Focail a bhíonn ina gcónaí leo féin

Ní minic a chloistear feorthainn, totán ná riglí ar na saolta seo…

Bhí an túdar ag stad bus i mBaile Átha Cliath, áit ar tugadh túsáite don Ghaeilge. Grianghraf: Dara Mac Dónaill
Bhí an túdar ag stad bus i mBaile Átha Cliath, áit ar tugadh túsáite don Ghaeilge. Grianghraf: Dara Mac Dónaill

Shíl mé gurbh fhiú díriú inniu ar fhocail a bhíonn in úsáid go hannamh i gcomhthéacsanna dá gcuid féin. Is iontach gur mhair siad mar sin ainneoin gur cailleadh an comhthéacs ina n-úsáidtear iad le linn na staire agus leis an athrú a tháinig ar shaol agus ar chultúr na ndaoine leis na céadtaí bliain. Chan fhuil ach líon beag á bplé anseo ach seans go bhfuil na céadta acu ann. Tá go leor le foghlaim uathu mar sin féin faoi athrú agus faoi bheocht teanga agus seans maith gur cheart athchúrsáil agus athnuachan a dhéanamh orthu sa tsaol chomhaimseartha.

Bhí mé ag stad bus i mBaile Átha Cliath tráthnóna amháin agus bhí amanna na mbusanna ar taispeáint go soiléir os mo choinne amach. Ach cha raibh Béarla ar bith le feiceáil – is i nGaeilge agus i nGaeilge amháin a bhí an t-eolas ar fad. Nuair a bhí mé tamall ag fanacht tháinig triúr ban i láthair – máthair agus beirt iníonach a shíl mé óna gcruithlíocht. Is é an focal ANN a bhí thuas ar taispeáint agus bhí díospóireacht mhór eatarthu cad é an chiall a bhí leis an fhocal seo. D’fhan mise i mo thost. Agus cé gur aithin siad an focal char éirigh leo an chiall cheart a bhaint as. Ach tháinig an bus agus char chuala mé deireadh an scéil ó shin. Focal é a bhí ina chónaí leis féin, arsa mise liom féin. Leagan ciorraithe a cruthaíodh le deireanas é gan amhras agus caithfear cur suas leis is dóiche.

Bhíodh daoine nach raibh mórán talaimh acu ag buachailleacht a gcuid eallaigh amuigh in aibhneacha beaga nach mbíodh uisce ródhomhain iontu.

Ach le pilleadh ar théama an lae, rachaimid ag coraíocht le cuid de na focail atá ina gcónaí leo féin. Is annamh a bhíonn siad in úsáid mar go mbaineann siad le gnéithe ar leith cultúrtha. Tosóidh muid leis an fhocal FEOIRÍN/FEORTHAINN a chiallaíonn féar fada ar leith a raibh an-tóir air go dtí le deireanas i measc feirmeoirí beaga agus bochta.

Ta cuntas maith ag an Ollamh Fergus Kelly ar úsáid an fhéir seo ina leabhar Early Irish Farming:A Window into Ireland’s Agrarian Past (1997). Is fada mar sin an focal a chaitheamh thart i nGaeilge, ach tá tuilleadh le rá fá dtaobh dó go fóill.

Bhí tarraingt mhór ag lucht na Gaeltachta ar an chineál seo féir le pórú a dhéanamh ar thalamh agus ar chuibhrinn i gceantair a raibh ithir bhocht iontu. Is ar imill lochanna agus aibhneacha is mó a fhásann an féar seo áit ar bith a mbíonn uisce ina luí. Féar fada atá ann agus ba ghnás le daoine ligean dó fás ar feadh dhá bhliain nó níos faide sula mbaintí é. Bhíodh sé ar díol ar aontaí i mí Dheireadh Fómhair agus i dtús na Samhna. Is minic a thugtaí féar díge ar an fheoirín fosta. Bhíodh daoine nach raibh mórán talaimh acu ag buachailleacht a gcuid eallaigh amuigh in aibhneacha beaga nach mbíodh uisce ródhomhain iontu. Is cosúil nach bhféadfaí an dlíodh a chur orthu. Bhíodh an féar seo milis ag an eallach. Is minic ansin in áitainmneacha ar fud na tíre gur tugadh feorthainn ar na bruacha a raibh an féar seo ag fás orthu.

Bhí feoirnín mar ainm fosta ar ribe féir tráithnín. ‘Ní fiú tráithnín é’, a deirtear fá rud nach bhfuil maith ar bith ann. Tá gaol fosta idir an focal feoirín/feorainn/feorthainn agus an focal féar ar ndóigh. Tá rian de le fáil san fhilíocht chomh maith.

Focal eile nach gcluinim rómhinic an focal TOTÁN. Sin an t-ainm a bhíodh ag seandaoine ar bhia a bhíodh siad a dhéanamh le sú éisc agus cineálacha mine agus rudaí eile measctha tríd. Seans gur aniar ó am an Ghorta a tháinig an cineál seo anlainn agus ar ndóigh bhíodh an t-iasc fairsing thart ar an chósta. Deirtí go minic ‘Gheobhaidh sé an totán’ agus cé gur léir an bhunbhrí atá leis, measaim gur gaire é don chiall atá leis an fhocal Béarla ‘comeuppance’ in abairt mar seo ‘He’ll get his comeuppance’.

Críochnóidh muid inniu le focal a bhíodh coitianta ag caoradóirí - is é sin RIGLÍ más é sin an litriú ceart ar an fhocal. Sin mar a litríonn Ó Dónall é. Le cur síos ar ainmhithe fireanna a úsáidtear é. Ní bhíonn cumas ag an RIGLÍ ainmhithe óga a ghiniúint. Ridgeling, Rigling agus Rig an t-aistriúchán a thugann Ó Dónaill ina fhoclóir. Tá cuma air gur iasacht ón Bhéarla é. Deirtear liom go bhfuil sé le fáil i nGaeilge Mhaigh Eo agus Dhún na nGall. Ní mórán measa a bhíodh ar an riglí bhocht!

Foclóir

ag coraíocht le = wrestling with

anlann = condiment, sauce

buachailleacht = herding

caoradóir = shepherd

cuibhreann = cultivated field

cruithlíocht = appearance

pórú = breeding, propagation

rian = a trace

tarraingt mhór = a great attraction

tháinig i láthair = arrived on the scene

tóir air = in great demand