolta sa Rannóg Nuachta agus Cúrsaí Reatha i Raidió Fáilte i mBéal Feirste.

Dúirt Jack Mac Íomhair: “Tá muid ag dúil go mór le suigh síos gach seachtain agus plé a dhéanamh ar na scéalta tábhachtacha agus craiceáilte a bhíonn ag tarlú go rímhinic.”

In 2025 ainmníodh Mac Íomhair sa chatagóir ‘Iriseoir na Bliana’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais , chomh maith le hainmniúchán dá chlár nuachta ar Raidió Fáilte, Moch ar Maidin, do Shraith Raidió na Bliana.

Mura féidir leat éisteacht beo, beidh an clár ar fáil mar phodchraoladh ar Spotify Raidió Fáilte.