An dá thaobh de scéal na méaraí tofa

Is ceannródaí í cathair agus contae Luimnigh do choincheap an mhéara tofa in Éirinn.

Méara John Moran, ina oifig i Luimneach. Grianghraf: Alan Betson
Méara John Moran, ina oifig i Luimneach. Grianghraf: Alan Betson

Bhí Scéal faoi Dhá Chathair ar cheann de na húrscéalta mór le rá a scríobh Charles Dickens sa 19ú haois. Ba iad Londain agus Páras an dá chathair a bhí i gceist.

Tá leagan polaitíochta den scéal sin le brath faoi láthair ar bhealach maidir leis an méid atá ag titim amach i Luimneach agus i Manchain Shasana. An rud atá i gcoiteann ag an dá chathair ná go bhfuil méara tofa acu - Andy Burnham i Manchain agus John Moran i Luimneach. Ach a mhalairt ar fad toradh an dá scéil.

Toghadh Burnham beagnach naoi mbliana ó shin. Tá cumhachtaí leathana aige maidir le tithíocht, iompar, póilíneacht, pleanáil, agus straitéis forbartha. Toghadh Moran in 2024 agus cé go bhfuil roinnt cumhachtaí feidhmiúcháin aige níl siad leagtha amach go grinn. Chomh maith leis sin is cinnte go bhfuil cumhachtaí Moran ag teacht salach, ní hamháin ar an 40 comhairleoir i Luimneach, ach ar bhainistíocht sheasta an chontae chomh maith, go háirithe an stiúrthóir feidhmeannach.

Comhairle Contae Luimnigh: toghadh John Moran ina mhéara in 2024. Grianghraf: Don Moloney
Comhairle Contae Luimnigh: toghadh John Moran ina mhéara in 2024. Grianghraf: Don Moloney

Is ceannródaí í cathair agus contae Luimnigh do choincheap an mhéara tofa in Éirinn. Níos mó na deich mbliana ó shin rinne an tAire Comhshaoil ag an am, Phil Hogan, iarracht ar ról méara tofa do Bhaile Átha Cliath a bhunú. Tugadh an cinneadh cinniúnach do na ceithre údarás áitiúla sa phríomhchathair. Mar a tharla sé, thacaigh trí cinn acu leis an togra, ach dhiúltaigh Comhairle Contae Fhine Gall dó. Agus dá dheasca sin, caitheadh an togra i dtraipisí.

Ba é an cuspóir polaitiúil taobh thiar de ná cumhachtaí áirithe a aistriú ón rialtas láir go dtí an rialtas áitiúil. Den chéad uair bheadh duine ceaptha chun an chathair a stiúradh, ní hamháin ar bhonn siombalach, mar a tharlaíonn faoi láthair, ach ar leibhéal feidhmiúcháin. I bhfocail eile, samhlaíodh méara a mbeadh fíorchumhachtaí aige nó aici chun tionchar a imirt ar chruth agus ar threoir na cathrach.

Tar éis dóibh diúltú don smaoineamh i mBaile Átha Cliath, díríodh ina ionad ar bhallóidí pobalbhreithe maidir le méaraí tofa i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i Luimneach. Diúltaíodh don gcoincheap i gCorcaigh agus i bPort Láirge le beagán vótaí, ach glacadh leis i Luimneach, arís le farasbarr fíorbheag.

Mar thoradh air sin, tugadh reachtaíocht nua isteach in 2023 chun ról an mhéara tofa a chur ar an bhfód i Luimneach, agus bronnadh réimse suntasach cumhachtaí ar an oifig. Tharla an toghchán ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla in 2024 agus spreag sé spéis mhór. Bhí scata mór iarrthóirí láidre sa chomórtas. Ba é an t-iarrthóir neamhspleách John Moran a chroch an lá leis.

Méara Mhanchain, Andy Burnham. Grianghraf: Peter Byrne/PA Wire
Méara Mhanchain, Andy Burnham. Grianghraf: Peter Byrne/PA Wire

Ní polaiteoir gairmiúil é Moran. D’oibrigh sé san earnáil phríobháideach agus cheap an tAire Airgeadais Michael Noonan é mar Ard-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais in 2011.

Mar mhéara, tugadh cumhachtaí feidhmiúcháin dó. Tá freagracht dhíreach aige maidir leis an bplean forbartha cathrach agus contae. Tá maoirseacht aige ar phleananna tithíochta, agus cumhachtaí a bhaineann leis an gcóras iompair chomh maith. Ba chóir a mheabhrú go gcuimsíonn Comhairle Luimnigh an contae ar fad anois, ní an chathair amháin.

Ach i gcomparáid le Manchain tá na cumhachtaí teoranta go maith. Tá cumhachtaí fairsinge díláraithe ag Andy Burnham. Tá sé i gceannas ar an gcóras iompair sa réigiún, lena n-áirítear seirbhísí bus. Ina theannta sin, eisean atá i bhfeighil ar phóilíneacht agus ar an tseirbhís dóiteáin. Tá cúrsaí tithíochta agus athnuachana faoina smacht chomh maith. Tá buiséad os cionn €3 bhilliún faoina chúram.

Fadhb bhunúsach eile leis an socrú i Luimneach ná go bhfuil easpa soiléireachta ann maidir le cumhachtaí an mhéara i gcomparáid le cumhachtaí an 40 comhairleoir tofa.

Den chéad uair bheadh duine ceaptha chun an chathair a stiúradh, ní hamháin ar bhonn siombalach…ach ar leibhéal feidhmiúcháin.

Tá feidhmeanna ag na comhairleoirí: is féidir leo, mar shampla, rátaí na cánach maoine áitiúla a shocrú. Tá ról tábhachtach acu maidir le tithíocht agus pleanáil. Gan dabht is léir go bhfuil siad ag teacht salach ar a chéile.

Tháinig na deacrachtaí agus teannas sin chun solais níos luaithe sa mhí le linn cruinniú den chomhairle a mhair seacht uair an chloig. D’fhág Moran an cruinniú tar éis cúig uair an chloig nuair a d’éirigh sé breoite go tobann. Fad is a bhí sé as láthair, vótáil na comhairleoirí ar son plean a bhí a fhios acu a bhí contrártha leis an bplean a bhí leagtha amach ag Mórán. Tháinig an ghéarchéim chun cinn.

Bhí teannas eile ann chomh maith. I mí Eanáir, scríobh mo chomhghleacaí Cormac McQuinn go raibh easaontas agus teannas idir Moran agus príomhfheidhmeannach Chomhairle Luimnigh. An comhthéacs ná clamhsáin a rinne Moran faoin margadh Nollag a bhí ar na bacáin. Ach ba chuid é sin de dhíospóireacht níos leithne faoin idirdhealú atá idir cumhachtaí Moran agus cumhachtaí na bainistíochta seasta.

Graifítí ar bhalla i Manchain, Sasana. Grianghraf: Christopher Furlong/Getty Images
Graifítí ar bhalla i Manchain, Sasana. Grianghraf: Christopher Furlong/Getty Images

An argóint atá curtha chun cinn ag Moran ná nach bhfuil an chomhairle tar éis dul in oiriúint go leor don saol nua. Is é sin gur cheart an chomhairle a bheith á stiúradh ag an gcéad mhéara in Éirinn a toghadh go díreach.

Bhain cuid mhór den díospóireacht anuraidh le tuairimí éagsúla faoi gcaoi dul i ngleic leis an nganntanas tithíochta i Luimneach. Tá Moran go mór ar son úsáid tithe modúlacha chun an ghéarchéim a mhaolú. Mar sin féin, tá cáineadh géar déanta ag roinnt comhairleoirí ar a mholadh i dtaca le talamh a úsáid i dTobar Phádraig chun tithíocht a chur ar fáil.

An bhreith atá ag Willie O’Dea, Teachta Dála a bhfuil blianta caite aige ag déanamh ionadaíocht ar son Luimnigh, ná nach bhfuil an reachtaíocht ag gníomhú i gceart agus tá cumhachtaí Moran, na gcomhairleoirí agus na bainistíochta seasta ag teacht salach ar a chéile.

I gcodarsnacht, tá an oiread sin gaiscí bainte amach ag Burnham le blianta beaga anuas go bhfuil sé á lua go hoscailte anois mar dhuine a d’fhéadfadh teacht i gcomharbacht ar Keir Starmer mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre — agus b’fhéidir mar phríomh-aire na Breataine amach anseo.

Is polaiteoir snasta é Burnham ach tá na cumhachtaí cuí aige. In Éirinn, tá mé ag ceapadh go mbeidh drogall ar chathracha eile méara tofa a bheith acu agus fios acu ar scéal diúltach Luimnigh.

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times