Mná How to Gael ar an bhóthar arís

Thall is Abhus: Mná How to Gael, Margadh Gaeilge, Áras na nGael agus Courteney Luttick.

How to Gael: Louise Cantillon, Doireann Ní Ghlacáin agus Síomha Ní Ruairc.
How to Gael: Louise Cantillon, Doireann Ní Ghlacáin agus Síomha Ní Ruairc.

Mná How to Gael ar an bóthar arís

Tá How to Gael ar an phodchraoladh dátheangach is mó sa tír ag an bhomaite agus is cinnte go bhfuil cúis mhaith leis sin. Tógann an triúr (Doireann Ní Ghlacáin, Louise Cantillon agus Síomha Ní Ruairc) an lucht éisteachta ar aistear nua ‘how to’ gach seachtain le haíonna speisialta agus scéalta greannmhara.

D’imigh na mná ar camchuairt ag tús na bliana anuraidh, turas mór inar thug siad aghaidh ar na Stáit Aontaithe agus Ceanada chomh maith le seónna ar fud na hÉireann. D’fhógair siad ar na mallaibh go bhfuil seó nua curtha le chéile acu agus camchuairt úr ar na bacáin, agus beidh siad ag stopadh i bPáras na Fraince don chéad seó an Aoine bheag seo, 20 Feabhra.

Ceithre sheó bheo a bheidh ar siúl le linn na camchuairte seo ‘Le Gealaí’, agus tá sé ar intinn ag na mná ceiliúradh a dhéanamh ar an fheimineachas comhaimseartha. Tabharfaidh siad aghaidh ar shráideanna Londan an 13 Márta, beidh spraoi acu i gCathair Chorcaí an 28 Márta, agus cuirfidh siad clabhsúr leis an turas an 5 Aibreán (Domhnach Cásca) le ‘Cóisir na Cásca’ in Amharclann an Ambasadóra, Sráid Uí Chonaill, BÁC.

Is féidir do thicéad a cheannach ar ticketmaster.ie (€39.90) nó trí Linktree How to Gael atá ar fáil ar Instagram @howtogael.

Béal Feirste ar chárta de chuid Connect the Dots Design
Béal Feirste ar chárta de chuid Connect the Dots Design

Margadh gleoite Gaeilge ‘I Lár an Aonaigh’

Níl Seachtain na Gaeilge i bhfad uainn anois agus tá imeacht iontach eagraithe ag Conradh na Gaeilge chun tús ceart a chur leis an fhéile i lár Bhéal Feirste. Beidh margadh Gaeilge ‘I Lár an Aonaigh’ ar siúl idir 10am agus 1pm Dé Domhnaigh 1 Márta 2026 le cuid de na healaíontóirí agus na dearthóirí Gaelacha is fearr sa tír – Connect the Dots Design (sa phictiúr), Aclaí Palestine, Píosa Císte, Grace Ní Mhealláin, Bia Loch Lao, Eamonn McCrory, Kitsch Sisters agus níos mó ar an lá.

Deis ar dóigh a bheidh san imeacht seo tús Sheachtain na Gaeilge a cheiliúradh, tacú le healaíontóirí Éireannacha agus cúpla féirín Gaelach a cheannach. Is in Conway Mill a bheidh an margadh ag titim amach agus mar sin beidh deis ag an lucht freastail blaiseadh a fháil de Cheathrú Ghaeltachta na cathrach chomh maith, bíodh sé sin trí chupán tae a fháil i gCaifé Áras Uí Chonghaile nó trí chúpla focal Gaeilge a úsáid i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Beidh fáilte roimh chách beag beann ar an leibheál Gaeilge atá agat. Ná caill é!

Jamie Colbourne, fear óg a fuair bás go tobann i bPerth na hAstráile i mí Lúnasa 2025.
Jamie Colbourne, fear óg a fuair bás go tobann i bPerth na hAstráile i mí Lúnasa 2025.

Ócáid charthanachta Croí i gClub Áras na nGael

Beidh ócáid speisialta tiomsaithe airgid ar siúl i gCathair na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo i ndilchuimhne ar Jamie Colbourne, fear óg a fuair bás go tobann i bPerth na hAstráile i mí Lúnasa 2025. Ba as Contae an Chabháin do Jamie ó dhúchas ach chaith sé tréimhse mhaith ina chónaí agus ag obair i nGaillimh sular thug sé faoin taisteal timpeall an domhain.

Dhá oíche lán ceoil atá beartaithe san Áras le clár den scoth mar chuid den ócáid. Is iad Rob Rua agus Cormac Geraghty a bheidh ag seinm ar an Aoine agus tabharfaidh NoVendors, Swallow Sorrow, Cloven Sails agus níos mó aghaidh ar an stáitse oíche Dé Sathairn. Tabharfar gach brabús ón dá oíche don charthanacht Croí, a dhéanann obair ríthábhachtach ag tacú le daoine agus le teaghlaigh atá buailte ag galar croí agus stróc ar fud na tíre.

Dúirt Bainisteoir Chlub Áras na nGael, Seán Seoighe: “Is mór an onóir dúinn an bailiúchán seo a reáchtáil i gcuimhne ar Jamie. Ba dhuine fíor-mhaith é a raibh tionchar dearfach aige ar go leor daoine. Tá súil againn go dtabharfaidh an ócáid seo daoine le chéile chun a chuimhne a cheiliúradh agus chun tacú leis an obair iontach atá á déanamh ag Croí.”

Tá ticéid ar fáil ar shuíomh gréasáin Chlub Áras na nGael www.clubarasnangael.clubforce.com agus moltar do dhaoine iad a cheannach roimh ré.

Courteney Luttick
Courteney Luttick

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Courteney Luttick

Tháinig mé ar 29 Design by Courteney nuair a bhog mé isteach i dteach úr anuraidh. Bhí mé ag iarraidh priontaí Gaelacha a cheannach ó bhranda beag Éireannach, agus anois tá 29 Design by Courteney ar cheann de na brandaí is ansa liom gan dabht. Bheadh ealaín Courteney foirfe do dhuine ar bith as Dún na nGall, do dhaoine a bhfuil grá acu do Dhún na nGall, nó do dhaoine a chaith cuid mhór dá n-óige i nDún na nGall cosúil liom féin.

Tá priontaí aici de na sainchomharthaí agus de na brandaí is aitheanta agus is mó le rá ó Dhún na nGall (An Earagail, Football Special, 4 Lanterns mar shampla) agus cártaí gleoite greannmhara a bhfuil go leor acu i nGaeilge. Déanann Courteney dearaí pearsantaithe cosúil le cuirí bainise agus cártaí gnó chomh maith.

Caith súil ar a suíomh ag www.29designbycourteney.com.