Máistir ceirde agus comhoibre

Labhraíonn an t-aisteoir Seán T Ó Meallaigh faoina ainmniúchán mór IFTA.

Seán T Ó Meallaigh: "...caithfidh tú a bheith in ann brath ar do dhearcadh féin ar do chuid oibre.”
Seán T Ó Meallaigh: "...caithfidh tú a bheith in ann brath ar do dhearcadh féin ar do chuid oibre.”

I rang Pilates a bhí Seán T. Ó Meallaigh nuair a ainmníodh é ar ghearrliosta ‘Aisteoir na Bliana’ na ngradam IFTA taobh le Paul Mescal agus Andrew Scott.

“Fuair mé teachtaireacht ó mo mháthair agus mé díreach ag dul isteach: ‘Aontas agus Carrie Crowley ainmnithe!…’ Bhí mé sa rang ag rá ‘ah, brilliant! Delighted do Carrie. Agus an scannán! Ainmnithe don Scannán is Fearr! Beidh daoine ag breathnú air! Brilliant!’”

Agus a uaireadóir ag bípeáil i gcaitheamh an ranga áfach, thuig sé go raibh scéal eile ann. “Tháinig mé amach agus bhí na teachtaireachtaí seo ar fad ag rá ‘omg!’ ‘ar bís duit!’ É sin ar fad ráite, ní faoi ghradaim atá sé!”

Má labhraíonn tú le haisteoir ar bith déarfaidh siad go bhfuil i bhfad níos mó craic le baint as na <i>baddies </i>ná na <i>goodies</i>!

Tá Seán ainmnithe as ról in Aontas leis an stiúrthóir Damian McCann, scéal triúr ban a dhéanann Comhar Creidmheasa a robáil. “Tá sé scríofa ag Damian agus a bhean chéile Sarah. Tá sé thar a bheith cliste! Ach ní díreach ar mhaithe le bheith éagsúil. Tá fáthannaí ann a bhaineann leis an scéal é féin agus leis na téamaí ann.”

Míníonn sé go giodamach mar a d’fhiafraigh Damian dá mháthair, a d’oibrigh i gComhar Creidmheasa sna 70idí, ar robáladh an áit riamh. “‘Absolutely!’ ar sí ‘And if I was gonna do it I’d do it on loans day!’”

Sholáthraigh Aontas deis sa gcaoi go bhfuil nimh áirithe sa gcarachtar nach samhlófá le Seán de ghnáth. “Is dócha gurb é an cineál typecasting atá agam ná carachtairí deasa… naofa! Go háirithe Naomh Pádraig!” (Ról ina raibh sé faoi thrí anois).

Is dócha go bhfuil dáiríreacht áirithe ag gabháil le Naomh náisiúnta na tíre, ach tá bealach éadromchroíoch gealgháireach ag Seán féin. Caitear scáth ar a ghruanna arda faoi shoilse teolaí na clúide ina bhfuil muid suite áfach, agus b’éasca a shamhlú go bhféadfadh sé dorchadas a chur in iúl freisin. “Má labhraíonn tú le haisteoir ar bith déarfaidh siad go bhfuil i bhfad níos mó craic le baint as na baddies ná na goodies!”

Agus ceird na haisteoireachta á plé againn, déantar athrá ar théamaí áirithe: cumarsáid, mothúcháin, mar a chuireann Joaquin Phoenix an líne ‘I am terribly vexed’ in iúl in Gladiator, agus comhbhá - ar scáileán agus sa bhfíorshaol. “Tá drochnós agam a bheith mar cineál apologist uaireanta. Go minic caithfidh mé stop a chur le bheith ag samhlú céard atá ag dul ar aghaidh do dhuine eile. Is dócha go bhfuil sin ceangailte leis an aisteoireacht mar go mbíonn tú ag iarraidh daoine a thuiscint: céard é le bheith ag breathnú ar an saol trí na súile atá acu.

Tá leochaileacht agus misneach araon ag teastáil i ngairm an aisteora, gort ina bhfuil Seán ag saothrú ó bhí 2001 ann. “Bheadh sé go hiontach dá mba rud é go raibh níos mó aiseolais ar fáil…ach caithfidh tú a bheith in ann brath ar do dhearcadh féin ar do chuid oibre. Gan a bheith ag dul ó rud amháin go rud eile leis an ngaoth like ‘do you love me?!’”

Is deacair a bheith ar nós cuma liom faoi aiseolas nuair atá do ghairm ag brath ar éisteachtaí áfach. “Bhí tráth ann go raibh mé tar éis b’fhéidir 30 selftape a dhéanamh thar dhá bhliain agus ní bhfuair mé jab ar bith astu. Bhínn ar an nguthán ag rá ‘féach, táim chun rud éigin eile a dhéanamh’.”

Caithfidh sé go bhfuil cúis ar leith ag aisteoirí fanacht inti. Luann sé go ceanúil a chomhchruthaitheoirí. Insíonn sé scéal inar sádh Tunnock’s Tea Cake i lámh stiúrthóra ar seit Aontas: gníomh cúraim ar lá fada taifeadta. “Bíonn sé uaigneach mar obair. Mar fhear tá mé go dona ag déanamh cairde nó ag coinneáil i dteagmháil le daoine. Níl mé go maith ag seoladh an téacs sin. Nuair a fhaigheann tú jabannaí, cabhraíonn sé caidrimh a láidriú.”

Filleann muid ar phointe an aiseolais. Aiseolas ann féin é an chaoi ar roghnaíodh é don scannán seo. “Chuir Damian ceist orm a bheith páirteach - rud a tharlaíonns uaireanta, nach gá éisteacht a dhéanamh. Bhí mé an-bhuíoch.”

Agus is aiseolas ar leith é ainmniúchán IFTA a fháil freisin. Suíonn Seán leis an smaoineamh sin ar feadh meandair. “Is dócha gurb ea.” Éacht nach beag a bheith ainmnithe taobh le réaltaí idirnáisiúnta, léiriú go bhfuil máistreacht a cheirde aige. Is minic nach n-aithníonn muid ár mbuanna féin, go háirithe agus muid dírithe ar an gcomhobair, mar atá Seán T. Nuair a rinne mé teagmháil leis faoin agallamh seo, a fhreagra láithreach ná: “Tá ríméad orm don bhfoireann ar fad. Súil agam go gcabhróidh sé leis an scannán lucht féachana a aimsiú!”

Bronnfar na gradaim IFTA an 20 Feabhra.