An t-antoisceachas trasatlantach

Má éiríonn leo dul chun cinn a dhéanamh ó Thuaidh, cén ról a bheadh ag Turning Point ar an talamh?

Erika Kirk, baintreach Charlie Kirk: Tá sí le cuairt a thabhairt ar Thuaisceart Éireann mar chuid de chamchuairt Eorpach atá beartaithe aici. Grianghraf: Kenny Holston/The New York Times
Erika Kirk, baintreach Charlie Kirk: Tá sí le cuairt a thabhairt ar Thuaisceart Éireann mar chuid de chamchuairt Eorpach atá beartaithe aici. Grianghraf: Kenny Holston/The New York Times

Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil sé i gceist ag Erika Kirk cuairt a thabhairt ar Thuaisceart Éireann go luath mar chuid de chamchuairt Eorpach atá beartaithe aici chun craobhacha dá heagraíocht, Turning Point, a bhunú, agus le tógáil ar phróifíl na hoibre atá á déanamh aici ar bhonn idirnáisiúnta.

Ní fios sonraí an turais ach tá cuid mhór cainte spreagtha ag na tuairiscí.

Is baintreach Charlie Kirk í Erika, an fear a feallmharaíodh nuair a scaoileadh é agus é i mbun óráide ag ollscoil in Utah SAM i mí Mheán Fómhair anuraidh. Ba é Charlie a bhunaigh Turning Point agus é fós ina dhéagóir. Laistigh de chúpla lá ón dúnmharú, ceapadh Erika Kirk ina Príomhfheidhmeannach ar an eagraíocht agus tá sí i ndiaidh ardphróifíl a bhaint amach di féin sna meáin, ag maíomh go bhfuil sí ag tógáil ar obair a fir céile.

Déanann Turning Point cur síos orthu féin mar “mheitheal mhachnaimh” agus cé gur bunaíodh é mar eagraíocht neamhbhrabúsach in 2012, saothraíonn sé breis agus $90 milliúin sa bhliain trí thabhartais agus trí thiomsú airgid. Cuireann an eagraíocht dearcthaí láidre coimeádacha chun cinn atá ag teacht le bunúsaíochas Críostaí na heite deise. Tá tionchar mór ag an eagraíocht ar an Pháirtí Poblachtach agus tá siad an-ghlórach ar cheisteanna sóisialta agus polaitíochta sna Stáit Aontaithe.

Roinneann Erika Kirk tuairimí láidre maidir le mná a bheith ag fanacht sa bhaile chun clann a thógáil ina 20idí luatha in áit freastal ar ollscoil nó gairm dá gcuid féin a bheith acu.

Is é Ian Paisley Jr, iar-Fheisire Parlaiminte de chuid an DUP do Thuaisceart Aontroma, an pointe teagmhála atá ag Turning Point maidir le craobh den eagras a bhunú ó Thuaidh. Tuairiscítear go raibh na cainteanna faoin chraobh faoi lán seoil roimh dhúnmharú Charlie Kirk ach gur cuireadh na pleananna ar athló i ndiaidh a bháis.

…mhol Státrúnaí na Stát Aontaithe Marco Rubio ‘muintir bhródúil chroíúil Uladh a mhúnlaigh teorainneacha Mheiriceá…

Is céim nua é seo sa chaidreamh fadbhunaithe atá idir an pobal aontachtach, go háirithe an DUP, agus gnéithe áirithe den Pháirtí Poblachtach sna Stáit Aontaithe. Tá naisc ag Paisley Jr. le rialtas Trump le fada an lá, agus tá ráite ag an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly ón DUP go bhfuil sé i gceist aici freastal ar ócáidí sa Teach Bán ar Lá Fhéile Pádraig. Seo ag am a bhfuil cuid mhór polaiteoirí eile ag iarraidh spás a chruthú idir féin agus rialtas na Stát Aontaithe, ar go leor fáthanna.

Chomh maith leis seo, fógraíodh anuraidh go raibh sé i gceist ag an Aire Pobal Gordon Lyons ón DUP £250,000 a chur ar fáil i bhfoirm deontas chun comóradh a dhéanamh ar an 250 bliain ó bhí Réabhlóid Mheiriceá ann. Nuair a eisíodh na tionscadail rathúla an mhí seo caite, bhí thart fá £425,000 le bronnadh ón chiste USA-NI250, gan aon tagairt don ardú buiséid de £175,000. Ar ndóigh tá srianta buiséid ag cur isteach ar go leor tograí eile, go háirithe i Roinn an Aire féin, an Roinn Pobal.

Agus é ag caint sa Ghearmáin le déanaí, mhol Státrúnaí na Stát Aontaithe Marco Rubio “muintir bhródúil chroíúil Uladh a mhúnlaigh teorainneacha Mheiriceá”. Rinne sé tagairt d’ainmneacha ar nós Davy Crockett, Mark Twain, Teddy Roosevelt and Neil Armstrong mar dhaoine a raibh fréamhacha Ultacha acu. Is cosúil go ndéanann ráitis mar seo an tuairim a láidriú gur fiú agus gur cóir na naisc a neartú nuair is féidir.

Iarracht eile atá i gcuairt Kirk láidriú a dhéanamh ar na ceangail atá ag daoine áirithe sa Tuaisceart le tuairimí na heite deise thall agus stíl pholaitíochta Donald Trump. Má éiríonn leo dul chun cinn a dhéanamh ó Thuaidh, cén ról a bheadh ag Turning Point ar an talamh?

Imríonn Turning Point tionchar mór ar chúrsaí polaitíochta sna Stáit Aontaithe, agus dá ndéanfaí a leithéid de mhúnla a fhorbairt anseo, is dócha gurb iad na páirtithe aontachacha amháin (an DUP agus an TUV go príomha) a bheadh oscailte don teachtaireacht. Meallann Turning Point fir óga go háirithe chun ‘baile’ polaitíochta a thabhairt dóibh atá ag teacht leis na tuairimí atá acu maidir leis an Chríostaíocht, róil thraidisiúnta na n-inscní, úsáid gunnaí, daoine tras-inscne agus aon rud a mhothaíonn siad atá ar an eite chlé nó ‘woke.’

Is sampla é Turning Point den antoisceachas polaitíochta ag bailiú nirt i measc na hóige. Tá sé ag éirí níos deacra ar an Pháirtí Poblachtach éilimh na heagraíochta a shásamh agus iad a choinneáil ar bord leis an chlár rialtais atá acu.

Ní hionann Turning Point Mheiriceá agus gnáthchraobhacha de chuid gluaiseachtaí óige polaitíochta eile.

Níl mórán suime acu ina bheith ag obair lámh ar láimh le páirtithe polaitiúla chun spriocanna a bhaint amach. Meallann craobhacha Turning Point a gcuid urlabhraithe féin agus cuireann siad brú polaitiúil orthu siúd a bheadh ag tacú leo go traidisiúnta.

Agus iarrachtaí á ndéanamh stíl agus cur chuige polaitíochta na Stát Aontaithe a iompórtáil, tá seans ann go dtiocfadh méadú ar na fadhbanna agus ar na deacrachtaí a bhaineann leis sin dá réir.

Foclóir:

Tuairiscíodh = it was reported

camchuairt = tour

sonraí = details

dúnmharú = dúnmharú

anuraidh = last year

an pobal aontachtach = the unionist community

antoisceachas = extremism