Ní gá dul rófhada leis an duine sa tsráid nó leis an bhfear ar an gcnoc nó leis an mbean ag an tobar nó go dtuigfí duit go bhfuil a fhios acu go bhfuil dlúthghaol idir Éire agus Alba. B’fhéidir nach mbeadh ann ach go bhfuil ‘Loch’ againne agus iad siúd, mar atá Loch nEachach agus Loch Laomainn, nó ‘Beann’ mar atá Beann Éadair agus Beinn Nibheis, nó go bhfuil gach dara ‘mac’ acu siúd ina sloinnte mar atá againn féin.
Níos domhaine ná sin i ndéanaí na hoíche nó i moiche na maidne nuair a bheidh gach aon amhrán eile curtha chun báis tá leathsheans éigin ann go gcrochfaidh duine ‘Mo Ghile Mear’ suas le heolas éigin ar chuid de na focail agus le breacthuairim gur amhrán dóchais agus gríosaithe é ar son duine de na Stíobhartaigh lofa amuigh ansin a bhí ag ullmhú le teacht chun cuidithe linn, mar dhea.

Lasmuigh dhe sin, samhlófar creideamh dubh Cailvíneach le muintir na hAlban agus dílseacht do choróin na Breataine a dtéann dínn a thuiscint inniu. Agus tá fírinne shimplí éigin ag baint leis an méid, óir nuair a déanadh Caitlicigh chearta dínne san 19ú haois agus Cailvínigh dhiana díobh siúd tamall roimhe sin, is amhlaidh gur buaileadh deighilt idir an dá thír nach raibh ann ó dhúchas.
Bhí chomh holc sin go raibh aos áirithe ‘léinn’ in Albain a d’áitigh lándáiríre nach raibh aon bhaint ag an nGàidhlig acu siúd leis an nGaeilge againn féin, ach gur fás nádúrtha aníos as an gceo agus as na móinteáin a bhí inti. Dúirt an scoláire mór Ceilteach, Kenneth Jackson, ar Shasanach é féin, gur nuacht gan dealramh a bheadh sa mhéid sin do phobail na Gaeltachta fairsinge in Albain a thuig go maith gur bhain a dteanga agus a gcuid scéalaíochta le hÉirinn.
READ MORE
Is é nach dtuigtear chomh forleathan sin, cé gur thóg an dá chreideamh Chríostaí clathacha muice duibhe idir an dá mhuintir, nár chuaigh an ceangal ná an bhá sin riamh ar ceal nuair a bhíothas ina ghá.
Leabhar is ea An Fraoch Trí Thine: Micheál Mac Dáibhéid, Conradh na Talún agus Garbhchríocha na hAlban, 1870-1887 le A G Newby (Coiscéim €12.00) a nochtann mar a chuaigh ‘cogadh na talún’ in Éirinn i bhfeidhm ar ‘Strì an Fhearainn’ in Albain agus ar an Eilean Sgitheanach go ró-áirithe.
Cé go raibh difríochtaí suaitheantasacha idir stair na dtuathánach bocht Éireannach agus na croitéirí chomh hainnis céanna Albanach sa dara leath den naoú haois déag, bhí de cheangal eatarthu go rabhadar faoi smacht ag tiarnaí talún a raibh cumhachtaí troma an dlí ar a dtaobh agus gur bhodhar an éisteacht a gheobhadh siad sna hallaí bána.
Ba é Michael Davitt crann seasta agus inneall tiomána Chonradh na Talún abhus idir 1879 agus c.1892 agus is é siúd bunábhar pléite an tsaothair seo, go háirithe na turais a thug sé ar Albain d’fhonn na ndaoine ansiúd faoi leatrom a ghríosú is a mhisniú. Tugann Andrew Newby tuairisc ghonta chruinn ar an gcúlra staire ba bhun leis an droch-chaoi a bhí ar thuathánaigh na nGarbhchríoch ó thuaidh in Albain agus mar a bhí ‘macasamhail Chonradh na Talún na hÉireann ag teacht i gcruth’ ann sna 1880idí. Don té a bhfuil tuairim rómánsúil fós aige do chóras na bhfinte nó na gclanna in Albain mar a léirítear go minic sna scannáin is siúcrúla é, ba cheart go mbainfeadh an tuiscint gur mhinic an ceann fine nó an taoiseach ina thiarna talún tráchtála ag an am seo agus é breá sásta daoine a chur as seilbh ar mhaithe le caoirigh, ba cheart go mbainfeadh sin an mhóráil agus an snas de.
Ceann de na fadhbanna ba mhó a bhí ag ceannairí an phobail agus iad ag iarraidh cearta do na daoine nár leo an talamh ná tabhairt orthu cur i gcoinne an chórais. Duine de na ceannairí sin, Iain MacMhuirich ‘D’aithin sé go raibh drogall ar mhuintir Inse Gall agóid a dhéanamh, ach dar leis, gur bagairt na n-úinéirí talún go n-díbreofaí na croitéirí ba chúis leis, seachas fabhtanna i nádúr na ndaoine.’ Dhein an fear céanna iarracht ar ‘dhlíthe na talún a mhúineadh’ don phobal agus iad a spreagadh ‘chun machnamh ar a staid shóisialta, agus eagrú agus gríosú ar son leasú ar chóras na talún ar deireadh.’
Is anseo ball díreach a tháinig Michael Davitt isteach, óir nuair a thosnaigh na tionóntaithe ar eastáit mhóra ar an Eilean Sgitheanach ar dhul ar stailc agus ar chur i gcoinne arduithe cíosa agus loscadh a gcuid tithe ba é port na n-údarás go raibh ‘croitéirí an oileáin ag fáil ceachtanna ó Chonradh Talún na hÉireann’. Bhí a fhios go maith ag filí agus baird na Gàidhlig, Máiri Mhór nan Óran agus Uilliam MacDhuinnshléibhe cuir i gcás, go raibh aighneas talún in Éirinn, óir ní bhíonn tíortha atá i bhfoisceacht dá chéile chomh glanscartha sin is a cheaptar.
Mar sin, nuair a tháinig Davitt ar chuaird coicíse chun Gàidhealtachd na hAlban i mí Aibreáin 1887 bhíothas réidh ullamh le fáilte mhór a chur roimhe. Bhí sé in Albain roimhe sin in 1882, ach is ar an turas déanach seo a dhíríonn an saothar luachmhar seo, ceann den bheagán leabhar staire atá fós á shaothrú sa Ghaeilge. Ní cúrsaí iontais é gur cuireadh ‘béim ar naisc staire agus cultúir’ rud a chuaigh chun fóinte is leasa ach a chuir sceimhle ar chuid de na nuachtáin bhunaithe. Níorbh é an nasc ba ghaire dá scornach an t-am ar fad amháin a luaigh sé, ach ghabh níos sia nuair a labhair sé go filiúnta mar gheall ar ‘rialtas dúchais d’Albain agus d’Éirinn, náisiúnú na talún, agus cáineadh ar phlean na dTóraithe imirce ó na Garbhchríocha a eagrú’, beart a bhí in airde láin le tamall. Is de shuimiúlacht, leis, gur mhaígh sé dá mbeadh mí eile aige ar an Eilean Sgitheanach ‘I would be able to speak the provincial Gaelic so as to be understood by the crofters.’
Tá an cuntas gairid beacht seo breac le grianghrafanna is le pictiúir ar cuid dhílis den insint iad, ina measc ceann den leacht i nGàidhlig ‘Mar chuimhneachan ar Michael Davitt 1846-1906 fear leasachaidh fearainn an Èirinn agus caraid do chóir nan croitear an Alba’ is a nochtadh sa bhliain 2006 ar an dTeach Ósta ónar labhair sé i mBaile Phort Rígh ar an Eilean Sgitheanach sa bhliain 1887. Táim féin luaite sa nóta buíochais mar dhuine a thug spreagadh don údar tabhairt faoin saothar, rud a tharla i gcomhrá neafaiseach suim bhlianta ó shin, ach is leis an údar féin gach pioc agus gach giob de, mar is léir.
Fuinneog bhunúil inléite dea-scríofa is ea an cuntas seo ar eachtra ar róbhaol é a bheith á ligean i ndearmad, agus meabhrú go bhfuil feidhm le teagasc Davitt i gcónaí, go háirithe nuair atá teaghlaigh á ndíbirt as a n-áit chónaithe ag tiarnaí talún an lae inniu arís.
Foclóir: fraoch = heather
dlúthghaol = close relation
fírinne shimplí = simple truth
macasamhail = counterpart
cáineadh = condemn
coicís = fortnight
neafaiseach = trivial/trite
An t-Eilean Sgitheanach = Isle of Skye














